Cine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceithre éicitíopa de shaghsanna éagsúla

Roinn idirdhealaithe gné, suntasach ó thaobh na bitheolaíochta, agus na difríochtaí idir na ciní níos mó ná na héagsúlachtaí taobh istigh díobh. Is áisiúil an coincheap é le cur síos ar na héagsúlachtaí i gcuid mhaith plandaí is ainmhithe, mar is féidir glacadh le cine mar fhoghné, ach ní fiú dada é maidir le héagsúlachtaí bitheolaíocha i ndaoine.

Na patrúin éagsúlachtaí i measc daoine, is patrúin taobh istigh de ghrúpa go mórmhór iad, agus ní féidir teorainneacha soiléire a tharraingt idir grúpaí. Mar sin, bíodh is go bhfuil coincheap na gciní daonna ann le fada fada, agus go maireann fós, níl sé i gcomhréir le haon chatagóir bhitheolaíoch.

Éiríonn difríochtaí bitheolaíocha idir grúpaí nuair a bhíonn na daonraí síolraithe scoite amach óna chéile ar feadh i bhfad. Ach tá teagmháil ar siúl idir na grúpaí éagsúla daoine ó lár na ré Pléisticéiní ar a laghad, timpeall 600,000 bliain ó shin. Is mó leithne na teagmhálacha le 500 bliain anuas le trádáil, coilíniú, imirce is taisteal. Mar sin, bíonn na cistí géinte ar féithbhogadh an t-am ar fad, agus is beag na codarsnachtaí idir daonraí i gcomparáid lena n-éagsúlachtaí inmheánacha.

Sna ranguithe ciníocha traidisiúnta leagtar béim ar ghnéithe seachtracha, cosúil le dath an chraicinn nó saghas na gruaige, ach na gnéithe bunúsacha eile atá cinntithe go géiniteach, cosúil le cineálacha fola is malairtí einsímí, is ionann iad seo trasna na ranguithe traidisiúnta.

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Haemaglóibin: Buaileann ainéime chorráncheallach daoine gorma amháin.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 135.