Cathal Goulding

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
IRA Oifigiúil, cuimhneachán i mBéal Feirste

Bhí Cathal Goulding (2 Eanáir 1923 - 28 Nollaig 1998) ina Cheann Foirne ar an IRA agus ar an IRA Oifigiúil.

Bhí sé ar dhuine den seachtar clainne a saolaíodh do lánúin Phoblachtach i mBaile Átha Cliath. Ní raibh ann ach déagóir, nuair a chuaigh sé i bhFianna Éireann, óg-eagraíocht an IRA. Nuair a shlánaigh sé seacht mbliana déag d'aois sa bhliain 1939, chuaigh sé ar aghaidh san IRA féin.

Sa bhliain 1945, bhí sé páirteach sna hiarrachtaí chun an tIRA a chur ar bun arís, chomh fannlag agus a bhí an eagraíocht fágtha ag an gcath a chuir údaráis an dá stát in oileán na hÉireann uirthi. Bhí sé ar dhuine den chúigear is fiche a tháinig le chéile i dteach tábhairne Uí Néill i Sráid an Phiarsaigh leis an IRA i mBaile Átha Cliath a atosú. Chóirigh sé an chéad chruinniú náisiúnta do ghníomhaígh an IRA i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1946. Nuair a rinne an Garda Síochána ruathar ar an gcruinniú, rugadh air in éineacht le John Joe McGirl agus deichniúr eile, agus gearradh dhá mhí déag príosúnachta air.

Nuair a scaoileadh saor é arís, chuaigh Goulding ag eagrú campaí traenála don IRA sna sléibhte i gContae Átha Cliath. Sa bhliain 1953, rinne sé in éineacht le Seán Mac Stiofáin agus Mánus Canning ruathar ar scoil traenála oifigeach a bhí Arm na Breataine a reáchtáil i bhFelstead, Essex, le hairm a ghoid. An uair seo, fuair an triúr acu téarma príosúnachta ocht mbliana, ach scaoileadh saor iad sa bhliain 1958, nuair nach raibh ach cúig bliana curtha isteach acu.

Sa bhliain 1959, rinneadh Ceathrúmháistir Ginearálta de Goulding, agus sa bhliain 1962, bhí sé ina Cheann Foirne. I bhFeabhra sa bhliain 1966, rugadh air agus ar Sheán Garland in éineacht, ó bhí siad i seilbh gunnáin agus muinisin.

I mí Lúnasa sa bhliain 1969, d'eisigh Goulding ráiteas, inar impigh sé ar fhórsaí armtha na hÉireann Tuaisceart Éireann a ionsaí leis na Caitlicigh áitiúla a chosaint ar na Dílseoirí.

Bhí Goulding an-ghníomhach ag iarraidh idé-eolaíocht na heite chlé a scaipeadh i measc an IRA sna seascaidí. Ní raibh sé sásta leis an dóigh a raibh an tIRA ag staonadh ón saol polaitíochta, agus chuaigh sé i dtuilleamaí an Mharxachais leis na Trioblóidí a anailísiú. Bhí sé inbharúla go raibh an stát Gallda d'aonturas ag scaradh an lucht oibre Caitliceach agus Protastúnach ó chéile tríd an seicteachas a chothú ina measc, ionas nach gcuirfidís le chéile lena bhfíor-dhúshaothróirí buirgéiseacha a chur ó chumhacht.

Dhiúltaigh an chuid ba mhó den IRA an anailís seo go hiomlán. Chuir siadsan an tIRA Sealadach ar bun sa bhliain 1969 agus mar sin, tháinig scoilt ar an IRA.

Lean Goulding leis ina Cheann Foirne ar an IRA Oifigiúil go dtí an bhliain 1972. Ar dtús, bhí "na hOifigiúlaigh", chomh maith leis na Sealadaigh, ag cur catha ar na Sasanaigh agus ar na Dílseoirí, ach bhí Goulding den tuairim nach raibh an ghleic armtha ach ag cur le scoilt an lucht oibre. I bhfianaise an tsamhnais a chuir marú saighdiúra Shasanaigh i nDoire agus buamáil na mbeairicí in Aldershot ar an saol mór, d'fhógair an tIRA Oifigiúil sos cogaidh sa bhliain 1972.

Bhí Goulding chun tosaigh sna hiarrachtaí chun páirtí dlisteanach Sóisialach - Páirtí na nOibrithe - a dhéanamh de Shinn Féin Oifigiúil. Mar sin féin, sa bhliain 1992, chuir sé in iúl go raibh sé míshásta leis na leasuithe polaitiúla a bhí á moladh ag Proinsias De Rossa, cathaoirleach an pháirtí. Iar-Phoblachtánach míleata ab ea de Rossa agus é iompaithe ina shíochánaí agus ina athbhreithniúchaí. I ndiaidh do de Rossa páirtí úr an Daonlathais Chlé a fhoirmiú, d'fhan Goulding ina pháirtí féin, ó bhí sé den tuairim go raibh de Rossa i ndiaidh an iomarca den sóisialachas a thabhairt suas, agus nach raibh sé ach ag iarraidh oifig pholaitiúil a bhaint amach dó féin.

Ag éirí sean dó, chaitheadh Goulding an chuid ba mhó dá am ina theach fóillíochta "The Schemer" i gContae Cheatharlach. Fuair sé bás le hailse i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé sé bliana déag is trí scór d'aois.

Bhí sé bliana déag dá shaol caite aige i bpríosúin na hÉireann is na Ríochta Aontaithe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]