Daniel O'Donnell
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Nollaig 1961 64 bliana d'aois Cionn Caslach, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí |
| Tréimhse oibre | 1980 – |
| Seánra | Ceol tuaithe |
| Cineál gutha | Teanóir |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Teaghlach | |
| Céile | Majella O'Donnell |
Gradam a fuarthas | |
| Suíomh gréasáin | danielodonnell.org |
Is amhránaí as Tír Chonaill é Daniel O'Donnell (a rugadh ar an 12 Nollaig 1961) ó Chionn Caslach i gContae Dhún na nGall. Ó thosaigh sé ag ceol sna 1980idí, tá clú agus cáil air in Éirinn agus thar lear.
Tá an t-amhránaí le feiceáil i gcónaí ar TG4, mar shampla ina shraith cheoil Opry le Daniel.[1]


Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1983 shocraigh O’Donnell a thaifead féin a dhéanamh. Ar 9 Feabhra 1983, thaifead sé a chéad singil, "My Donegal Shore" le Johnny McCauley, le £1,200 dá airgead féin, ag díol na gcóipeanna uile é féin. N
Níos déanaí an bhliain sin, bhunaigh sé a ghrúpa féin, Country Fever. agus ansin grúpa eile, The Grassroots. I 1985, chonaic bainisteoir an lipéid Ritz, Mick Clerkin, O'Donnell agus chuir sé Seán Reilly in aithne dó, atá fós mar bhainisteoir air go dtí an lá atá inniu ann.
Faoi bhainistíocht Reilly, thosaigh O’Donnell ag canadh i Sasana go rialta. In Eanáir 1992, tháinig cliseadh néarógach air, ach trí mhí níos déanaí, bhí sé ar ais ar an stáitse, an uair seo in Amharclann an Point, Baile Átha Cliath.
Sa bhliain 2002, bronnadh MBE Oinigh air (mar gheall ar a shaoránacht Éireannach) as a sheirbhísí do thionscal an cheoil.

Sa bhliain chéanna, d'éirigh go hiontach le O'Donnell i Meiriceá Thuaidh, nuair a thosaigh sé ag cur ceolchoirmeacha i láthair ar stáisiúin teilifíse poiblí (PBS).[2]
Chraol TG4 sraith coirmeacha ceoil i mbliain 2009 le Daniel O'Donnell. Mar aon leis na coirmeacha, bhí agallaimh (as Gaeilge) le Daniel mar mhaisiú ar na cláracha seo ina chaith sé súil siar ar a shaol agus ar a ghairm mar amhránaí.
Lá Nollag 2011, chuir sé clár speisialta ar RTÉ i láthair, "Daniel ag 50", in 2011 chun a 50ú breithlá a cheiliúradh.
Osclaíodh Ionad Cuairteoirí Daniel O'Donnell i nDún na nGall i mí na Bealtaine, 2012, a thaispeánann a dhioscaí óir, a dhámhachtainí agus a chulaith bainise, srl.[3]
Tháinig Daniel sa 13ú háit ar an tríú sraith déag de Strictly Come Dancing sa bhliain 2015. Ghlac sé páirt in eagrán de Ros na Rún ar TG4 ar an 3 Bealtaine 2018. Is í an cheoltóir Margo a dheirfiúr.
Ar scor ?
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thar na blianta, ghlac fear Chionn Chaslach sosanna ó bheith ar chamchuairteanna, ag lua cúiseanna pearsanta cosúil le sláinte agus am a chaitheamh lena theaghlach. I mí na Bealtaine 2025, dúirt Daniel go raibh sé chun briseadh a thógáil óna chuid camchuairteanna mar gheall ar "dúshláin sláinte", dúshláin atá aige le cúpla bliain anuas, go háirithe ailléirgí agus ionfhabhtú cliabhraigh a thagann ar ais go minic agus é ag taisteal.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim[4]
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Boy From Donegal (1984)
- The Two Sides Of (1985)
- I Need You (1986)
- Don't Forget To Remember (1987)
- From The Heart (1988)
- Thoughts Of Home (1989)
- The Last Waltz (1990)
- Favourites (1990)
- The Very Best Of Daniel O'Donnell (1991) Uimh. 34 Ríocht Aontaithe
- Follow Your Dream (1992) Uimh. 17 RA
- A Date With Daniel Live (1993) Uimh. 21 RA
- Especially For You (1994) Uimh. 14 RA
- Christmas With Daniel (1994) Uimh. 34 RA
- The Classic Collection (1995) Uimh. 34 RA
- Timeless: Daniel O'Donnell and Mary Duff (le Mary Duff - 1996) Uimh. 13 RA
- Irish Collection (1996) Uimh. 35 RA
- Songs Of Inspiration (1996) Uimh. 11 RA
- I Believe (1997) Uimh. 11 RA
- Love Songs (1998) Uimh. 9 RA
- Greatest Hits (1999) Uimh. 10 RA
- Faith and Inspiration (2000) Uimh. 4 RA
- Heartbreakers (2000)
- Live, Laugh, Love (2001) Uimh. 27 RA
- Yesterdays Memories (2002) Uimh. 18 RA
- The Irish Album (2002)
- The Daniel O'Donnell Show (2002)
- Dreaming (2002)
- Songs of Faith (2003)
- Daniel In Blue Jeans (2003) Uimh. 3 RA
- At The End Of The Day (2003) Uimh. 11 RA
- The Jukebox Years (2004) Uimh. 3 RA
- Welcome To My World (2004) Uimh. 6 RA
- Teenage Dreams (2005) Uimh. 10 RA
- The Rock' N' Roll Show (2006)
- From Daniel With Love (2006) Uimh. 5 RA
- Until the Next Time (2006)
- Together Again (le Mary Duff) (2007) Uimh. 6 RA
- Country Boy (2008) Uimh. 6 RA
- Peace in the Valley (2009) Uimh. 8 RA
- Hope and Praise (2009)
- O' Holy Night (2010) Uimh. 21 RA
- Moon Over Ireland (2011) Uimh. 9 RA
- The Ultimate Collection (2011) Uimh. 7 RA
- Songs from the Movies and More (2012) #7 RA
- Discover Daniel O'Donnell Christmas Classics (2012)
- A Picture Of You (2013) Uimh. 16 RA
- Stand Beside Me (2014) Uimh. 20 RA
- The Hank Williams Songbook (2015) Uimh. 5 RA
- The Best of Music and Memories (2016) Uimh. 15 RA
- I Have a Dream (2016) Uimh. 12 RA
- Back Home Again (2017) Uimh. 14 RA
- Christmas with Daniel O'Donnell (2017) Uimh. 19 RA
- Walkin' in the Moonlight (2018) Uimh. 23 RA
Singlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- I Just Wanna Dance (1992) Uimh. 20 Ríocht Aontaithe
- The Three Bells (1993) Uimh. 71 RA
- The Love In Your Eyes (1993) Uimh. 47 RA
- Whatever Happened To Old Fashioned Love (1993) Uimh. 21 RA
- Singing The Blues (1994) Uimh. 23 RA
- The Gift (1994) Uimh. 46 RA
- Secret Love (with Mary Duff - 1995) Uimh. 28 RA
- Timeless (with Mary Duff - 1996) Uimh. 32 RA
- Footsteps (1996) Uimh. 25 RA
- The Love Songs (1997) Uimh. 27 RA
- Give A Little Love (1998) Uimh. 7 RA
- The Magic Is There (1998) Uimh. 16 RA
- The Way Dreams Are (1999) Uimh. 18 RA
- Uno Mas (1999) Uimh. 25 RA
- A Christmas Kiss (1999) Uimh. 20 RA
- Light a Candle (2000) Uimh. 23 RA
- Morning Has Broken (2000) Uimh. 32 RA
- You Raise Me Up (2003) Uimh. 22 RA
- Crush On You (2006) Uimh. 21 RA
- Mother's Birthday Song (2008)
- Tipperary Girl (2010)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-15). "'Dúshlán sláinte' ag cur Daniel dá chamchuairteana, tamall" (as ga-IE).
- ↑ PBS. "Daniel O'Donnell and Special Guests" (as en).
- ↑ "Daniel O'Donnell Visitor Centre (Dungloe) - 2021 All You Need to Know Before You Go (with Photos) - Dungloe, Ireland" (en-GB). Tripadvisor. Dáta rochtana: 2021-02-05.
- ↑ "Daniel O'Donnell" (en). Discogs. Dáta rochtana: 2021-02-14.