James Brown

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
James Brown
Jamesbrown4.jpg
Saol
Ainm iomlánJames Joseph Brown
Eolas breitheBarnwell, 3 Bealtaine 1933
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
BásAtlanta, 25 Nollaig 2006
Cúis bháisbás nádúrtha (niúmóine
cliseadh croí)
Muintir
Céile/CéilíVelma Warren (en) Aistrigh  (1953 -  Aibreán 21, 1969)
Deidre Jenkins (en) Aistrigh  (1970 -  Nollaig 30, 1981)
Adrienne Rodriguez (en) Aistrigh  (1984 -  Eanáir 6, 1996)
Tomi Rae Hynie (en) Aistrigh  (Eanáir 2, 2001 -  Nollaig 25, 2006)
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, cumadóir, damhsóir, ceoltóir, léiritheoir ceirníní, polaiteoir, pianódóir, giotáraí, monaróir agus sound designer (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtJames Brown & The Famous Flames
Gluaiseacht ealaíneanamcheol
func
doo-wop
na gormacha
ceol gaspal
Cineál guthabaratón
Uirlis cheoilgiotár
orgán
ceol gutha
foireann drumaí
Lipéad ceoilFederal Records
King Records
Polydor Records
Philips Records
IMDbnm0113768
godfatherofsoul.com
Discogs ID12596

B'amhránaí Meiriceánach é James Brown (3 Bealtaine, 1933 - 25 Nollaig, 2006) chomh maith le bheith ina chumadóir amhrán, léiritheoir ceirníní, dhamhsóir, agus ina mháistir banna, freisin. Saolaíodh é faoin ainm James Joseph Brown, Jr. i mBarnwell, Carolina Theas sa bhliain 1933, agus cailleadh é in ospidéal in Atlanta, Georgia ar Lá Nollag 2006. Bhí sé 73 bliain d'aois. Duine de na ceoltóirí is tábhachtaí san 20ú haois a bhí ann. Is seisean a chuir tús leis an seánra ceoil sin, Func agus is mórphearsa é i stair cheoil agus damhsa móréilimh an 20ú céad. Is minic a dtugtar “Ceannródaí an Soul“ air.[2] Bhí tionchar suntasach aige ar fhorbairt roinnt mhaith seánra ceoil éagsúla agus é ag cur faoin i ngairm a mhair timpeall seasca bliain.[3]

Nuair a cuireadh tús lena ghairm sa cheol b’amhránaí cheoil soiscéalach é in Toccoa, Georgia. Chuaigh sé leis an ngrúpa canta ghutaigh R&B, the Gospel Starlighters (an grúpa óna bhforbraíodh na  Flames), grúpa ina raibh ról an phríomhamhránaithe aige[4][5] Tharraingíodh aird an phobail air den chéad uair déanach sna 1950idí agus é ina bhall den ghrúpa amhránaithe The Famous Flames leis na bailéid a raibh an-ráchairt orthu "Please, Please, Please" agus "Try Me", agus tharraing sé teist taibheora beo dochloíte agus é ar stáitse leis na Famous Flames agus lena bhanna tacaíochta, arna tugadh the James Brown Band nó the James Brown Orchestra d’uaireanta. Bhain sé buaicphointe a ghairm amach sna 1960idí nuair a d’eisíodh an albam beo Live at the Apollo agus cnagshingilí dála "Papa's Got a Brand New Bag", "I Got You (I Feel Good)" and "It's a Man's Man's Man's World". Le linn an chuid ba dheireanaí de na 1960idí scair sé ó na foirmeacha ceoil a d’eascair go leanúnach ó na blues agus an ceol soiscéalach agus chuaigh sé le cur chuige "Africanized" amach is amach, ó thaobh an cumtha ceoil de, gníomh a d’fhág tionchar mór ar fhorbairt an cheoil func.[6] Faoi dheireadh chéad leath de na 1970idí, bhí fuaim lánfhorbartha an cheoil func leagtha amach ag Brown nuair a bhunaigh sé na J.B.s agus tá an fhuaim seo le cloisteáil i gceirníní dála "Get Up (I Feel Like Being a) Sex Machine" agus "The Payback". Tugadh aird air, freisin, as amhráin a raibh  tráchtaireacht shóisialta iontu a chumadh, lena n-áirítear an chnagshingil "Say It Loud – I'm Black and I'm Proud “ in 1968. Lean Brown ar aghaidh ag casadh ceol ar stáitse agus ag taifeadadh ceol go dtí go bhfuair sé bás ó chliseadh plúchtach croí in 2006.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]