An Mona Lisa
Olaphictiúr ón 15ú haois de chuid Leonardo da Vinci é an Mona Lisa (Iodáilis: La Gioconda), an píosa ealaíne is mó a bhfuil cáil uirthi ó Ré na Renaissance.[1] An bhean atá ann sa phictiúr is ea Lisa del Giocondo (a fuair bás ar an 15 Meitheamh 1542).
Tá an Mona Lisa le feiceáil inniu sa Louvre, i bPáras, sa Fhrainc. Tá an Mona Lisa ar an bpictiúr is luachmhaire ar domhan inniu.[2]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghoid Vincenzo Perugia an Mona Lisa ón Louvre i bPáras ar an 20 Lúnasa 1911, oibrí Iodálach a shiúil isteach sa Louvre agus a shiúil amach leis an *Mona Lisa *faoina fhorléine! Chuir sé as dó, is cosúil, go raibh an oiread sin saothar Iodálach ag na Francaigh agus spreag sé seo an ghadaíocht.[3]
Fuarthas an Mona Lisa san Iodáil ar 12 Nollaig 1913. Bhí an pictiúr ar iarraidh ar feadh dhá bhliain agus le linn na tréimhse seo sheas na mílte Francach i scuainí chun féachaint ar an spás lom a bhí fágtha ar an bhalla!
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ cogg.ie / Seán Delap. "Stór Staire". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ examinations.ie. "Scoil an Chnoic le Jacqueline de Brún)". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]
- ↑ "Saothar cáiliúil Munch ar iarraidh arís" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-08-21.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |