Giovanni Boccaccio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Giovanni Boccaccio
Boccaccio by Morghen.jpg
Saol
Eolas breitheFlórans, Certaldo agus Páras, 16 Meitheamh 1313, 1313, 1313
NáisiúntachtPoblacht Fhlórans
Teanga dhúchaisAn Iodáilis
BásCertaldo, 21 Nollaig 1375, 1375
Áit adhlacthaSanti Jacopo e Filippo (en) Aistrigh
Cúis bháis (éidéime)
Oideachas
TeangachaAn Iodáilis
An Laidin
MúinteoiríCino da Pistoia (en) Aistrigh
Mic léinnBenvenuto Rambaldi da Imola
Gairm
Gairmgearrscéalaí, file, taidhleoir, aistritheoir, beathaisnéisí, miotagrafaí agus scríbhneoir
Saothar iomráiteachDecamerone
Elegia di Madonna Fiammetta
IMDbnm0090504
Discogs ID432095

File agus scríbhneoir próis ó ré an Renaissance a bhí in Giovanni Boccaccio, a rugadh i bhFlórans sa bhliain 1313 agus a d'éag in Certaldo nó i bhFlórans ar an 21 Nollaig 1375.

Dealbh - Giovanni Boccaccio - Flórans

Ba iad na teangacha a chleacht sé ina chuid scríbhinní ná an Laidin agus canúint na Tuscáine, as ar fáisceadh an Iodáilis mar is aithnid dúinn inniu í.

Stíl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceannródaí prós-scríbhneoireachta a bhí ann. In áit a bheith ag déanamh aithrise ar fhoirmlí agus ar chnámhscéalta réamhdhéanta, d'oibrigh Boccaccio amach plotaí dá chuid féin, agus bhí craiceann inchreidte ar a chuid carachtar nach bhfacthas a leithéidí eile i litríocht na linne. Ba iad na foirmlí stíl litríochta na Meánaoise, ach ba scríbhneoir nua-aimseartha é Boccaccio.

Capitolo di Santa Maria Novella a Firenze (ca. 1365)

D’úsáid Boccaccio stïl nua a d’aontalgh ellimlnti an romans chuirtéisigh agus eilimintí an fabliau agus freisin rinne sé scigmhagadh ar fhoirmeacha eile meánaoiseacha.[1] Chuaigh a scríbhneoireacht i gcion ar leithéidi Navarre sa bhFrainc, a scríobh an Heptameron; George Petie sa Bhreatain, agus Cervantes a scríobh Novelas Ejemplares - scéalta gearra briomhara a léirigh suim san aign eolaíocht. Agus gan amhras ar Rabelais, a scríobh Gargantua agus Pantagruel, aor ar institiúidi an ama.

Leagan Genova 1913

Decamerone[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an leabhar is mó cáil dár scríobh Boccaccio ná an Decamerone, bailiúchán gearrscéalta anghrácha, ach bhreac sé síos a lán eile freisin. Is dócha gurb é an Decameron - an chéad saothar próis i dteanga nua-aimseartha - ba mhó a chuaigh i gcion ar scríbhneoirí tar éis na hAthbheochana. Séard a bhí ann ná céad scéal ag déileáil le nádúr an duine agus a staid éidreorach sa saol.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mélre Ni Ghréda. Miontráchtas M. A. - Ollscoil na hÉireann, 1992:"FANTAISÍOCHT ague AN OEARRSCÉAL COMHAIMSEARTHA".