Decamerone

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Decameron, 1492

Is leabhar le Giovanni Boccaccio é Decamerone (ón sean-Ghréigis δἐκα, déka, "deich", agus ἡμέρα, hēméra "lá") a thagraíonn don deich lá ar a bhfuil an leabhar bunaithe. Ceaptar gur scríobhadh é idir 1349 agus 1353 agus breacadh síos é in Iodáilis bunúsach.

Go bunúsach, séard atá sa leabhar ná bailiúcháin de chéad leabhar gearr. Instear dúinn faoi seachtar ban óg agus triúr stócach a bhfuil ar teitheadh ón ngalar dubh (nó an An Phlá Mhór) i bhFlóiréans sa triú haois déag. I dteach sna chnoic réitíonn siad go ninseóidh chuile duine den deichniúr scéal gach lá den deich lá atá siad sáinithe ann. Is féidir eolas cruinn a aimsiú faoin ngalar dubh agus an chaoi ar chuaigh sé i bhfeidhm ar muintir na hEorpa ag an t-am sin tríd iniúchadh géar a dhéanamh ar an leabhar.

Bhí dhá lá sa bhreis acu, ceann a úsáideadh le haghaidh obair tí agus an ceann eile a bhí mar bhriseadh i gcomhair ómós a thabhairt do Dhia.

Sé tús an leabhair ná:

Comincia il libro chiamato Decameron, cognominato Prencipe Galeotto, nel quale si contengono cento novelle in dieci dì dette da sette donne e da tre giovani uomini.
Bialann Paoli (Floráns), 1916

Is é sin foinse an chéad scéal ar ar bhunaíodh an leabhar.

Leagan Floráns 1573

Léirmheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha gurb é an Decameron - an chéad saothar próis i dteanga nua-aimseartha - ba mhó a chuaigh i gcion ar scribhneoiri tar éis na hAthbheochana. Séard a bhí ann ná céad scéal ag déileáil le nádúr an duine agus a staid éidreorach sa saol.  

D’úsáid Boccaccio stïl nua a d’aontalgh ellimlnti an romans chuirtéisigh agus eilimintí an fabliau agus freisin rinne sé scigmhagadh ar fhoirmeacha elle meánaoiseacha.[1]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagan Genova 1913

Bhí tionchar ollmhór ag an leabhar ar litríocht síos tríd na nglúnta. Deirtear mar shampla gur bhunaíodh cuid de Canterbury Tales le Geoffrey Chaucer air. Chuaigh scríbhneoireacht Boccaccio i gcion ar leithéidi Navarre sa bhFrainc, a scríobh an Heptameron; George Petie sa Bhreatain, agus Cervantes a scriobh Novelas Ejemplares - scéalta gearra briomhara a léirigh suim san aign eolaíocht. Agus gan amhras ar Rabelais, a scríobh Gargantua agus Pantagruel, aor ar institiúidi an ama.

De bharr an gáirsiúlacht - agus in ainneoin an greann bunúsach - cuireadh cosc ar an leabhar ó am go chéile i rith na céadta ó shin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mélre Ni Ghréda. Miontráchtas M. A. - Ollscoil na hÉireann, 1992:"FANTAISÍOCHT ague AN OEARRSCÉAL COMHAIMSEARTHA".