Giotto di Bondone
Appearance
Péintéir is ailtire a rugadh gar do Vespignano na hIodáile, bunaitheoir scoil péintéireacha Fhlórans ab ea Giotto di Bondone (c 1267 - 3 Eanáir 1337). Ba é an tsraith freascónna ar bheathaí Chríost is Mhuire i Séipéal na hAiréine i bPadua (1305-1308) a shárshaothar. Ceapadh ina phríomhailtire é ar thógáil an Champainíl a dearadh i bhFlórans i 1334. Luaitear an tsraith freascónna ar bheatha Naomh Proinsias i mbaisleac Assisi leis freisin, a ndearnadh damáiste léanmhar dóibh i gcrith talún i 1997.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Giotto di Bondone". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 318.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |