Édith Piaf
(1946) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (fr) Édith Giovanna Gassion 19 Nollaig 1915 Páras, An Fhrainc |
| Bás | 10 Deireadh Fómhair 1963 47 bliana d'aois Grasse, An Fhrainc |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Fuiliú inmheánach) |
| Áit adhlactha | Reilig Père-Lachaise, 97 48° 51′ 35″ N, 2° 23′ 56″ E / 48.859683°N,2.398894°E Grave of Gassion-Piaf (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Édith Piaf |
| Áit chónaithe | Páras Stáit Aontaithe Mheiriceá An Normainn an Fhrainc |
| Teanga dhúchais | an Fhraincis |
| Airde | 147 cm |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí, chansonnier, ealaíontóir sráide, ealaíontóir taifeadta, aisteoir, cumadóir amhrán |
| Tréimhse oibre | 1935 – 1963 |
| Ball de | |
| Seánra | Chanson, chanson réaliste (en) |
| Teangacha | An Fhraincis agus Béarla |
| Cineál gutha | Contralt |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Lipéad ceoil | Polydor (1935–1946) Pathé-Marconi (en) |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Céile | Jacques Pills (1952–1956) Theophanis Lamboukas (1962–1963) |
| Páirtí | luach anaithnid Yves Montand Marcel Cerdan (1948–1949) Louis Gérardin (1951–1952) |
| Páiste | Marcelle Dupont, iníon fola ( |
| Athair | Louis Gassion agus Line Marsa |
| Croineolaíocht | |
| 14 Deireadh Fómhair 1963 | sochraid (Reilig Père-Lachaise) |
Gradam a fuarthas
| |

Amhránaí mór le rá de chuid na Fraince ab ea Édith Piaf, nó an Gealbhan Beag mar a thugtaí uirthi (19 Nollaig 1915 - 11 Deireadh Fómhair 1963), duine de na hoirfidigh is breátha sa 20ú haois. Bhí cáilíocht choscrach ag baint lena glór cinn a chuirfeadh na clocha ag caoineadh.[1]
Tá meas iontach aige ar a cuid amhránaíochta i gcónaí. Maireann sé i gcónaí mar íocón cultúrtha Francach. I measc na móramhrán uaithi bhí ‘La Vie en Rose’ agus ‘Non, je ne regrette rien.’

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saol corrach a bhí aici – deirtear gur rugadh ar chosán í. Rugadh í faoin ainm Édith Giovanna Gassion ar an 19 Nollaig 1915 san ospidéal Tenon i bPáras.[2]
Aithnítear go forleathan go raibh gnaoi na ndaoine ar Piaf, an t-amhránaí ba mhó a bhí sa Fhrainc sa 20ú haois (le Jacques Brel agus Charles Aznavour b'fhéidir).
Bhásaigh sí ar 11 Deireadh Fómhair 1963. Ba alcólach déanta í agus fuair sí bás den ailse ae, in aois 47 bliain di.

Amhráin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bailéid den chuid ba mhó a chas sí. I measc a cuid amhrán, tá "La vie en rose" (1946), "Hymne à l'amour" (1949), "Milord" (1959), "Non, je ne regrette rien" (1960),[3] "l'Accordéoniste" (1941), "Padam...Padam", agus "La Foule".
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aistríodh cuid de shaothar Piaf go Gaeilge mar chuid d’imeachtaí na féile litríochta IMRAM. Bhí an file Liam Ó Muirthile, nach maireann, lárnach san obair sin. Casann an t-amhránaí Hilary Bow a chid amhrán.[4]

Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ imram.ie (2011). "Clár 2011". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-11. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Édith Piaf" (as fr) (2021-09-14). Wikipédia.
- ↑ "Edith Piaf - Non, je ne regrette rien" (as en) .
- ↑ Sinéad Ní Uallacháin. "Caint faoin ‘Gaelophobia’ agus imeachtaí eile" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-10-11.