Thomas Bracken

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThomas Bracken

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Nollaig 1843
Cluain Eois Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Feabhra 1898
54 bliana d'aois
Dunedin Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaDunedin Northern Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Pharlaimint na Nua-Shéalainne
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, file, scríbhneoir, polaiteoir, scríbhneoir polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Musicbrainz: fea9e711-6a56-4498-af35-004bc6fd108c Find a Grave: 14268815 Cuir in eagar ar Wikidata

B'fhile aithnidiúil é Thomas Bracken (21 Nollaig 184316 Feabhra 1898) i ndeireadh an 19ú haois.[1] Scríobh sé liricí amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne.[2] Chum sé "God Defend New Zealand", ceann de dhá amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne ("God Save the Queen" an ceann eile). B'é an chéad duine é a d'fhoilsigh an frása "God's Own Country".

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Bracken i gCluain Eois, Contae Mhuineacháin is cosúil.[3] Fuair a mháthair bás nuair a bhí sé ina leanbh óg agus a athair nuair a bhí sé 10 mbliana d'aois.

Cuireadh chun na hAstráile é agus é dhá bhliain déag d’aois chun cónaithe lena uncail ansin, John Kiernan,i Geelong, Victoria. Is cosúil go bhfuair sé post mar phrintíseach poitigéireachta, ach bhog sé thart ar na feirmeacha agus é ag obair mar lomaire caorach agus aoire. Bíodh sé ag cuardach óir agus ina choimeádaí siopa chomh maith. Bíodh sé ag scríobh faoin saol mórthimpeall air.

D’aistrigh Bracken go Dunedin (logainm a eascraíonn ó Dhún Éideann na hAlban) sa bhliain 1869, agus lean sé ar aghaidh leis an scríbhneoireacht (filíocht agus iriseoireacht). D’éirigh go maith leis.

"God Defend New Zealand"

"God Defend New Zealand"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1876, foilsíodh an dán "God Defend New Zealand".[4]

Sa bhliain 1940 glacadh leis mar iomann náisiúnta, agus mar amhrán náisiúnta i 1977.

Bhí Bracken báúil le cúis na Maorach. Deirtear go bhfuil tagairt do Te Kooti, ar thaoiseach tábhachtach as iarthar na tíre é, agus do na Maoraigh sa líne “guard Pacific’s triple star". Ach deir staraithe eile gur meafar é do thrí oileán na tíre.

D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maorais don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite.

1999[cuir in eagar | athraigh foinse]

B’ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Corn an Domhain sa Rugbaí i 1999 a canadh é i Maorais amháin. Bhí raic ann, mar níor thuig go leor Nua-Shéalainneach brí na bhfocal. Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh. Tar éis do Te Taura Whiri (Coimisiún Teanga na Maoirise) bileoga eolais a eagrú, foghlaimíodh na focail. Anois, is é an nós ná rann amháin a chanadh i mBéarla agus an chéad rann eile i Maorais.

Leac chuimhneacháin do Thomas Bracken ag Reilig Tuaisceartach Dunedin

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Rialtas - Thomas Bracken

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. New Zealand Ministry for Culture and Heritage Te Manatu Taonga. "Bracken, Thomas" (en). teara.govt.nz. Dáta rochtana: 2021-02-16.
  2. Ruth Nic Giolla Iasachta (Lúnasa 2007). "Seal in Aotearoa (Cuid 6)" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-16.
  3. ach deir cúpla foinse gurbh as Cluain Aodha i gContae na Mí dó
  4. "God Defend New Zealand" (as en) (2021-01-14). Wikipedia.