Marlene Dietrich
B'amhránaí agus aisteoir Gearmánach agus Meiriceánach í Marlene Dietrich (27 Nollaig 1901 – 6 Bealtaine 1992). Ba réalta í le linn an Dara Cogadh Domhanda agus na blianta ina dhiaidh. Bhain sí cáil amach sna 1940idí leis an amhrán, "Lili Marlene",
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]
In Schöneberg, sa Ghearmáin, a rugadh í agus d'fhás sí aníos i mBeirlín. . Bhí fonn uirthi bheith ina veidhleadóir ar dtús. Ach d'éirigh sí ina haisteoir, i dtús báire san amharclann, faoi stiúir Max Reinhardt.
Bhí an phríomhpháirt ar an scáileán mór sa scannán Der Blaue Engel (1930).[1] Damhsóir i "gentleman's club" ba ea í (Lola Lola).
An cogadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shínigh sí conradh le Paramount Studios agus d'aistrigh sí go Hollywood sa bhliain 1930. Níorbh fhada nó go raiibh Dietrich ag glacadh páirt i mórscannáin, faoi stiúir Josef von Sternberg.
Cúpla bliain níos déanaí, bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Bhí an ghráin aici ar na Naitsithe. Chas sí amhráin mhothúchánacha gan scáth gan náire agus thaitnigh a bhealach thar cionn le lucht an airm ar fud an domhain.
Is as an dtréimhse sin a tháinig an t-amhrán cáiliúil sin, "Lili Marlene", amhrán a bhain ardmheas amach ar gach taobh den láir chatha, idir Chomhghuaillithe agus Naitsíoch.
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis an chogaidh, chaith sí cuid mhór dá ham sa saol chabaret, ag seinm agus ag taistil na cruinne.
Cliseadh duán ba thrúig bháis di sa bhliain 1992 i bPáras na Fraince.

Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dietrich, Marlene (1962). "Marlene Dietrich's ABC". Doubleday.
- Dietrich, Marlene (1979). "Nehmt nur mein Leben: Reflexionen". Goldmann. ISBN 3-442-06327-2
- Dietrich, Marlene (1989). "Marlene". Grove Press. ISBN 0-8021-1117-3
- Dietrich, Marlene (1990). "Some Facts About Myself". ISBN 3-89322-226-X
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Marlene Dietrich". IMDb. Dáta rochtana: 2021-05-06.
| Is síol faoin aisteoir / banaisteoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi dhuine Meiriceánach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Básanna i 1992
- Síolta aisteoir
- Síolta a bhaineann le daoine as na Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Síolta ceol
- Daoine a rugadh i 1901
- Aindiachaithe
- Aisteoirí LADT Mheiriceá
- Amhránaithe Béarla
- Amhránaithe Fraincise
- Amhránaithe Gearmáinise
- Amhránaithe Meiriceánacha
- Ban-aisteoirí Meiriceánacha
- Daoine as Beirlín
- Inimirce go dtí na Stáit Aontaithe
- Inimircigh
- Mná déghnéasacha