Vicipéid:Laethanta roghnaithe/Deireadh Fómhair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Domhnach, 22 Nollaig 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
<< | Vicipéid:Laethanta roghnaithe i mí Deireadh Fómhair |
>> | ||||
Do | Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | ||
6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 |
13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 |
20 | 21 | 22 | 23 | 24 | 25 | 26 |
27 | 28 | 29 | 30 | 31 | ||
Seo cartlann na laethanta stairiúil a bhí ar an Príomhleathanach Leagan amach laethúil 2024 |
Is é an 1 Deireadh Fómhair an 274ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 275ú lá i mbliain bhisigh. Tá 91 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá fhéile Thérèse de Lisieux" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1207 – Rugadh Anraí III, Rí Shasana (b.1272)
- 1754 – Rugadh Pól I, impire na Rúise (b.1801)
- 1924 – Rugadh Jimmy Carter, 39ú uachtarán na Stát Aontaithe
- 1936 – Rugadh Duncan Edwards, imreoir sacair (b.1958)
- 1936 – Chuireadh Francisco Franco i gceannas ar rialtas Náisiúnta na Spáinne i rith Cogadh Cathartha na Spáinne
- 1942 – Rugadh Günter Wallraff, scríbhneoir agus iriseoir
- 1949 – Bunaíodh Daon-Phoblacht na Síne
- 1956 – Rugadh Andrus Ansip, príomh-aire reatha na hEastóine
- 2004 – Fógraíodh go raibh Máire Mhic Ghiolla Íosa tofa gan chur ina coinne
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Deireadh Fómhair an 275ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 276ú lá i mbliain bhisigh. Tá 90 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Gandhi Jayanti" san India.
- 1852 – Rugadh William Ramsay, ceimiceoir Albanach (b.1916)
- 1852 – Rugadh William O'Brien, náisiúnaí Éireannach, scríbhneoir, réabhlóidí, agus ball de Pharlaimint na Breataine (b.1928)
- 1869 – Rugadh Mahatma Gandhi, ceannaire polaitiúil (b.1948)
- 1890 – Rugadh Groucho Marx, fuirseoir (b.1977)
- 1925 – Thosaigh na busanna dearga dhá stór ag feidhmiú i Londain
- 1925 – Bhunaigh Naomh Josemaría Escrivá Opus Dei, eagraíocht dhomhanda de chomhaltaí na hEaglaise Caitlicí
- 1951 – Rugadh Sting (Gordon Sumner), ceoltóir Sasanach
- 1955 – D'fhoilsigh Comhairle Thaighde Liachta na Breataine páipéar a deir go bhfhéadfá ailse a fháil de bharr a bheith ag caitheamh tobac
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Deireadh Fómhair an 276ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 277ú lá i mbliain bhisigh. Tá 89 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Tag der Deutschen Einheit" sa Ghearmáin.
- 1691 – Síníodh Conradh Luimnigh idir Pádraig Sáirséal agus an Ginearál Ginkell
- 1916 – Rugadh James Herriot (Alf Wight), tréidlia agus úrscéalaí (b.1995)
- 1940 – Cailleadh Manuel Azaña, polaiteoir Spáinneach (r.1880)
- 1944 – Rugadh Bob Riley, gobharnóir Alabama
- 1954 – Rugadh Stevie Ray Vaughan, giotáraí Meiriceánach (b.1990)
- 1962 – D'eisigh The Beatles a gcéad singil dár teideal Love Me Do
- 1967 – Cailleadh Woody Guthrie, cumadóir agus ceoltóir Meiriceánach (r.1912)
- 1969 – Rugadh Gwen Stefani, amhránaí Meiriceánach
- 1971 – Cailleadh Seán Ó Riada, cumadóir Éireannach (r.1931)
- 1981 – Rugadh Zlatan Ibrahimovic, imreoir sacair
- 1981 – D'éirigh náisiúnaithe Éireannach as an stailc ocrais a bhí ar bun acu i bPríosún na Ceise Fada i mBéal Feirste tar éis 7 mí nuair a bhásaigh deichniúr
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Deireadh Fómhair an 277ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 278ú lá i mbliain bhisigh. Tá 88 lá fágtha sa bhliain.
- 1669 – Cailleadh Rembrandt, péintéir Ísiltíreach (r.1606)
- 1822 – Rugadh Rutherford B. Hayes, 19ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1893)
- 1824 – D'fhógair Meicsiceo go raibh sé ina phoblacht feidearálach
- 1924 – Rugadh Charlton Heston, aisteoir Meiriceánach (b.2008)
- 1942 – Rugadh Jóhanna Sigurðardóttir, polaiteoir Íoslannach
- 1946 – Rugadh Chuck Hagel, polaiteoir Meiriceánach
- 1947 – Cailleadh Max Planck, fisicí Gearmánach (r.1858)
- 1957 – Sheol Aontas na Sóivéide Sputnik I, an chéad satailít go dtí an spás
- 1970 – Cailleadh Janis Joplin, amhránaí agus cumadóir ceoil Meiriceánach (r.1943)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Deireadh Fómhair an 278ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 279ú lá i mbliain bhisigh. Tá 87 lá fágtha sa bhliain.
- 1829 – Rugadh Chester A. Arthur, 21ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1886)
- 1830 – Díoladh an chéad chulaith shnámha i Baker Street, Londain
- 1857 – Rugadh Peadar Toner Mac Fhionnlaoich ("Cú Uladh"), scríbhneoir Gaeilge (b.1942)
- 1911 – Rugadh Brian O'Nolan ("Flann O'Brien"), scríbhneoir (b.1966)
- 1922 – Rugadh Jock Stein, bainisteoir sacair (b.1985)
- 1936 – Rugadh Václav Havel, scríbhneoir agus polaiteoir Seiceach
- 1951 – Rugadh Bob Geldof, ceoltóir
- 1952 – Tháinig deireadh le ciondáil an tae i Sasana
- 1975 – Rugadh Kate Winslet, aisteoir Sasanach
- 1978 – Rugadh Shane Ryan, imreoir leile le Contae Átha Cliath
- 1982 – Cailleadh Séamus Ennis, ceoltóir agus bailitheoir (r.1919)
- 2004 – Cailleadh Maurice Wilkins, eolaí agus duine d'fhionnachtaithe struchtúr ADN (r. 1916).
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Deireadh Fómhair an 279ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 280ú lá i mbliain bhisigh. Tá 86 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na hOibre" san Astráil.
- 1891 – Cailleadh Charles Stewart Parnell, 45, polaiteoir (r.1846)
- 1891 – Rugadh Kálmán Kalocsay, scríbhneoir Esperanto agus máinlia Ungárach (b.1976)
- 1928 – Cailleadh Pádraic Ó Conaire, 46, scríbhneoir (r.1882)
- 1945 – Rugadh Luiz Inácio Lula da Silva, 35ú Uachtarán na Brasaíle
- 1948 – Rugadh Gearóid Mac Ádhaimh, ceannaire Sinn Féin
- 1966 – Rugadh Niall Quinn, fear spóirt
- 1968 – Roghnaíodh Bratach na Esuaitíní
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Deireadh Fómhair an 280ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 281ú lá i mbliain bhisigh. Tá 85 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá féile an Phápa Marcus" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1368 – Cailleadh Lionel d'Anvers, Diúc Chlarence (r.1338)
- 1849 – Cailleadh Edgar Allan Poe, scríbhneoir Meiriceánach (r.1809)
- 1885 – Rugadh Niels Bohr, fisiceoir Danmhairgeach (b.1962)
- 1900 – Rugadh Heinrich Himmler, polaiteoir Naitsíoch (b.1945)
- 1927 – Rugadh Ronald D. Laing, síciatraí (b.1989)
- 1931 – Rugadh Desmond Tutu, easpag agus gníomhaíoch
- 1952 – Rugadh Micheál Ó Domhnaill, ceoltóir Éireannach (b.2006)
- 1952 – Rugadh Vladímír Pútín, príomh-aire na Rúise
- 1974 – Rugadh Charlotte Perrelli, amhránaí Sualannach
- 1982 – Rugadh Jermain Defoe, imreoir sacair
- 2006 – Maraíodh Anna Politkovskaya i Moscó
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Deireadh Fómhair an 281ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 282ú lá i mbliain bhisigh. Tá 84 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Chróit.
- 1869 – Cailleadh Franklin Pierce, 64, 14ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1804)
- 1965 – Rugadh Ardal O'Hanlon, fuirseoir agus aisteoir Éireannach
- 1967 – Cailleadh Clement Attlee, príomh-aire na Ríochta Aontaithe (r.1883)
- 1970 – Rugadh Matt Damon, aisteoir agus scríbhneoir Meiriceánach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Deireadh Fómhair an 282ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 283ú lá i mbliain bhisigh. Tá 83 lá fágtha sa bhliain.
- 1757 – Rugadh Searlas X, rí na Fraince (b.1836)
- 1940 – Rugadh John Lennon, ceoltóir as The Beatles (b.1980)
- 1941 – Rugadh Trent Lott, polaiteoir Meiriceánach
- 1958 – Cailleadh Pápa Pius XII, ceannaire na hEaglaise Chaitlicí (r.1876)
- 1962 – Neamhspleáchas ag Uganda tar éis a bheith 70 bliain faoi smacht ag an mBreatain
- 1966 – Rugadh David Cameron, polaiteoir Sasanach
- 1967 – Cailleadh Che Guevara, réabhlóidí sóisialaí (r.1928)
- 1973 – Fuair Elvis Presley colscaradh ó Priscilla Presley
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Deireadh Fómhair an 283ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 284ú lá i mbliain bhisigh. Tá 82 lá fágtha sa bhliain.
- 1813 – Rugadh Giuseppe Verdi, cumadóir Iodálach (b.1901)
- 1834 – Rugadh Aleksis Kivi, scríbhneoir Fionlannach (b.1872)
- 1906 – Rugadh R. K. Narayan, scríbhneoir Indiach (b.2001)
- 1930 – Rugadh Harold Pinter, drámadóir, aisteoir agus stiúrthóir Sasanach (b.2008)
- 1970 – Rugadh Dean Kiely, imreoir sacair
- 1985 – Cailleadh Orson Welles, aisteoir agus stiúrthóir (r.1915)
- 2009 – Cailleadh Stephen Gately, ceoltóir (r.1976)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Deireadh Fómhair an 284ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 285ú lá i mbliain bhisigh. Tá 81 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Réabhlóide" sa Phoblacht na Macadóine.
- 1698 – Cailleadh William Molyneux, fealsamh nadúrtha (r.1656)
- 1937 – Rugadh Bobby Charlton, imreoir sacair
- 1939 – Rugadh Austin Currie, polaiteoir Éireannach
- 1963 – Cailleadh Édith Piaf, amhránaí Francach (r.1915)
- 1975 – Phós Bill Clinton, Hillary Rodham in Arkansas
- 1977 – Rugadh Jason McKay, dornálaí
- 1984 – Ba í Kathryn D. Sullivan an chéad bhean Mheiriceánach a shiúil sa spás
- 2008 – Cailleadh Jörg Haider, polaiteoir Ostarach (r.1950)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Deireadh Fómhair an 285ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 286ú lá i mbliain bhisigh. Tá 80 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Ghuine Mheánchriosach.
- 1537 – Rugadh Éadbhard VI Shasana, Rí Shasana (b.1553)
- 1798 – Thárla an Cath Thoraí
- 1886 – Rugadh Ramsay MacDonald, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (b.1937)
- 1896 – Rugadh Eugenio Montale, file Iodálach (b.1981)
- 1935 – Rugadh Luciano Pavarotti, teanór (b.2007)
- 1968 – Oscailt ar an 19ú Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo
- 1986 – Ba í Eilís II na Ríochta Aontaithe an chéad bhanríon Bhriotanach a thug cuairt ar an Sín
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Deireadh Fómhair an 286ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 287ú lá i mbliain bhisigh. Tá 79 lá fágtha sa bhliain.
- 1566 – Rugadh Richard Boyle, 1ú Iarla Chorcaí, 'An tIarla Mór' (b.1643)
- 1821 – Rugadh Rudolf Virchow, lia, réamhstairí, bitheolaí agus polaiteoir (b.1902)
- 1889 – Rugadh Pádraig de Brún, cléireach agus matamaiticeoir (b.1960)
- 1925 – Rugadh Margaret Thatcher, polaiteoir Briotanach (b.2013)
- 1934 – Rugadh Nana Mouskouri, ceoltóir
- 1979 – Rugadh Wes Brown, imreoir sacair
- 1999 – Cailleadh Mícheál Ó hAirtnéide, file Éireannach (r.1941)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Deireadh Fómhair an 287ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 288ú lá i mbliain bhisigh. Tá 78 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Múinteoirí" sa Pholainn.
- 1066 – Cailleadh Arald Godwinson, Rí Shasana (r.~1022)
- 1066 – Cath Hastings
- 1808 – Cath Oravainen (le linn Chogadh na Fionlainne)
- 1814 – Rugadh Tomás Dáibhis, scríbhneoir agus polaiteoir (b.1845)
- 1882 – Rugadh Eamon de Valera, tríú hUachtarán na hÉireann (b.1975)
- 1890 – Rugadh Dwight D. Eisenhower, uachtarán SAM (b.1969)
- 1927 – Rugadh Roger Moore, aisteoir Sasanach
- 1944 – Cailleadh Erwin Rommel, oifigeach Gearmánach (r.1891)
- 1959 – Cailleadh Errol Flynn, aisteoir (r.1909)
- 1977 – Cailleadh Bing Crosby, amhránaí agus aisteoir (r.1903)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Deireadh Fómhair an 288ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 289ú lá i mbliain bhisigh. Tá 77 lá fágtha sa bhliain. Inniu "lá Fhéile Treasa Ávila" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 70 RC – Rugadh Veirgil file Rómhánach (b.19 RC)
- 1763 – Rugadh Éadbhard Mac Gearailt, uaslathaí Éireannach (b.1798)
- 1814 – Rugadh Mikhail Lermontov, scríbhneoir Rúiseach (b.1841)
- 1815 – Chuir Napoléon Bonaparte tús lena dheoraíocht ar oileán San Héilin san Aigéan Atlantach
- 1844 – Rugadh Friedrich Nietzsche, fealsamh Gearmánach (b.1900)
- 1869 – Rugadh Francisco Largo Caballero, polaiteoir agus ceardchumannaí (b.1946)
- 1858 – Rugadh John L. Sullivan, dornálaí (b.1918)
- 1908 – Rugadh John Kenneth Galbraith, eacnamaí Meiriceánach (b.2006)
- 1940 – Cailleadh Lluís Companys, polaiteoir Catalónach (r.1882)
- 1944 – Rugadh David Trimble, an Barún Trimble, polaiteoir i dTuaisceart Éireann
- 1944 – Rugadh Sali Berisha príomh-aire na hAlbáine
- 1946 – Cailleadh Hermann Göring, polaiteoir agus oifigeach Gearmánach (r.1893)
- 1971 – Rugadh Andy Cole, imreoir sacair Sasanach
- 1976 – Tugadh téarma príosúin 35 bliain do bheirt fhear ón UVF maidir leis an mbaint a bhí acu le dúnmharú an Miami Showband
- 1998 – Cailleadh Iain Mac a' Ghobhainn, scríbhneoir (r.1928)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Deireadh Fómhair an 289ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 290ú lá i mbliain bhisigh. Tá 76 lá fágtha sa bhliain.
- 1793 – Cailleadh Marie Antoinette na hOstaire, 37, bean chéile Louis XVI (r.1755)
- 1854 – Rugadh Oscar Wilde, drámadóir, úrscéalaí agus file (b.1900)
- 1890 – Rugadh Mícheál Ó Coileáin (Michael Collins), ceannaire réabhlóideach (b.1922)
- 1927 – Rugadh Günter Grass, scríbhneoir Gearmánach
- 1939 – Rugadh Joe Dolan, amhránaí Éireannach (b.2007)
- 1946 – Rugadh Gearóid Mac Ádhaimh (Gerry Adams), uachtarán Sinn Féin
- 1961 – Osclaíodh Aerfort Chorcaí
- 1974 – Rugadh Paul Scholes, imreoir sacair
- 1979 – Toghadh Karol Wojtyla ina Phápa
- 1999 – Cailleadh Ella Mae Morse, amhránaí Meiriceánach (r.1924)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Deireadh Fómhair an 290ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 291ú lá i mbliain bhisigh. Tá 75 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "cothrom an lae Jean-Jacques Dessalines" i Háití.
- 1346 – Tharla Dara Cath na Cosaive, inar bhuaigh arm Ungárach faoi Hunyadi ar arm na dTurcach
- 1893 – Cailleadh Patrice de Mac-Mahon, 3ú hUachtarán na Fraince (r.1808)
- 1912 – Rugadh Eoin Pól I, pápa (b.1978)
- 1915 – Rugadh Arthur Miller, údar agus drámadóir Meiriceánach (b.2005)
- 1933 – Theith Albert Einstein ón nGearmáin go Meiriceá
- 1949 – Rugadh Owen Arthur, príomh-aire Bharbadós
- 1961 – Mharaigh Póilíní na Fraince timpeall 200 léirseoir Ailgéireach i bPáras na Fraince
- 1968 – Ag na Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo chuaigh beirt lúthchleasaí den chine gorm i mbun agóide de bharr leathrom ciníoch sna Stáit Aontaithe
- 1979 – Rugadh Kimi Räikkönen, tiománaí Fhoirmle a hAon Fionlannach
- 1979 – Bhuaigh an Mháthair Treasa Duais Nobel na Síochána
- 1994 – Síníodh dréachtchonradh síochána idir Iosrael agus an Iordáin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Deireadh Fómhair an 291ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 292ú lá i mbliain bhisigh. Tá 74 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Lúcás Soiscéalaí" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1871 – Cailleadh Charles Babbage, matamaiticeoir, innealtóir meicniúil agus eolaí ríomhaireachta (r.1791)
- 1899 – Cailleadh Eoghan Ó Gramhnaigh, sagart, scoláire agus gníomhaí Gaeilge (r.1863)
- 1925 – Rugadh Seoirse Ó Colla, polaiteoir agus iar-Thánaiste na hÉireann (b.1983)
- 1926 – Rugadh Chuck Berry, ceoltóir Meiriceánach
- 1931 – Cailleadh Thomas Edison, ceapadóir agus fear gnó (r.1847)
- 1939 – Rugadh Pádraig Ó Rathaille (Paddy Reilly), ceoltóir agus amhránaí Éireannach
- 1939 – Rugadh Lee Harvey Oswald, feallmharfóir John F. Kennedy (b.1963)
- 1977 – D'éirigh le trúpaí na Gearmáine gialla a bhí á gcoinneáil ag sceimhlitheoirí ar eitleán sa tSomáil a shaoradh
- 1989 – Bhuail Crith Talún Loma Prieta cathair San Francisco, 6.9 ar an Scála Richter
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Deireadh Fómhair an 292ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 293ú lá i mbliain bhisigh. Tá 73 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Bhrasaíl.
- 1216 – Cailleadh Eoin Shasana, rí ar Shasana (r.1166)
- 1745 – Cailleadh Jonathan Swift, 77, file, aorthóir, eaglaiseach (r.1667)
- 1911 – Rugadh John de Courcy Ireland, staraí agus scríbhneoir (b.2006)
- 1969 – Rugadh Trey Parker, beochantóir, scríbhneoir, agus stiúrthóir scannán
- 1989 – Scaoileadh saor as an bpríosún na Guildford 4
- 2004 – Cailleadh Kenneth Iverson, ríomheolaí Ceanadach (r.1920)
- 2004 – Fuadaíodh an t-oibrí cabhrach Margaret Hassan, as Gaillimh ó dhúchas, agus í ar a bealach chun na hoibre san Iaráic
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Deireadh Fómhair an 293ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 294ú lá i mbliain bhisigh. Tá 72 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na réabhlóide" sa Ghuatamala.
- 1854 – Rugadh Arthur Rimbaud, file Francach (b. 1891)
- 1891 – Rugadh James Chadwick, fisiceoir Sasanach (b. 1974)
- 1892 – Rugadh Eoin Ó Dufaigh, TD agus ceannaire na Léinte Gorma (b. 1944)
- 1964 – Cailleadh Herbert C. Hoover, 31ú huachtarán na Stát Aontaithe (r. 1874)
- 1968 – Phós Jackie Kennedy agus Aristotle Onassis
- 1973 – Osclaíodh Áras Ceoldrámaíochta Sydney
- 1979 – Rugadh Paul O'Connell, imreoir rugbaí
- 1984 – Rugadh Andrew Trimble, imreoir rugbaí
- 1999 – Cailleadh Seán Ó Loingsigh, 4ú Taoiseach na hÉireann (r. 1917)
- 2011 – Gabhadh Muammar Gaddafi, deachtóir ar an Libia, le linn cath Sirte agus maraíodh é.
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Deireadh Fómhair an 294ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 295ú lá i mbliain bhisigh. Tá 71 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá "Trafalgar" sa Ríocht Aontaithe.
- 1803 – Cailleadh Tomás Ruiséil, ceannaire ar na hÉireannaigh Aontaithe (r.1767)
- 1805 – Cailleadh Horatio Nelson, aimiréal Briotanach (r.1758)
- 1833 – Rugadh Alfred Nobel, ceimiceoir agus innealtóir Sualannach (b.1896)
- 1904 – Rugadh Patrick Kavanagh, file Éireannach (b.1967)
- 1942 – Rugadh Thomas Cavalier-Smith, bitheolaí
- 1953 – Rugadh Peter Mandelson, polaiteoir Sasanach
- 1966 – Sa Bhreatain Bheag, bhí 140 duine sáinnithe nuair a scior carnán dramhghuail ar scoil in Aberfan
- 1967 – Rugadh Paul Ince, bainisteoir agus iar-imreoir sacair
- 1982 – Toghadh Gearóid Mac Ádhaimh agus Máirtín Mag Aonghusa do Chomhthionól Uladh, an chéad bheirt ó Pháirtí Shinn Féin
- 2001 – Bhásaigh an tríú duine sna Stáit Aontaithe de bharr antrasc
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Deireadh Fómhair an 295ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 296ú lá i mbliain bhisigh. Tá 70 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá féile: Máire Salome, Severus, Eusebius, srl" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1811 – Rugadh Franz Liszt, cumadóir ceoil (b.1886)
- 1844 – Rugadh Louis Riel, polaiteoir a bhunaigh Manitoba i gCeanada (b.1885)
- 1844 – Rugadh Sarah Bernhardt, banaisteoir (b.1923)
- 1935 – Cailleadh Edward Carson, polaiteoir Aontachtaí (r.1854)
- 1949 – Rugadh Arsène Wenger, bainisteoir agus iar-imreoir sacair
- 1963 – Cuireadh tús le Géarchéim na nDiúracán i gCúba
- 1974 – Phléasc buama i mbialann i Londain in aice leis an áit a raibh ceannaire an fhreasúra Edward Heath ag ithe
- 1976 – D'éirigh Cearbhall Ó Dálaigh as oifig Uachtarán na hÉireann mar gheall ar mhasla a thug an Comhrialtas dó
- 2005 – Cailleadh Liam Lawlor, 60, polaiteoir Éireannach (r.1945)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Deireadh Fómhair an 296ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 297ú lá i mbliain bhisigh. Tá 69 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Réabhlóide" i Macadóine.
- 1715 – Rugadh Peadar II, impire ar Impireacht na Rúise (b.1730)
- 1925 – Rugadh Johnny Carson, aisteoir agus fuirseoir Meiriceánach (b.2005)
- 1940 – Rugadh Pelé, peileadóir Brasaíleach
- 1958 – Rugadh Maria Cantwell, seanadóir Meiriceánach
- 1971 – Mharaigh saighdiúirí na Breataine beirt dheirfiúracha i mBéal Feirste agus iad ag déanamh a mbealach chuig seicphointe i gcarr a raibh luas fúithi
- 1978 – Rugadh Jimmy Bullard, imreoir sacair
- 2001 – Chuir an tIRA tús le díchoimisiúnú ar a gcuid arm
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Deireadh Fómhair an 297ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 298ú lá i mbliain bhisigh. Tá 68 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa tSaimbia.
- 996 – Cailleadh Hugues Capet na Fraince, rí na Fraince (r.~940)
- 1601 – Cailleadh Tycho Brahe, réalteolaí (r.1546)
- 1891 – Rugadh Rafael Trujillo, deachtóir ar an bPoblacht Dhoiminiceach (b.1961)
- 1945 – Bunaíodh na Náisiúin Aontaithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda
- 1964 – Bhain Tuaisceart Rhóidéis neamhspleáchas amach mar Phoblacht na Saimbia
- 1973 – Rugadh Billy Woods, imreoir sacair Éireannach
- 1985 – Rugadh Wayne Rooney, imreoir sacair Sasanach
- 2003 – Tháinig deireadh le seirbhís paisinéirí Concorde
- 2005 – Cailleadh Rosa Parks, 92, gníomhaíoch cearta sibhialta (r.1913)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Deireadh Fómhair an 298ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 299ú lá i mbliain bhisigh. Tá 67 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Poblachta" sa Chasacstáin.
- 1760 – Cailleadh Seoirse II, 76, rí na Breataine Móire agus rí na hÉireann (r.1683)
- 1800 – Rugadh Thomas Babington Macaulay, file, staraí agus polaiteoir Coimeádach Briotanach (b.1859)
- 1881 – Rugadh Pablo Picasso, péintéir Spáinneach (b.1973)
- 1899 – Rugadh Micheál Mac Liammhóir, comhbhunaitheoir Amharclann an Gheata (b.1978)
- 1917 – Urghabh na Boilséivigh cumhacht faoi cheannas Vlaidímír Ílídts Léinín sa Rúis
- 1920 – Cailleadh Traolach Mac Suibhne, polaiteoir Éireannach a fuair bás tar éis stailc ocrais (r.1879)
- 1983 – Rinne saighdiúirí Mheiriceá ionradh ar oileán Ghrenada
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Deireadh Fómhair an 299ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 300ú lá i mbliain bhisigh. Tá 66 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Féile náisiúnta na hOstaire" san Ostair.
- 899 – Cailleadh Ailfrid Mór, rí na nAngla-Sacsanach (r.~849)
- 1759 – Rugadh Georges Jacques Danton, réabhlóidí Francach (b.1794)
- 1890 – Cailleadh Carlo Collodi (Carlo Lorenzini), iriseoir agus scríbhneoir Iodálach (r.1826)
- 1911 – Rugadh Somhairle MacGill-Eain, file Albanach (b.1996)
- 1916 – Rugadh François Mitterrand, uachtarán na Fraince (b.1996)
- 1947 – Rugadh Hillary Rodham Clinton, polaiteoir Meiriceánach
- 1951 – D'éirigh le Winston Churchill san olltoghchán
- 1959 – Rugadh Evo Morales, uachtarán na Bolaive
- 1990 – Cailleadh Breandán Ó hEithir, údar agus craoltóir (r.1930)
- 1994 – Tháinig deireadh leis an gcogadh 46 bliain idir an Iosrael agus an Iordáin
- 2000 – Cháin tuarascáil maidir leis an ngalar crúibe is béil airí na Breataine
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Deireadh Fómhair an 300ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 301ú lá i mbliain bhisigh. Tá 65 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Tuircméanastáin.
- 1505 – Cailleadh Ivan III na Rúise (r.1440)
- 1728 – Rugadh James Cook, taiscéalaí agus loingseoir Sasanach (b.1779)
- 1808 – Thárla cogadh na Fionlainne: Cath Koljonvirta
- 1858 – Rugadh Theodore Roosevelt, 26ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1919)
- 1954 – Fuair Marilyn Monroe agus Joe DiMaggio colscaradh
- 1957 – Rugadh Roberto Benigni, aisteoir agus stiúrthóir Iodálach
- 1977 – Rugadh Jiří Jarošík, imreoir sacair
- 1992 – Mharaigh buama de chuid an tIRA triúr ón RUC i Lorgáin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Deireadh Fómhair an 301ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 302ú lá i mbliain bhisigh. Tá 64 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Jude" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1704 – Cailleadh John Locke, fealsamh Sasanach (r.1632)
- 1740 – Cailleadh Áine na Rúise, banimpire ar an Rúis (r.1693)
- 1955 – Rugadh Bill Gates, fear gnó Meiriceánach
- 1962 – Réitigh Géarchéim na nDiúracán i gCúba
- 1967 – Rugadh Julia Roberts, banaisteoir Meiriceánach
- 1981 – Rugadh Milan Baros, imreoir sacair
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Deireadh Fómhair an 302ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 303ú lá i mbliain bhisigh. Tá 63 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Poblachta" sa Tuirc.
- 1929 – Cuireadh Walter Raleigh chun báis i Sasana
- 1897 – Rugadh Joseph Goebbels, aire bolscaireachta sa Ghearmáin (b.1945)
- 1923 – Rugadh Pádraig Ó Donnagáin, polaiteoir Éireannach (b.2000)
- 1923 – Fógraíodh gur phoblacht a bhí sa Tuirc
- 1929 – An Mháirt Dhubh sa Spealadh Mór
- 1933 – Cailleadh Albert Calmette, dochtúir leighis, micribhitheolaí agus imdhíoneolaí (r.1863)
- 1960 – Bhuaigh Muhammad Ali a chéad chluiche dornálaíochta gairmiúil
- 1970 – Rugadh Edwin van der Sar, imreoir sacair
- 1991 – Ba é Galileo an chéad spásárthach a thug cuairt ar astaróideach, 951 Gaspra
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Deireadh Fómhair an 303ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 304ú lá i mbliain bhisigh. Tá 62 lá fágtha sa bhliain.
- 1735 – Rugadh John Adams, 2ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1826)
- 1827 – Cailleadh Henry Salt, taidhleoir agus Éigipteolaí (r.1780)
- 1925 – Taispeánadh pictiúr don chéad uair ar an teilifís
- 1960 – Rugadh Diego Maradona, imreoir sacair ón Airgintín
- 1961 – Cháin an domhan mór tástáil núicléach na Rúise
- 1971 – Rugadh Stephen Kenny, imreoir sacair
- 2001 – D'fhill Michael Jordan ar an NBA tar éis 3.5 bliain ar scoir
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 31 Deireadh Fómhair an 304ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 305ú lá i mbliain bhisigh. Tá 62 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Oíche Shamhna".
- 1887 – Rugadh Chiang Kai-shek, ceannaire Síneach (b.1975)
- 1926 – Cailleadh Harry Houdini, doilfeoir, éachtóir agus éalú-eolaí (r.1874)
- 1947 – Rugadh Herman Van Rompuy, polaiteoir Beilgeach
- 1961 – Rugadh Larry Mullen, ceoltóir Éireannach
- 1964 – Rugadh Colm Ó Cíosóig, ceoltóir Éireannach
- 1965 – Rugadh Denis Irwin, imreoir sacair
- 1983 – Rugadh Katy French, mainicín Éireannach (b.2007)
- 1984 – Feallmharaíodh príomh-aire na hIndia, Indira Gandhi
- 2008 – Cailleadh Louis "Studs" Terkel, iriseoir Meiriceánach (r.1912)
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Domhnach, 22 Nollaig 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach