Joseph Goebbels

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Joseph Goebbels
Bundesarchiv Bild 146-1968-101-20A, Joseph Goebbels.jpg
ball de Reichstag Phoblacht Weimar


ball de Reichstag na Gearmáine Naitsíoch


Reichsminister für Volksaufklärung und Propaganda


Gauleiter

Samhain 9, 1926 - Bealtaine 1, 1945
Ernst Schlange (en) Aistrigh - luach ar iarraidh →
Reichskanzler

Aibreán 30, 1945 - Bealtaine 1, 1945
Adolf Hitler - Lutz Graf Schwerin von Krosigk (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánPaul Joseph Goebbels
Eolas breitheRheydt, 29 Deireadh Fómhair 1897
NáisiúntachtGearmáin na Naitsithe
BásBeirlín agus Führerbunker, 1ú Bealtaine 1945
Áit adhlacthaEhle
Cúis bháisféinmharú (tráma balaistíoch
nimhiú ciainíde)
Muintir
Céile/CéilíMagda Goebbels (en) Aistrigh  (Nollaig 19, 1931 -  Bealtaine 1, 1945)
Páirtí/PáirtitheLída Baarová
Páistí
Oideachas
Alma materOllscoil Bonn
Ollscoil Freiburg
Ollscoil Heidelberg dochtúireacht
Ollscoil Würzburg
Leibhéal oideachaisdochtúireacht
TeangachaAn Ghearmáinis
MúinteoiríMax Freiherr von Waldberg
Gairm
Gairmpolaiteoir, bolscaire, tuathghríosóir, dialannaí, dírbheathaisnéisí, iriseoir, úrscéalaí agus scríbhneoir scripte scannáin
Meachán63 kg
Airde1.65 m
Áit oibreBeirlín
BallraíochtWissenschaftlicher Katholischer Studentenverein Unitas Stolzenfels zu Bonn
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceach neamhchleachtach
Páirtithe polaitíochtaPáirtí na Naitsithe
IMDbnm0324305
Discogs ID1568862
Joseph Goebbels Signature.svg
Porträt Joseph Goebbels.jpg

Bhí Paul Joseph Goebbels (29 Deireadh Fómhair 18971 Bealtaine 1945) ina aire bolscaireachta sa Ghearmáin nuair a bhí an Naitsíochas i réim, agus Adolf Hitler ina dheachtóir. Bhí cáil, nó míchlú, ar Ghoebbels mar fhear mór óráidíochta a raibh cúrsaí an fhrith-Ghiúdachais agus na hidé-eolaíochta Naitsíche i mbarr a theanga aige i dtólamh.

Iúil 1932, Beirlín

Ós rud é go raibh sé ar dhuine de cheannairí móra na Gearmáine i dtréimhse an Naitsíochais, bhí sé an-fhreagrach as ainghníomhartha agus coireanna an rialtais Naitsíoch, cosúil leis an Uileloscadh agus Oíche na Gloine Briste. Deirtear go raibh sé ar dhuine den triúr ba mhó cumhachta sa Ghearmáin i rith an Dara Cogadh Domhanda, in éineacht le Hitler féin agus le Heinrich Himmler.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

1933

Bhí dochtúireacht ag Goebbels ó Ollscoil Heidelberg, áit a ndearna sé staidéar ar dhrámaíocht na seachtú haoise déag.

I ndiaidh dó a chéim ollscoile a bhaint amach sa bhliain 1921, chuaigh sé ag obair ina iriseoir, ina chléireach bainc agus ina scairteoir stocmhalartáin.

Bhí sé ag breacadh síos scéalta agus drámaí san am sin, ach is fuar an fháilte a fuair a chuid scríbhinní ó na foilsitheoirí.

Naitsíochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Goebbels i dteagmháil le páirtí na Naitsithe sa bhliain 1923, nuair a bhí an páirtí ag cur in aghaidh na bhFrancach agus iad siúd ag forghabháil cheantar tionsclaíochta iarthar na Gearmáine.

25 Lúnasa 1934

Chuaigh Goebbels sa pháirtí sa bhliain 1924, agus rinneadh Gauleiter nó ceannaire réigiúnda de chuid an pháirtí de. Bhí sé freagrach as craobh Bheirlíneach an pháirtí.

Thabhaigh a scileanna óráidíochta agus an cath a chuir sé ar na Sóisialaithe agus ar na Cumannaigh sa chathair an-chéimíocht dó sa pháirtí.

Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin sa bhliain 1933, bronnadh céim an Aire Bolscaireachta air. B'eisean a d'eagraigh loscadh na leabhar "frith-Ghearmánach" i bPlás Bebel i mBeirlín, agus chuir sé nuachtáin agus meáin chumarsáide eile na Gearmáine faoi dhiansmacht na Roinne Bolscaireachta. Bhí sé go mór mór ag gríosú na ndaoine chun frith-Ghiúdachais fosta, go háirithe le linn Oíche na Gloine Briste.

Bhí Goebbels ag tacú leis an gcogadh go fíochmhar ó thús, agus é ina fhear mór scéiméireachta a bhain amach an-chumhacht i bpáirtí na Naitsithe leis an liom-leatachas a chleachtaíodh sé. Fiú nuair a bhí an cogadh ag teip ar an nGearmáin, ní dhearna Goebbels ach áitiú ar an náisiún glacadh le slógadh agus míleatú iomlán na tíre. Níor thréig sé Hitler riamh.

Féinmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Magda Goebbels, Joseph Goebbels agus an chlann, Helga, Hildegard, Helmut, Hedwig, Holdine agus Heidrun. 1 Eanáir 1944;; Harald Quandt i lár[1]

Nuair a chuir an deachtóir lámh ina bhás féin, b'é Goebbels an fear a roghnaigh sé mar chomharba, mar "Seansailéir den Reich". Ach níor chaith an bolscaire mór ach aon lá amháin ina Sheansailéir.

An chéad lá i ndiaidh bhás Hitler, thug bhean chéile Goebbels, Magda, nimh dá seisear clainne.[1] B'éigean don chailín  is sine (Helga, 12) capsúl ciainíde a shlogadh siar in éadan a tola.[2]

Nuair a bhí na páistí tar éis bháis, chuir na tuistí lámh ina mbás féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Goebbels children" (as en) (2019-04-30). Wikipedia. 
  2. "Bruises found on her body postmortem (mostly on her face) led to wide speculation that she had struggled against receiving a cyanide capsule, which was used to kill her by crushing it between her teeth."