John de Courcy Ireland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Plaic chomórtha

Staraí agus scríbhneoir ab ea John de Courcy Ireland (19 Deireadh Fómhair, 19114 Aibreán, 2006), a chaith a shaol le cúrsaí polaitiúla agus muirí[1].

Throid sé go láidir ar son aitheantais do na daoine a chaith go leor ama ar muir. Bhí fearg air nach raibh aird ag rialtais na h-Éireann ar thábhacht na farraige. Scríobh sé an-chuid leabhar faoi chúrsaí na mara.

Chaith sé 40 bliain ag obair leis na báid tharrthála i nDún Laoghaire, agus scríobh sé stair an chuain sin.

Is iomaí gradam a bronnadh air ar fud an domhain ar son na taighde a rinne sé ar an bhfarraige. I measc na dtíortha a bhronn gradam air ar son a chuid taighde bhí An Airgintín, An Fhrainc agus an Iúgslaiv.

Labhair sé amach go láidir in aghaidh pholasaí eachtrannach SAM, agus bhí sé gníomhach sna hagóidí in aghaidh Uachtaráin Mheiriceá nuair a thug Ronald Reagan cuairt ar Éirinn i 1984.

Foilseacháin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Ag Snámh in Éadan na hAoise, Alan Desmond, 7 Meitheamh 2006