Desmond Tutu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAn Sár-Oirmhinneach
Desmond Tutu

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Desmond Mpilo Tutu
7 Deireadh Fómhair 1931
Munsieville (Aontas na hAfraice Theas)
Bás26 Nollaig 2021
90 bliana d'aois
Cape Town, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phróstataigh)
Áit adhlacthaSt. George's Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ardeaspag Anglacánach i gCape Town
7 Meán Fómhair 1986 – Meitheamh 1996
← Philip RussellNjongonkulu Ndungane →
Easpag Johannesburg
Feabhra 1985 – 7 Meán Fómhair 1986
← Timothy Bavin (en) AistrighGeorge Buchanan (en) Aistrigh →
Rúnaí ginearálta South African Council of Churches (en) Aistrigh
Márta 1978 – Feabhra 1985
Bishop of Lesotho (en) Aistrigh Diocese of Lesotho (en) Aistrigh
Lúnasa 1976 – Márta 1978
← John Maund (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Rí, Londain - diagacht (1962–2012)
Coláiste Bates
Ollscoil na hAfraice Theas (–1954)
Coláiste Hamilton
St. Martin's School (en) Aistrigh - diagacht Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreEaglais Shasana, Anglacánachas, diagacht Phrotastúnach, cearta daonna, cearta sibhialta agus polaitíochta, gníomhaíochas agus cearta sibhialta
Gairmsagart Anglacánach, evangelical theologian (en) Aistrigh, Ardeaspag, scríbhneoir neamhfhicsin, gníomhaí ar son chearta an duine, diagaire, gníomhaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNational University of Lesotho (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Afracáinis, an Chóisis, an tSuáinis agus An tSeasóitis
Teaghlach
CéileNomalizo Leah Tutu (1955–2021), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMpho Andrea Tutu Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0878379 Musicbrainz: 7999bead-7233-4f0b-830f-c4ef13382288 Discogs: 764381 Find a Grave: 235186223 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chléireach é Desmond Mpilo Tutu san Afraic Theas agus gníomhaí ar son chearta an duine (7 Deireadh Fómhair 1931 - 26 Nollaig 2021). Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1984.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Tutu sa Transvaal ar an 7 Deireadh Fómhair 1931. Cé gur mhian leis a bheith ina lia, ní raibh sé d'acmhainn ag a chlann íoc as an oiliúint agus chuaigh sé leis an mhúinteoireacht.

D’éirigh sé as a phost múinteoireachta nuair a ritheadh Acht Oideachais Bantu mar agóid in aghaidh na ndrochionchas oideachais d’Afracaigh na hAfraice Theas. Rinne sé staidéar ar an diagacht agus oirníodh mar mhinistir Anglacánach é sa bhliain 1960.

Ghnóthaigh Tutu bunchéim agus céim mháistreachta sa diagacht in King's College i Londain (1962-1966) agus d’oibrigh sé mar shéiplíneach go páirtaimseartha fosta le linn an ama sin. D’úsáid sé a chuid léachtaí san Afraic Theas idir 1967-1972 chun aird a dhíriú ar dhálaí phobal na nAfracánach. Mhaígh sé i litir chuig príomh-aire na linne sin go raibh an staid na hAfraice Theas mar a bheadh bairille púdair ann a d’fhéadfadh pléascadh uair ar bith.

Ceapadh Tutu mar shéiplíneach ollscoile i 1967 agus bhí sé ina léachtóir in Ollscoil Náisiúnta Lesotho idir 1970-1972. Ba é an chéad Afracach gorm é a ceapadh mar Dhéan Anglacánach ar Johannesburg i 1975.

Feachtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1976, d’fhás éirí amach ollmhór i gcoinne na cinedheighilte as círéibeacha Soweto i gcoinne úsáid na hAfracáinise mar mheán teagaisc éigeantach i scoileanna na ndaoine gorma. Ó sin amach, thug Tuto a thacaíocht do bhaghcat eacnamaíoch ar a thír. Chuir sé go fuinniúil i gcoinne pholasaí agus chur chuige an Uachtaráin Reagan sna Stáit Aontaithe i leith na hAfraice Theas, is é sin “rannpháirtíocht chuiditheach” agus “go n-áiteofaí go cairdiúil” ar an rialtas ansin dul i ngleic le fadhb na cinedheighilte.

1997

Bhí Tutu ina Easpag ar Leosóta idir 1976 agus 1978 agus ansin ina Rúnaí Ginearálta ar Chomhairle Eaglaisí na hAfraice Theas. Chuir Tutu i gcoinne na cinedheighilte go láidir, go soiléir agus go neamhbhalbh san Afraic Theas agus thar lear. Fuair sé tacaíocht ó bheagnach gach eaglais. Ina chuid scríbhneoireachta agus léachtaí, mhol sé go seasta go mbeadh athmhuintearas eatarthu siúd ar fad a bhí bainteach le cinedheighilt. Ba é rialtas geal na tíre a fuair an cáineadh is láidre uaidh ach cháin sé go géar fosta an oirbheartaíocht fhoréigneach a d’úsáid roinnt de na grúpaí frith-chinedheighilte leithéidí an Comhdháil Náisiúnta Afracach.

Ba mhinic a rinne Tutu comparáid idir cinedheighilt agus Naitsíochas agus cumannachas. Dá dheasca sin, chúlghair an rialtas a phas dhá uair agus chaith sé tréimhse ghearr i bpríosún i ndiaidh mháirseáil agóide i 1980.

Rinneadh Easpag ar Johannesburg de i 1985 agus i 1986, ba é an chéad duine gorm riamh é a chuaigh i gceannnas na hEaglaise Anglacánaí san Afraic Theas. Bhí sé ina Uachtarán ar Chomhdháil Uile-Afracach na nEaglaisí (1987-1997). In 2006, ainmníodh ina bhall de phainéal comhairleach na Náisiún Aontaithe um Chosc ar Chinedhíothú é.

In 2005 d’iarr Tutu ar cheannairí an domhain saorthrádáil a chur chun cinn le tíortha bochta agus deireadh a chur le cánacha troma ar dhrugaí frith-SEIF. Thug sé rabhadh do rialtas an Chomhair Náisiúnta Afracaigh faoi bhaol na caimiléireachta. Cháin sé an leatrom ar chearta an duine sa tSiombáil.

Bhí baint aige le feachtas domhanda a raibh sé mar aidhm aige breith gach leanbh a chlárú.

Ina chuid scríbhneoireachta i réimse na síceolaíochta sóisialta, bhain Tutu ciall as taighde eolaíoch ar fhréamhacha na hatrua, an altrúchais agus an chaidrimh dhaonna shíochánta mar aon leis an tábhacht agus an tairbhe a bhaineann le maithiúnas agus athmhuintearas. Bhí Tutu cáinteach faoin leithcheal a dhéanann Críostaithe ar homaighnéasaigh agus faoi dhearcaidh choimeádacha ar homaighnéasacht ina eaglais féin agus dúirt gurbh ionann homaifóibe agus ciníochas. Ar thoghadh an Chairdinéil Joseph Ratzinger mar phápa i 2005, dúirt go raibh dóchas aige go dtoghfaí duine a mbeadh intinn níos oscailte aige faoi mhinistreacht ban agus seasamh níos réasúnta aige faoi choiscíní, SEIF agus VED.

2009

Iosrael agus na Palaistínigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

2007

Thug Tutu aitheantas don ról tábhachtach a bhí ag Giúdaigh sa streachailt in aghaidh na cinedheighilte. Thacaigh sé le hIosrael faoin imní a bhí air faoi chúrsaí slándála agus cháin sé an bhuamáil fhéinmharaithe agus an gríosú chun fuatha, Bhí sé go mór chun tosaigh san fheachtas i bhfabhar dínascadh na Palaistíne le Iosrael. Mhaígh sé go raibh cosúlachtaí idir an tslí a gcaitheann Iosrael le Palaistínigh agus mar a caitheadh le daoine gorma na hAfraice Theas le linn bhlianta na cinedheighilte agus dúirt sé nach bhféadfaí slándáil Iosrael a chinntiú trí chos ar bolg a dhéanamh ar phobal eile daoine.

2007

I 1989 agus é ar cuairt in Iosrael, mhol Tutu go nguífí ar a son siúd ba chúis leis an fhulaingt agus d’iarr sé ar Dhia cuidiú leo maithiúnas a thabhairt agus gan tabhairt ar dhaoine eile fulaingt. Ghlac Giúdaigh áirithe leis sin mar mhasla dóibh féin agus d’íospartaigh na Naitseach. Tharraing a chuid tuairimí i bhfabhar na Palaistíne, míghnaoi eagraíochtaí Giúdacha éagsúla air. Reáchtáil An Eagraíocht Shíónach Mheiriceánach feachtas agóidíochta in aghaidh a chuairteanna ar ollscoileanna agus d’eagraigh mic léinn agóidí nuair a bronnadh Gradam Phléadalaí Idirnáisiúnta ar son na Síochána air.

I ndiaidh d’Fhórsaí Cosanta Iosrael 19 sibhialtach a mharú in Beit Hanoun i 2006, bhí ar Tutu a thuras ansin mar cheannaire ar mhisean aimsiú fíoras ar son na Náisiún Aontaithe, a chur ar ceal de bharr, a dúirt sé, gur dhiúltaigh Iosrael cead taistil dó. Dúirt An Conradh in aghaidh Clúmhillte nach raibh ceapachán Tutu cuí de bharr gur breathnóir claonta a bheadh ann.

D’ionsaigh Tutu Tony Blair as tacaíocht a thabhairt do Mheiriceá faoi cheist na hIaráice. Maidir le daoine a bhí faoi amhras as sceimhlitheoireacht a bheith á gcoinneáil gan chúiseamh, dúirt sé gur smál ar charachtar na Stát Aontaithe a bhí sa champa X-ray in Guantanomo Bay agus go raibh reachtaíocht na Breataine a cheadaigh daoine a choinneáil 28 lá gan chúiseamh iomarcach agus dochosanta.

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh 96 gradam air lena n-áirítear, Duais Nobel na Síochána (1984), Gradam Pacem Terris (1987), Duais Albert Schweitzer don Daonnúlachas, Duais Magubela don tSaoirse, Duais Síochána Gandhi agus Duais Síochána Sydney (1999) as a chuid oibre mar cheannasaí ar an Choimisiún um Fhírinne agus Athmhuintearais.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]