Soweto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSoweto
Soweto-003.jpg
CineálSouth African township (en) Aistrigh agus cathair
Suíomh
Stát ceannasachAn Afraic Theas
Province of South AfricaGauteng (en) Aistrigh
Metropolitan municipalityCity of Johannesburg Metropolitan Municipality (en) Aistrigh
Map
 26°16′04″S 27°51′31″E / 26.2678°S 27.8586°E / -26.2678; 27.8586Comhordanáidí: 26°16′04″S 27°51′31″E / 26.2678°S 27.8586°E / -26.2678; 27.8586
Tréithe
Airde1,632 m
Gníomhaíocht
Dáta oscailte1963

Bailecheantar (nó "township" i mBéarla) de chuid Johannesburg in Gauteng, san Afraic Theas is ea Soweto. Tagann an t-ainm Soweto as "South Western Townships".

Tá Soweto ag críochantacht le crios mianadóireachta na cathrach ar an taobh theas.

Bhíodh Soweto ina bhardasacht féin, ach cuireadh isteach é i mBardasacht Meitreapholaiteach Chathair Johannesburg.

Bhí 1,271,628 duine ina gcónaí in Soweto sa bhliain 2011. Zulu an teanga dhúchasach is coitianta in Soweto agus í mar mháthairtheanga ag 37% den phobal. Sotho a bhí ag 16%, Tswana ag 13%, Tsonga ag 9%, agus teangacha eile ag 26%.

bailecheantar Soweto

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1976 d'éirigh daltaí gorma meánscoile amach in Soweto mar agóid i gcoinne úsáid na hAfracainise mar theanga theagaisc in áit an Bhéarla. Ach b'agóid pholaitiúil í sin, agus is beag baint a bhí aici le labhairt na teanga sna ceantair ar láidre í.[1] Maraíodh breis is 176 in Soweto ar 16 Meitheamh 1976.[2]

Bhí an cath in aghaidh na cinedheighilte i gcomhfhios don saol mór ón lá sin amach. Tháinig ardú tuisceana dá bharr, agus theip ar an Apartheid de bharr dhásacht an phobail sna blianta ina dhiaidh sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ciréib Soweto

Cuimhneachán Hector Pieterson (maraíodh é ar 16 Meitheamh 1976), Soweto Memorial

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "NÓS 43 - Aibreán 2014" (en). Issuu. Dáta rochtana: 2019-06-16.
  2. "Soweto uprising" (as en) (2019-06-16). Wikipedia.