An Afracáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de llenguaAn Afracáinis
Afrikaans
Cineál teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 7,200,000 (2016)
Dúchasach do An Bhotsuáin, Central District (en) Aistrigh, Ghanzi District (en) Aistrigh, Kgalagadi District (en) Aistrigh, Kgatleng District (en) Aistrigh, Southern District (en) Aistrigh, An Afraic Theas agus Deisceart na hAfraice
Stáit An Afraic Theas, An Bhotsuáin agus An Namaib
Aicmiú teangeolaíoch
na teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
teangacha Francóiniacha
Francóinis Íochtarach
Tréithe
Córas scríbhneoireachta aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaithe Die Taalkommissie (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1 af
ISO 639-2 afr
ISO 639-3 afr
Glottolog afri1274
Linguasphere 52-ACB-ba
Ethnologue afr
ASCL 1403
IETF af
Léarscáil a thaispeánann sciar na gcainteoirí Afracáinise san Afraic Theas sa bhliain 2011.

Is teanga Iar-Ghearmáinice í an Afracáinis, agus í an-chosúil leis an Ollainnis. Labhraítear san Afraic Theas agus sa Namaib í thar aon áit eile, ach tá teacht ar an gcorr-chainteoir sa Bhotsuáin, i Leosóta, sa tSuasalainn, sa tSiombáib, agus sa tSaimbia chomh maith. De thoradh na himirce ón Afraic Theas, tá timpeall ar 30.000 cainteoir Afracáinise ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe. Tá pobail thábhachtacha i bPerth san Astráil, i dToronto, Ceanada agus Auckland sa Nua-Shéalainn freisin. Úsáideann grúpaí éagsúla eitneacha an Afracáinis thar aon teanga eile, mar atá, na Bóraigh (boers), is é sin, na Geala a labhraíonn an teanga, na Daiteánaigh (Afracáinis: bruinmense, kleurlinge) a labhraíonn í, agus sainghrúpaí ar daoine datha iad, ar nós na mbasters, Malaeigh na Rinne (Cape Malays), agus na Griquas. Tá cónaí ar na basters i lár na Namaibe, go háirithe timpeall ar Rehoboth.

Stair na Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an teanga is gaolmhaire don Afracáinis ná an Ollainnis, agus is féidir le cainteoirí an dá theanga seo an-adhmad a dhéanamh as caint a chéile i gcónaí. Is í an ghramadach an phríomhdhifríocht, nó tá cuid mhór de mhírialtachtaí na hOllainnise imithe ón Afracáinis, go háirithe an inscne ghramadúil. Aithníonn an Ollainnis trí inscne i gcónaí, is é sin, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, cé go bhfuil an difríocht idir an bhaininscne agus an fhirinscne beagnach imithe sa teanga sin féin. An Afracáinis, áfach, ní aithníonn sí fiú an difríocht idir an inscne neodrach agus an dá inscne eile a thuilleadh. Thairis sin, tá an Afracáinis tar éis cuid mhaith focal a fháil ó na teangacha bundúchasacha a labhraítear i nDeisceart na hAfraice, agus cé go bhfuil litriú na hAfracáinise bunaithe ar litriú na hOllainnise, is gnách na focail iasachta nó idirnáisiúnta a chur in oiriúint do chóras litrithe na teanga ar bhealach i bhfad níos déine ná mar a dhéantar san Ollainnis. An délitir ij, IJ, a úsáidtear san Ollainnis, caitheadh i dtraipisí í san Afracáinis: y, Y a scríobhtar ansin.

Tá sé ina chnámh spairne i gcónaí conas a d'fhorbair an Afracáinis, nó is iontach luath a thit córas gramadaí na hOllainnise as a chéile san Afraic, i gcomparáid leis na teangacha coilíneacha eile. De ghnáth, bíonn an teanga níos coimeádaí sna coilíneachtaí ná a mhalairt. Is é an míniú a bhíonn ag cuid mhór de na teangeolaithe nach Bóraigh iad ná gur tharla nasctheangúfásteangú éigin don Ollainnis, is é sin, gur fhoghlaim grúpa éigin de neamhchainteoirí dúchais salacharaíl Ollainnise gan aird a thabhairt ar an ngramadach cheart, agus go raibh an grúpa seo chomh mór is go raibh níos mó tionchar aige ar fhorbairt na teanga san Afraic Theas ná ag na cainteoirí dúchais a tháinig isteach ón Eoraip.

Léarscáil na dtíortha le cainteoirí na hAfracáinise

Caighdeánú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an teangeolaí Paul Roberge gur breacadh an Afracáinis síos an chéad uair sa bhliain 1795. Ní raibh i gceist san am sin ach cineál raiméis véarsaíochta. Sa chéad leath den naoú haois déag féin, ba í an Ollainnis chaighdeánach an teanga ina ndéanadh na Bóraigh a gcuid léitheoireachta. Bhí an-ról i gcaighdeánú na teanga ag L.H.Meurant, a d'fhoilsigh Zamenspraak tusschen Klaas Waarzegger en Jan Twyfelaar sa bhliain 1861. Iriseoireacht pholaitiúil atá i gceist leis an Zamenspraak seo (is é is ciall leis an teideal ná "Comhrá idir Nioclás Fírinneach agus Eoin Amhrasach") agus is é is ábhar don téacs ná gluaiseacht neamhspleáchais Choilíneacht na Rinne. Go gairid ina dhiaidh sin d'fhoilsigh an scoláire Ioslamach Abubakr Effendi treoirleabhar reiligiúnach do Mhoslamaigh na hAfraice Theas sa teanga, agus é ag úsáid na litreach Arabach. Bhí teanga Abubakr an-congarach don Afracáinis labhartha - níos cóngaraí ná stíl Meurant a raibh blas na hOllainnise uirthi go fóill. Ba é Cumann na bhFíor-Afracánach, nó Genootschap vir Regte Afrikaners, i gCathair na Rinne a d'fhoilsigh an chéad fhoclóir Afracáinise agus an chéad ghraiméar, sa bhliain 1875.

Nuair a tháinig stát na hAfraice Theas ar an bhfód sa bhliain 1910, ba iad an Béarla agus an Ollainnis na teangacha oifigiúla. Sa bhliain 1925, cuireadh an Afracáinis in áit na hOllainnise.

Cuid thábhachtach de chaighdeánú na hAfracáinise ab ea an chéad aistriúchán ar an mBíobla. Le fada an lá bhí lucht labhartha na hAfracáinise ag úsáid an Statenbijbel nó an Statenvertaling, leagan Ollainnise a foilsíodh sna 1630idí agus a bhí deacair dothuigthe ag cainteoirí na hOllainnise comhaimseartha féin gan trácht ar bith a dhéanamh ar lucht na hAfracáinise. Tháinig an chéad aistriúchán iomlán i gcló sa bhliain 1933: i measc na n-aistritheoirí bhí an file Jacob Daniël "Totius" du Toit agus an diagaire Barend Bartholomeus Keet a bhí go mór mór in aghaidh an dóigh a mbaintí úsáid as an mBíobla leis an apairtéid a chosaint.

Gramadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gramadach na hAfracáinise simplithe go mór, i gcomparáid leis an Ollainnis. Mar a luadh thuas, d'imigh an inscne ghramadúil go hiomlán. Ní úsáidtear foirmeacha pearsanta na mbriathar a thuilleadh, ach an oiread: deir an Ollainnis ik ben, jij bent, hij is ("táim, táir, tá sé"), ach is é is an t-aon fhoirm a chloisfeá san Afracáinis: ek is, jy is, hy is ("tá mé, tá tú, tá sé"). Tabhair faoi deara gurb é ons an focal ar muid, sinn, cf. us sa Bhéarla - úsáideann an Ollainnis an fhoirm wij agus ons cosúil leis an dóigh a n-úsáidtear we agus us sa Bhéarla, ach tá wij imithe san Afracáinis go hiomlán. Ons is seachas wij zijn a deir lucht labhartha na Afracáinise: "tá muid".

D'imigh an aimsir chaite shimplí as an teanga beagnach go hiomlán, ó tháinig an aimsir chaite fhoirfe, chomhshuite ina háit. San Ollainnis is féidir an dá rud a rá: ik dronk "d'ól mé", cf. I drank sa Bhéarla agus ich trank sa Ghearmáinis, agus ik heb gedronken "tá ólta agam", cf. I have drunk sa Bhéarla agus ich habe getrunken sa Ghearmáinis. San Afracáinis áfach níl ach ek het gedrink ar fáil. (Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil an claonadh céanna le haithint sa Ghearmáinis labhartha: is leasc leis na daoine ich trank a úsáid sa ghnáthchaint i gcuid mhór den Ghearmáin, agus is é ich habe getrunken an t-aon rud a chloisfeá ó na daoine.)

Níl ag an gcuid is mó de na briathra san Afracáinis ach dhá fhoirm: an fhoirm bhunúsach a dhéanann gnó an infinidigh agus na haimsire láithrí araon, cosúil le drink, agus rangabháil na haimsire caite, cosúil le gedrink. Ní chuirtear iarmhír ar bith leis an mbunfhoirm, agus ní athraítear guta an tamhain: drinken - gedronken san Ísiltíris, agus drink - gedrink san Afracáinis.

Murab ionann agus an chuid is mó de na teangacha Eorpacha ní úsáidtear aon chineál aimsir chaite san insint i ngearrscéalta agus in úrscéalta Afracáinise. Is í an aimsir láithreach an aon aimsir a d'fheicfeá sa choimhthéacs sin.

Tá an iarmhír -s i bhfad níos coitianta in uimhir iolra na n-ainmfhocal san Afracáinis ná san Ollainnis. Mar sin, is é iolra an fhocail man (fear) ná mans. Mannen a déarfá in Ollainnis.

Gné shuntasach de chomhréir na hAfracáinise is ea an diúltú dúbailte: hy kan nie Afrikaans praat nie "níl sé in ann Afracáinis a labhairt". Ní fheicfeá ach aon diúltú amháin san Ollainnis: hij kan geen Afrikaans spreken (geen = kein na Gearmáinise).

Stór focal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir gur fhorbair stór focal na hAfracáinise ina threo féin i rith na gcéadta bliain, i gcomparáid leis an Ollainnis. Ghlac an teanga le focail iasachta ó theangacha bundúchasacha na hAfraice. Thairis sin, bhí an Béarla ina fhoinse thábhachtach tionchair i bhfad sular thosaigh sé ag dul i bhfeidhm ar theangacha an uile dhomhain. Ón taobh eile de, nuair a thosaigh lucht labhartha na hAfracáinise ag cur in aghaidh cheannas an Bhéarla san Afraic Theas, chuaigh a lán focail nuachumtha in úsáid sa teanga, agus is minic a úsáideann lucht labhartha na hAfracáinise focail dá ndéantús féin seachas na focail Bhéarla a bhfuil glacadh coitianta leo san Ísiltír agus i bhFlóndras. Sampla tipiciúil é an focal rekenaar "ríomhaire" san Afraic Theas - is é computer an focal a chloisfeá san Ollainn. Téarmaí cosúla eile iad rolprent (scannán, film san Ollainnis), hysbak (ardaitheoir, lift san Ollainnis) agus woonstel (árasán, appartement san Ollainnis).

Ón taobh eile de tá an Béarla agus an Afracáinis i síortheagmháil san Afraic Theas, agus dá réir sin bíonn iasachtaí Béarla coitianta sa ghnáthchaint, díreach mar a bhíonn i ngnáthchaint na Gaeltachta - agus ar ndóigh is iomaí focal Afracáinise a chuaigh i bhfairsinge i mBéarla na hAfraice Theas.

Is minic a bhíonn úsáid na bhfocal san Afracáinis múnlaithe ar an mBéarla. Mar shampla, úsáidtear an focal amptelik le gach gné den fhocal Béarla official a aistriú. Má tá "físeán oifigiúil" ag banna ceoil éigin, is é an leagan Afracáinise air sin ná amptelik video. San Ollainnis agus sa Ghearmáinis, áfach, d'úsáidfeá an focal Laidinbhunaithe officieel/offiziell, nó ní thagródh ambtelijk/amtlich sna teangacha sin ach d'oifig phoiblí (ambt/Amt). Cosúil leis sin, is é is ciall leis an bhfocal eventueel san Afracáinis ná "sa deireadh" (cf. eventually sa Bhéarla), ach is éard a chiallaíonn eventueel na hÍsiltírise agus eventuell na Géarmáinise ná "(tá sé) incheaptha, is féidir".

Is é an focal Afracáinise ar "cistin" ná kombuis - focal nach dtagraíonn ach do chocús (cistin loinge) san Ollainnis. Sampla é seo den dóigh a ndeachaigh focail as caint na mairnéalach Ollannach i ngnáthúsáid san Afracáinis.

Ceartlitriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceartlitriú na hAfracáinise bunaithe ar an bhfuaimniú seachas ar shanasaíocht na bhfocal. Mar shampla, is é spesiaal an focal Afracáinise a chiallaíonn "speisialta, ar leith", ach is é an litir c a d'úsáidfeadh an tOllannach: speciaal.

Ní úsáidtear schij na hOllainnise san Afracáinis. Mar shampla, is é maatskappy an focal Afracáinise ar "gnólacht" - maatschappij san Ollainnis.

Scríbhneoirí Afracáinise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]