Breyten Breytenbach
Cuma
Scríbhneoir, file agus ealaíontóir ón Afraic Theas é Breyten Breytenbach, a rugadh in Bonnievale, Cúige na Rinne, ar an 16 Meán Fómhair 1937 agus a fuair bás ar an 24 Samhain 2024. Bhí sé ag cur in aghaidh na hapairtéide, agus chaith sé na blianta fada i dtóin príosúin san Afraic Theas. Scríobhann sé sa dá theanga, idir Afracáinis agus Bhéarla. Bhí sé ar díbirt sa Fhrainc agus bhain sé amach dintiúirí an tsaoránaigh Fhrancaigh.