Rúnaí (teideal)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is teideal é rúnaí a úsáidtear go minic in eagraíochtaí chun duine a bhfuil méid áirithe údaráis, cumhachta nó tábhachta aige/aici san eagraíocht a chur in iúl. Fógraíonn rúnaithe imeachtaí tábhachta agus is gá daoibh cumarsáid a dhéanamh leis an eagraíocht. Díorthaítear an téarma ón bhfocal Laidine secernere, "idirdhealú a dhéanamh" nó "a chur ar leataobh", an rangabháil éighníomhach (secretum) a chiallaíonn "a bheith curtha ar leataobh", leis an chiall ghinearálta faoi dheireadh 'rud príobháideach' nó 'faoi rún', mar atá leis an bhfocal Gaeilge 'rún'. Ba dhuine é an secretarius, mar sin, a bhí ag maoirsiú gnó faoi rún, de ghnáth do dhuine cumhachtach (rí, pápa, srl.).