Nelson Mandela

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Nelson Mandela
Nelson Mandela 1994.jpg
ball de Thionól Náisiúnta na hAfraice Theas


10. Uachtarán na hAfraice Theas

Bealtaine 10, 1994 - Meitheamh 14, 1999
Frederik Willem de Klerk - Thabo Mbeki
19. Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe

Meán Fómhair 2, 1998 - 1999
Andrés Pastrana Arango - Thabo Mbeki
Saol
Ainm iomlán Rolihlahla Mandela
Eolas breithe Mvezo (en) Aistrigh, Iúil 18, 1918
Náisiúntacht An Afraic Theas
Áit chónaithe Houghton Estate (en) Aistrigh
Grúpa eitneach Thembu tribe (en) Aistrigh
Teanga dhúchais Xhosa
Bás Houghton Estate (en) Aistrigh, Nollaig 5, 2013
Áit adhlactha Qunu (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (galar riospráide)
Muintir
Athair Laureano Chiofalo
Máthair Nosekeni Fanny
Céile/Céilí Evelyn Mase  (Deireadh Fómhair 5, 1944 -  Márta 19, 1957)
Winnie Madikizela-Mandela  (Meitheamh 14, 1958 -  Márta 19, 1996)
Graça Machel  (Iúil 18, 1998 -  Nollaig 5, 2013)
Páistí
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Ollscoil Witwatersrand
Ollscoil na hAfraice Theas Baitsiléir Ealaíon
Ollscoil Fort Hare
Ollscoil Londain
Teangacha An Béarla
Xhosa
Gairm
Gairm polaiteoir, dírbheathaisnéisí, dlíodóir agus gníomhaí polaitiúil
Duais
Ballraíocht Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Creideamh
Reiligiúin Modhachas
Páirtithe polaitíochta An Chomhdháil Náisiúnta Afracach
South African Communist Party (en) Aistrigh
IMDb nm0541691
nelsonmandela.org
Nelson Mandela Signature.svg

Polaiteoir as an Afraic Theas ab ea Nelson Rolihalahla Mandela (rugadh é ar an 18 Iúil 1918 - 5 Nollaig 2013).[1] Ba eisean an chéad uachtarán a toghadh sa tír seo i dtoghchán lán-daonlathach. Roimhe seo, ba ghníomhaí frith-Apairtéid é, a bhí ina cheannaire ar an gComhdháil Náisiúnta Afracach.[2] Chaith Mandela an tréimhse idir na blianta 1962 agus 1990 i bpríosún ar Oileán Robben.

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Mandela, nó Madiba mar a thugtar air freisin san Afraic Theas, sa bhliain 1993.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1948 bhí toghchán san Afraic Theas, am a raibh an chinedheighilt fós i bhfeidhm. Ní raibh cead vótála ag na daoine gorma. Mar sin bhí an chumhacht ag na daoine geala.

Ag an am sin ní raibh cead ag daoine gorma agus daoine geala pósadh lena chéile. Agus bhí bac ar ghnáth rudaí, ar nós na suíocháin chéanna a úsáid.

San ollscoil, bhuail Nelson le daoine geala. Bhuail sé freisin le Joe Slovo[3], Walter Sisulu agus Oliver Tambo, daoine a raibh na smaointe céanna acu agus a bhí ag Nelson féin. Theastaigh uathu na dlíthe diana seo a athrú chomh maith.

1937

Sa bhliain 1953 thosaigh Mandela ag cleachtadh na dlí.

Frithbheartaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Nelson agus a chairde ar stailc sa bhliain 1960 i Johannesburg. Dá bhrí sin cuireadh Nelson ar triail (don chéad uair), ach níor tugadh aon phionós dó.

Sa bhliain 1962 cuireadh Mandela ar triail arís. Chaith sé fionnadh liopaird chuig an chúirt agus rinne sé ‘salute’ go dtí na daoine gorma agus scread amach ‘amadla’.

1993, F.W. de Klerk, a chlé agus Nelson Mandela, Philadelphia, Pennsylvania

Cuireadh Mandela faoi ghlas ón mbliain 1962 go dtí 1990. Chuaigh sé ar ais go dtí an chúirt sa bhliain 1964. Dúirt sé go raibh an rialtas freagrach as na drochimeachtaí sa tír. Cuireadh ar ais sa phríosún é. Chaith sé an chuid is mó den am i gcill bheag amháin, ar Oileán Robben.

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scaoileadh Mandela ón bpríosún ar an 11 Feabhra 1990, tar éis  27 bliain.

Dealbh i Londain.

Ar 27 Aibreán 1994 tháinig daoine geala agus gorma le chéile agus vótáil siad Nelson mar uachtarán na hAfraice Theas. Ba é Mandela an chéad uachtarán ar an tír a toghadh i dtoghchán daonlathach. Uachtarán rathúil ab ea é ach níor ghlac sé páirt sa toghchán sa bhliain 1999 mar theastaigh uaidh go mbeadh duine níos óige mar uachtarán. Fuair sé bás ar an 5 Nollaig 2013.

Mandela agus Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí gaol láidir idir Mandela agus Éire.

Bhronn Baile Átha Cliath saoirse na cathrach ar Nelson Mandela sa bhliain 1988. Bhí sé i bpriosún ag an am ach thug a bhean chéile Winnie cuairt ar Éirinn. Roghnaigh Mandela an ócáid seo mar a chéad sheans i 26 mbliana teangmháil a dhéanamh leis an domhan mór.[4]

Tháinig Nelson Mandela ar cuairt go hÉirinn trí huaire:[5]

1990 – tar éis teacht amach ón bpriosún dó. Ní raibh sé i bhfad i ndiaidh a shaoirse a bhaint amach gur thaisteal sé go hÉirinn le buíochas a ghabháil le daoine.

2000 – le céim a fháil ó Coláiste na Trionóide agus óráid a thabhairt sa Dáil.

2003 – don Comórtas Domhanda Samhraidh na gCluichí Oilimpeacha Speisialta.[6] Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim air Bhain sé úsáid as an ócáid le tabhairt amach faoi úsáid aerfort na Sionainne ag eitleáin SAM a bhí ag glacadh páirt i gcogadh George Bush ar an Iaráic.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Mandela - Taisce Tuisceana". Dáta rochtana: 2020.
  2. ccea.org.uk. "Mandelaː Beatha le Bua". Dáta rochtana: 2020.
  3. bhuail sé le Slovo ag ollscoil Witwatersrand sa bhliain 1943
  4. "Gan-rang | abairliom | Leathanach 2" (ga). Dáta rochtana: 2019-06-22.
  5. "Bás | ancroiait" (en). Dáta rochtana: 2019-06-22.
  6. Special Olympics (2013-06-27). "Nelson Mandela at Special Olympics World Summer Games, Dublin, Ireland 2003".