Frederik Willem de Klerk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Frederik Willem de Klerk
Frederik Willem de Klerk 1990.jpg
An tAire Spóirt agus Áineasa

1978 - 1979
Piet Koornhof - Gerrit Viljoen
An tAire Forbartha Sóisialta

Eanáir 1978 - Deireadh Fómhair 1978
Johannes Petrus van der Spuy - Schalk van der Merwe
Aire Fuinnimh

1979 - 1982
Fanie Botha - Pietie du Plessis
Aire Gnóthaí Baile

1982 - 1985
Jan Christiaan Heunis - Stoffel Botha
Aire Oideachais

Meán Fómhair 17, 1984 - Lúnasa 15, 1989
Gerrit Viljoen - Gene Louw
7. Uachtarán Stáit na hAfraice Theas

Lúnasa 15, 1989 - Bealtaine 10, 1994
P. W. Botha - Nelson Mandela
1. Leas-Uachtarán na hAfraice Theas

Bealtaine 10, 1994 - Meitheamh 30, 1996
Alwyn Schlebusch - Thabo Mbeki
Saol
Eolas breitheJohannesburg, 18 Márta 1936, 1936
NáisiúntachtAn Afraic Theas
Teanga dhúchaisAn Afracáinis
BásCape Town, 11 Samhain 2021
Cúis bháisbás nádúrtha (mesothelioma (en) Aistrigh)
Muintir
AthairJohannes de Klerk
MáthairCorrie Coetzer
Céile/CéilíMarike de Klerk  (1959 -  1998)
Elita Georgiades (en) Aistrigh  (1998 -  2021)
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materPotchefstroom University for Christian Higher Education (en) Aistrigh
Ollscoil North-West
Goodenough College (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
An Afracáinis
Gairm
Gairmpolaiteoir agus dlíodóir
Duaiseanna
BallraíochtCumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Cleamhnú
ReiligiúinReformed Church (en) Aistrigh
Páirtithe polaitíochtaNational Party (en) Aistrigh
National Party (en) Aistrigh
IMDbnm1253947
fwdeklerk.org
Discogs ID808089
FW DeKlerk sign.svg
Davos, 1992

Is polaiteoir ón Afraic Theas é Frederik Willem de Klerk, nó F. W. de Klerk[1] mar is fearr atá aithne air (18 Márta 1936 - 11 Samhain 2021). Ba eisean an t-uachtarán deireanach ar an Afraic Theas nuair a bhí an córas cinedheighilte i bhfeidhm (ón mbliain 1948 go dtí na 1990idí).

Bhí de Klerk ina Uachtarán Stáit ar Phoblacht na hAfraice Theas (1989-94) agus fuair sé Duais Nobel na Síochána in éineacht le Nelson Mandela sa bhliain 1993.

1994ː i mbun feachtas bríomhar i Soweto, an bailecheantar

Tiontú agus an-éacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí de Klerk ina chrann seasta ag an réimeas cinedheighilte, córas polaitiúil ar a mbreathnaíonn go leor stát mar choire in aghaidh na daonnachta, tuairim atá deimhnithe go pointe áirithe ag Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

Ina dhiaidh sin, bhí páirt lárnach ag de Klerk agus deireadh á chur leis an gcóras sin, agus daonlathas bunreachtúil á chur ina áit.[2] Bhí Nelson Mandela  i mbéal an phobail i gcónaí. Ach ní mór beirt a bheith ann san idirbheartaíocht. Ansin bhí ar de Klerk feidhm a bhaint as a scileanna chun dul i gcion ar lucht na cinedheighilte. Ní gan dua a rinneadh é.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

2015

Bhronn Ollscoil Potchefstroom (cuid d'Ollscoil an Iarthuaiscirt faoi láthair) bunchéimeanna BA agus LLB ar de Klerk sa bhliain 1958. Bhí sé ina dhlíodóir in Vereeniging. Na blianta ina dhiaidh sin iarradh air bheith ina Ollamh le dlí riaracháin i Potchefstroom, ach dhiúltaigh sé dó, ó ba rud é go raibh sé chomh ghnóthach sin mar pholaiteoir.

Ball dílis de Pháirtí Náisiúnta na hAfraice Theas ba ea é. Toghadh chun Theach an Tionóil é sa bhliain 1969 agus bhí aireachtaí éagsúla aige ó 1978 go 1989 (Gnóthaí Baile san áireamh, 1982-85), ag baint amach a cháil mar cheannaire de chuid na heite deise den pháirtí.[2]

Leasuithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar sin féin, tar éis dó a bheith tofa mar cheannaire an Pháirtí Náisiúnta agus mar an Uachtarán Stáit sa bhliain 1989, thosaigh de Klerk ag taispeáint dearcadh ní ba phragmataí maidir leis an ngluaiseacht daonlathach san Afraic Theas agus maidir le hathrú na tíre ina sochaí a d'fhág an chinedheighilt ina diaidh, ag tosú cainteanna díreacha le Nelson Mandela, a bhí faoi ghlas, chomh fada siar le mí na Nollag 1989.[2]

I mí Feabhra 1990 d'fhógair de Klerk go gcuirfí deireadh leis an gcosc ar an gComhdháil Náisiúnta Afracach agus ar Pháirtí Cumannach na hAfraice Theas, go scaoilfí Nelson Mandela gan choinníoll agus go gcuirfí a lán gnéithe den chinedheighilt ar ceal.

Ar feadh ceithre bliana ina dhiaidh sin bhí páirt ríthábhachtach ag de Klerk agus athrú na hAfraice Theas i dtreo an daonlathais neamhchiníoch ilpháirtí á réiteach, ar bhunús an toghcháin duine amháin, vóta amháin a tharla sa bhliain 1994.[2]

Bhí de Klerk ina Leas-Uachtarán ar an Afraic Theas faoi Mandela ó 1994 go 1996, fad is a bhí an Páirtí Náisiúnta i gcomhrialtas, mar pháirtí mionlach, leis an gComhdháil Náisiúnta Afracach.

Voortrekker Monument, Pretoria

Teannas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí teannas mór sa chaidreamh idir Mandela agus de Klerk sa rialta idir 1994-1996. Tharraing de Klerk a pháirtí as an rialtas tar éis dhá bhliain.

Ina theannta sin, d'éirigh idir de Klerk agus an Coimisiún um Fhírinne agus um Athmhuintearas a bhí sé freagrach as gníomhartha foréigin pholaitiúil a rinneadh i ré na cinedheighilte agus le linn an athraithe i dtreo an an daonlathais.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. FW de Klerk go minic
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Willem de Klerk". Dáta rochtana: 2021.