Kálmán Kalocsay

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKálmán Kalocsay

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(hu) Kalocsay Kálmán
(eo) Kolomano Kaloĉajo
Beathaisnéis
Breith6 Deireadh Fómhair 1891
Abaújszántó, An Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Feabhra 1976
84 bliana d'aois
Búdaipeist, An Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Eötvös Loránd - míochaine (–1916) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ungáiris
Gníomhaíocht
GairmEasparantóir (1911–), aistritheoir, file, lia galar aicídeach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirSaint Ladislaus Hospital (en) Aistrigh (1920–)
Nyugat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Academy of Esperanto (en) Aistrigh (1949–1976) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaEsperanto agus an Ungáiris
Síniú


Scríbhneoir Esperanto agus máinlia Ungárach ab ea Kalmán Kalocsay (Kalocsay Kálmán [kɔlotʃay 'ka:lma:n] de réir ord ainmneacha traidisiúnta na hUngáire; 6 Deireadh Fómhair, 1891 - 27 Feabhra, 1976). Eagarthóir, file agus aistritheoir, a raibh breis is 30 teanga aige, a bhí ann freisin, agus bhí tionchar ollmhór aige ar éabhlóid litríocht Esperanto. De bhunús Gaeilge a ainm baiste, "Kolomano" as Esperanto, nó "Colmán" as Gaeilge.[1],[2]

Agus é ina fhear óg, oileadh é ina dhochtúir. Níos déanaí rinneadh príomh-ghalareolaí de ag ospidéal mór i mBúdaipeist.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1921 a foilsíodh a chéad bhailiúchán filíochta "Mondo kaj Koro" (domhan agus croí). Meastar go leathan gurb eisean a scríobh an bailiúchán soinéad anghrách "Sekretaj Sonetoj" (soinéid rúnda), a foilsíodh faoin ainm cleite « Peter Peneter ».

Tí Kálmán volt lakóháza. ID -12348. - Gödöllő, Fenyvesi nagyút 82.
1921

Eisean a bhí mar eagarthóir ar an iris litríochta Esperanto is ar an bhfoilsitheoir "Literatura Mondo" (domhan na litríochta) sna 1930-aí agus sna 1940-aí, a bhí mar lárionad ag an Budapeŝta Skolo, scoil Bhudapest.

I measc a shaothair ar an litríocht is ar an teangeolaíocht tá "Plena Gramatiko de Esperanto" (lánghraiméar Esperanto) agus an Parnasa Gvidlibro (treoir Pharnassus), saothair i gcomhar le Gaston Waringhien, chomh maith le "Lingvo Stilo Formo" (teanga, stíl, foirm) faoin stíl san fhilíocht. Bhí baint aige le Ciclipéid Esperanto in dhá imleabhar.

Chuir a lán údar suim in Kalocsay, agus is í Ada CSISZÁR atá i bhfeidhil a shaothair neamhfhoilisthe anois.

Bunsaothar filíochta in Esperanto[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mondo kaj Koro, 1921
  • Streĉita Kordo
  • Rimportretoj
  • Izolo
  • Dekdu poetoj (dhá fhile déag), 1934
1933
1938

Saothair aistrithe go hEsperanto ag Kálmán Kalocsay[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Johano la Brava le Sándor Petőfi, 1923
  • La Tragedio de l'Homo le Madach, 1924 (athfhoilsithe in 1965)
  • Eterna Bukedo (filíocht aistrithe as 22 theanga) in 1931
  • Romaj Elegioj le Goethe, 1932;
  • Hungara Antologio, 1933;
  • Infero le Dante, 1933
  • La Floroj de l'Malbono (le Baudelaire) (comhaistriúchán), 1957
  • Reĝo Lear le Shakespeare, 1966
  • Kantoj kaj Romancoj de Heine, i gcomhar le Gaston Waringhien, 1969
  • Libero kaj Amo le Sándor Petőfi, 1970
  • Ezopa saĝo athchruthaithe de réir Aesop, 1956
  • La Somermeznokta Sonĝo le Shakespeare
  • La Tempesto le Shakespeare
  • Tutmonda Sonoro - dhá imleabhar filíochta, aistrithe as 30 theanga, 1981

Saothair ar na teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • DOMFABRIKO : 6000 frazeologiaj esprimoj hungaraj-Esperantaj (i gcomhar le Ada CSISZÁR, 1975;
  • Lingvo Stilo Formo, staidéi

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. eAnswers. "eAnswers - ask any question and quickly get an answer from real people" (en). eAnswers. Dáta rochtana: 2019-02-27.
  2. "Coloman of Stockerau" (as en) (2018-08-30). Wikipedia.