Sándor Petőfi
| Ainm sa teanga dhúchais | (hu) Petőfi Sándor |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | (sk) Alexander Petrovič 1 Eanáir 1823 Kiskőrös, An Ungáir |
| Bás | i. 31 Iúil 1849 26 bliana d'aois Albești, An Rómáin, is cosúil |
| Siocair bháis | Bás i gcath |
| Áit adhlactha | luach ar iarraidh |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Liútarachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Pápai Református Kollegium (1841–1842) Piarist Gymnasium of Budapest (en) Fasori Gimnázium (1833–1834) |
| Teanga dhúchais | an Ungáiris |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, aisteoir, aistritheoir, scríbhneoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Freasúra |
| Ball de | |
| Ainm cleite | Rónai Sándor Andor deák |
| Teangacha | Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Ungáiris |
| Gairm mhíleata | |
| Céim mhíleata | maor |
| Coinbhleacht | Hungarian Revolution of 1848 (en) |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Céile | Júlia Szendrey (1847–1849) |
| Páiste | Zoltán Petőfi |
| Máthair | Mária Hrúzová |
| Siblín | István Petőfi |
| Duine muinteartha | Ignác Szendrey (athair céile) |
File agus réabhlóidí Ungárach ab ea Sándor Petőfi a rugadh ar an 1 Eanáir 1823 agus a fuair bás ar an 31 Iúil 1849. Is file náisiúnta é san Ungáir agus ba phríomhphearsa é i réabhlóid na hUngáire sa bhliain 1848. Scríobh sé Nemzeti Dal (Amhrán Náisiúnta), amhrán na réabhlóide agus fuair sé bás i gCath Segesvár ar an 31 Iúil 1849.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é i Kiskőrös agus inimircigh Shlóvacacha nó Sheirbiacha ab ea a thuismitheoirí. Ba é Alexander Petrovics a ainm breithe ach d'aistrigh sé a ainm go hUngáiris.

Tógadh é in Kiskunfélegyháza agus d'oibrigh sé in amharclanna, scoileanna agus nuachtáin timpeall na tíre. Fuair sé foilsitheoir i 1844 agus d’éirigh sé ina fhile rathúil. Phós sé Júlia Szendrey agus bhí mac amháin acu, Zoltán, a rugadh ar an 15 Nollaig 1848. Bhuail sé le hintleachtóirí réabhlóideacha (Márciusi Ifjak - Ógánaigh Máirseála) in Pest. Thosaigh an réabhlóid ar an 15 Márta 1848. Throid sé in arm réabhlóideach na hUngáire leis an nginearál Józef Bem sa Trasalváin. Fuair sé bás i Segesvár i gcath in aghaidh arm na Rúise ar an 31 Iúil 1849.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh sé faoi théamaí an bhéaloidis, a ghrá agus a phósadh le Júlia, radharcra na hUngáire agus faoin réabhlóid. Tá a dhánta ar fáil i go leor teangacha.
- Az alföld (Machaire Mór na hUngáire) (1944)
- János Vitéz (Seán Cróga) (1945)
- Szeptember végén (Deireadh mhí Mheán Fómhair) (1847)
- Az apostol (An tAspal) (1848)
- Dicsőséges nagyurak (Tiarnaí Glórmhara) (1848)
- Nemzeti dal (Amhrán Náisiúnta) (1848)