James Herriot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Herriot
Ainm sa teanga dhúchais(en) James Alfred Wight
Beathaisnéis
Breith3 Deireadh Fómhair 1916
Sunderland, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Feabhra 1995
78 bliana d'aois
Thirsk, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phróstataigh)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteJames Herriot Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú
Ardscoil Hillhead Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir leighis, scríbhneoir litríocht pháistí, dírbheathaisnéisí, tréidlia, fuirseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1966 –
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataAerfhórsa Ríoga
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjamesherriot.org… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0380713 Musicbrainz: ac39b5e0-d93c-42c5-a14f-9300f0f5ee39 Find a Grave: 6001208 Cuir in eagar ar Wikidata

James Herriot an t-ainm cleite a bhí ag James Alfred Wight, nó Alf mar a tugadh mar leasainm air (3 Deireadh Fómhair 191623 Feabhra 1995). Rugadh Wight i Roker, Sunderland i Sasana, an áit gurbh as dá thuismitheoirí, ach tógadh i nGlaschú, Albain é agus is ann a cháiligh sé mar thréidlia agus é trí bliana is fiche. D'oibrigh Wight i gcleachtas tuaithe i mbaile Thirsk, Yorkshire, Sasana, ach is fearr aithne air mar údar sraith leabhar faoina shaol ag obair mar thréidlia agus a thraenáil leis an RAF le linn an Dara Cogadh Domhanda.

D'inis na leabhair faoi eachtraí greannmhara a thit amach agus é ag obair le feirmeoirí agus le muintir an bhaile i gceantar álainn na Gleanntáin Yorkshire i dtuaisceart Shasana. Bhain na leabhair an-chlú amach agus, faoin am a fuair Wight bás, bhí sé ar cheann de na húdair ba mhó díol sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Rinneadh dhá scannán agus mórshraith teilifíse bunaithe ar na leabhair. Spreag na leabhair agus an t-athchóiriú a rinneadh orthu go leor daoine le tabhairt faoin tréidliacht iad féin.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • If Only They Could Talk (1970);
  • It Shouldn’t Happen to a Vet (1972);
  • Let Sleeping Vets Lie (1973);
  • Vet in Harness (1974);
  • Vets Might Fly (1976);
  • Vet in a Spin (1977);
  • James Herriot’s Yorkshire (1979);
  • The Lord God Made Them All (1981);
  • Every Living Thing (1992)

Cnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • All Creatures Great and Small (1972) (incorporating If Only They Could Talk/It Shouldn't Happen to a Vet)
  • All Things Bright and Beautiful (1974) (Let Sleeping Vets Lie/Vet in Harness)
  • All Things Wise and Wonderful (1977) (Vets Might Fly/Vet in a Spin)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

- Ómós Oifigiúil (as Béarla) - The World of James Herriot (as Béarla) – radharcanna ó shaol Herriot i mbaile Thirsk