R.D. Laing (síciatraí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ronald D. Laing)
Jump to navigation Jump to search
R.D. Laing (síciatraí)
Ronald D. Laing.jpg
Saol
Eolas breithe Glaschú, Deireadh Fómhair 7, 1927
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Bás Saint-Tropez, Lúnasa 23, 1989
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Ghlaschú
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm military physician (en) Aistrigh, síciatraí, physician writer (en) Aistrigh, scríbhneoir neamhfhicsin, saighdiúir, síceolaí, údar, existential therapist (en) Aistrigh agus síocanailísí
Saothar iomráiteach The Divided Self (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Jean Paul Sartre
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Arm na Breataine
IMDb nm1775456

Bhí Ronald D. Laing,R.D. Laing de ghnáth, ina shíciatraí clúiteach sa Bhreatain (7 Deireadh Fómhair 1927 i nGlaschú - 23 Lúnasa 1989).

A Shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dintiúir i leigheas agus síciatracht a bhaint amach, d'oibrigh Laing san arm agus i ndiaidh sin in Ollscoil Ghlaschú go dtí gur fostaíodh é mar shíciatraí sa Tavistock Clinic i Londain.

Ceann de na rudaí ab aistí agus ba cheannródaí dá ndearnadh sé ná go ndeachaigh sé ag cónaí le hothair a bhí buailte le scitsifréine ar feadh tréimhse sách fada i dteach i Londain sa bhliain 1965. Rinneadh scannáin faoin eachtra seo sa bhliain 1972 ar a dtugtar Asylum (Tearmainn).

Sa bhliain chéanna, 1965, bhunaigh sé an Philadelphia Association leis an sprioc chun comhar leighis a chuir ar ghealtaigh i dtithe sábháilte sa chaoi nach mbeadh gá le cúraim dóibh in ospidéil síciatracha.

Fuair sé bás go tobann agus é ag imirt leadóige i St. Tropez san Fhrainc sa bhliain 1989.

A Chuid Oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain an chuid ba chlúití dá chuid oibre le tréan iarracht an mhistéir a bhaineas le na tinneas inchinne troma a dhíbirt. Bhí sé den tuairim go raibh na tinnis seo intuigthe i gcomhthéacs saoil, sa chaidreamh teaghlaigh agus sa tsochaí ina raibh an t-othar suite.

Scríobh sé roinnt mhaith leabhar ar an ábhar seo - ina measc, The Divided Self, 1960 (An Duine Féin Roinnte) agus The Politics of Experience, 1967. (Polaitíocht na Taithí).

Thug an síceaolaí clúitach Albanach, R.D. Laing (1927-1989) cuairt ar Cheanada cúpla bliain sula bhfuair sé bás.[1] Rinneadh físthéipeáil ar na ceardlanna agus seimineáir a thug sé. Thug sé cur síos ar eachtra amháin mar seo a leanas: lá amháin bhí sé ag roinnt scéalta greannmhara le hothar a bhí faoin chúram don dúlagar. Ag deireadh na gcaoga nóiméad léim an t-othar go sona i dtreo an dorais, chomh sásta le píobaire, ansin stop sé amhail is dá mbeadh mearbhall air, chas ar ais chuig Laing agus, ag smaoineamh go b’fhéidir nach bhfuair sé luach a chuid airgid, dúirt, “Ach tháinig mé anseo chun labhairt faoi mo dhúlagar!”, agus d’fhreagair Laing leis, “Smaoinigh air seo: cá raibh do dhúlagar don chaoga nóiméad a fhad is a dhríomar ar rud éigin eile?”[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 An Dr. Gerard Blanche / ncge.ie (2014). "https://www.ncge.ie/sites/default/files/resources/NCGE-PP-Self-Care-Calm-Living-GA.pdf". Dáta rochtana: 2021.