Stephen Gately
(2009) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Márta 1976 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 10 Deireadh Fómhair 2009 33 bliana d'aois Andratx, An Spáinn |
Siocair bháis | Éidéime scamhógach |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, scríbhneoir litríocht pháistí, aisteoir stáitse, amhránaí is scríbhneoir, cumadóir amhrán, amhránaí, damhsóir, aisteoir scannáin |
Tréimhse oibre | 1993 – 2009 |
Ball de | |
Seánra | Popcheol agus eoradhamhsa |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Teanóir |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Polydor Records |
Suíomh gréasáin | stephengately.co.uk |
|
Popcheoltóir agus aisteoir Éireannach ab ea Stephen Patrick David Gately (17 Márta 1976 – 10 Deireadh Fómhair 2009). Bhain Gately cáil dhomhanda amach mar bhall agus amhránaí den bhanna popcheoil Boyzone ón bhliain 1993 ar aghaidh.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Gately ar Shráid an tSirriam i lár Bhaile Átha Cliath.
Fear aerach a bhí ann, rud a nocht sé go poiblí don chéad uair sa bhliain 1999. Phós sé Andrew Cowles sa bhliain 2006.
Tháinig Gately san ochtú háit ar an dara sraith Dancing on Ice le Kristina Lenko sa bhliain 2007.
Bás tobann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thángthas ar chorp Gately ina theach saoire tar éis oíche amach i Mallorca na Spáinne. Tuairiscíodh go bhfuair sé bás le hadhairt, is cosúil, ar 10 Deireadh Fómhair, in aois 33 dó. Léirigh an scrúdú iarbháis a rinneadh ar Gately in Mallorca gurbh amhlaidh go raibh baint ag galar croí ón mbroinn; 'éidéime scamhógach' a bhí ar an deimhniú báis. Ach b'ábhar conspóide an chúis bháis in Éirinn níos déanaí.[1][2] Tharla feachtas géarleanúna ar iriseoir, Jan Moir de chuid an Daily Mail; scríobh sí go raibh fuíoll na bhfuíoll ag Gately, réamhtheachtaire an bháis.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Carl O'Brien. "Over 1,000 complaints about 'Mail' article" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-10.
- ↑ James Ingram (2022-10-09). "Keith Duffy opens up on Stephen Gately's death ahead of 13 year anniversary" (en). DublinLive. Dáta rochtana: 2022-10-10.
- ↑ rockinmole (2013-11-26). "2 stephen gately jan moir article".