Lionel d'Anvers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rítheaghlach na Plantagenet Armas Lionel d'Anvers

Ba é Lionel d'Anvers (nó Antwerp nó AntuairpLionel Antuairpe as Gaeilge), Diúc Chlarence (29 Samhain, 13387 Deireadh Fómhair, 1368) an tríú mac (ach an dara duine acu a mhair slán) ag Éadbhard III, Rí Shasana agus Philippa de Hainault.

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Lionel in Antuairp. Agus bhí Líonel agus Elizabeth de Burgh, 4ú Chuntaois Uladh (d. 1363) luaite le chéile agus í fós ina leanbh. Ba é William Donn de Burgh, 3ú Iarla Uladh (bás 1332) athair Elizabeth. Bhí sí ina bhanoidhre ar a eastát.

Ghlac Lionel seilbh ar eastát Elizabeth in Éirinn sa bhliain 1347 (aois 9). Glaodh "Iarla Uladh" air ó 1347 ar aghaidh.

Phós Elizabeth agus Lionel le chéile sa bhliain 1352 (Lionel 14 bliain d'aois).

Tar éis dó a bheith ainmnithe mar ionadaí a athair i Sasana sa bhliain 1346, bhí Lionel comhcheangailte leis an sluaíocht chun na Fraince sa bhliain 1355. Ach choimeád sé a phríomh-acmhainn fuinnimh dá chúrsaí in Éirinn.

Tuama, mainistir Westminster

In Éirinn[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ceaptha Lionel ina ghobharnóir ar Éirinn sa bhliain 1361. Tháinig sé i dtír i mBaile Átha Cliath.

I mí na Samhna 1362, ceapadh é mar 'Diúc Chlarence'. Bhí a athair i mbun iarrachtaí gan toradh coróin na hAlban a aimsiú dó.

Bhí iarracht Lionel Stát Gall-Ghaelach a neartú is a athbhunú measartha rathúil. D'eagraigh sé parlaimint i gCill Chainnigh, a rith Reachtanna Chill Chainnigh i 1367. Ach thréig sé an fiontar agus d'fhill sé ar ais go Sasana.

D'éag banchéile Lionel i mBaile Átha Cliath i 1363, agus d'fhág sí iníon ina diaidh, Philippa, agus níos faide ar aghaidh is iad dírshliochtaigh Philippa a dhéanadh éileamh faoi chearta ar ríchathaoir Theach Eabhrach (Béarla: House of York).

Bás san Iodáil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Socraíodh an dara phósadh do Lionel le Violante (c. 1353 - Samhain 1386), iníon tiarna Pavia, Galeazzo Visconti (bás 1378). Phósadh le chéile iad i Milano an 28 Bealtaine 1368.

Visconti, Galeazzo II

Go gairid ina dhiaidh sin, fuair Lionel bás in Alba (na hIodáile). Bhí tuairimíocht láidir ann, cé nach raibh fianaise léi, gur de réir nimhe a tharla sé agus go raibh athair a chéile Galeazzo páirteach san ghníomh.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]