Jump to content

Rudolf Virchow

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRudolf Virchow

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Rudolf Ludwig Karl Virchow Cuir in eagar ar Wikidata
13 Deireadh Fómhair 1822
Świdwin (an Phrúis)
Bás5 Meán Fómhair 1902
79 bliana d'aois
Beirlín (Impireacht na Gearmáine)
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaAlter St.-Matthäus-Kirchhof Berlin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Reichstag Impireacht na Gearmáine
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Humboldt Bheirlín
Ollscoil Würzburg Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaJohannes Peter Müller agus Robert Froriep
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreBitheolaíocht na gceall agus míochaine
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbitheolaí, dochtúir leighis, polaiteoir, múinteoir ollscoile, paiteolaí, pailé-antraipeolaí, acadóir, seandálaí, réamhstaraí, antraipeolaí, pailé-ointeolaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Würzburg
Ollscoil Humboldt Bheirlín
Charité Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaGerman Free-minded Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnEduard Hitzig, Edwin Klebs, Alfredo Kanthack agus Friedrich Daniel von Recklinghausen
TeangachaAn Ghearmáinis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaFriedrich Daniel von Recklinghausen, Eduard von Rindfleisch, Robert Koch agus Edwin Klebs
Teaghlach
PáisteHans Virchow, Anna Emilie Adele Virchow, Ernst Oswald Virchow Cuir in eagar ar Wikidata
AthairKarl Christian Siegfried Virchow
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 23351100 Cuir in eagar ar Wikidata

Lia ab ea Rudolf Virchow (rugadh ar an 13 Deireadh Fómhair 1821 i Schivelbein, Pomerania é agus fuair sé bás ar 5 Meán Fómhair 1902 i mBeirlín) ón Ghearmáin, a bhí ina phaiteolaí, réamhstairí, bhitheolaí agus pholaiteoir.

Oileadh é i leigheas san acadamh míleata i mBeirlín, agus bronnadh a chéim air sa bhliain 1843. Rinneadh ollamh de sa bhliain 1847.

Bhog sé go Würzburg dhá bhliain ina dhiaidh sin ar cúiseanna a bhain le polaitíocht. D’fhill sé ar Bheirlín sa bhliain 1856.

Deirtear go ndearna sé go leor fionnachtana ina shaol. Dúradh gurb eisean an chéad duine a rinne cur síos ar leoicéime.

Sé an dlí eolaíochta is cáiliúla a rinne sé cur síos ar ná Omnis cellula e cellula (is ó chill a thagann chuile cill) a foilsíodh sa bhliain 1855.[1] Tá an coincheap seo bainteach leis an smaoineamh nach n’éiríon an t-orgánach uilig tinn ach gurb iad na cilliní iad féin a n-éiríonn tinn.

Rinne Virchow soiléiriú ar an eambólacht sna scamhógaí agus b’eisean a thug an t-ainm embolus (Gaeilge: eambólas) dúinn. Thug sé cuntas ar tinneas ar a ghlaoitear Triad a bhaineann le cruthú thrombus.

Ba pholaiteoir é freisin (Ball de Comhairle Cathrach Beirlín, An Pharlaimint Prúiseach ó 1861 agus an Reichstag 1880-1893). Rinne sé sárobair ar son sláinte an cosmhuintir ag iarraidh feabhas a chuir ar a bhfoinsí uisce agus leasú cúrsaí séarachais. Chreid sé go raibh dlúthbhaint ag cúrsaí sóisialta le sláinte agus chuir sé an smaoineamh sin chun chinn. Bhí sé ina bhunaitheoir den pháirtí polaitiúla, na Liobrálaigh, agus sheas sé go daingean in aghaidh Bismarck.

Péintéir: Hans Schadow, 1896

D’obair sé lámh as lámh le Bismarck ar shlí amháin, áfach, agus b’in sa Kulturkampf (focal a chum sé fhéin is é ag tagairt do na Maigesetz, ie Dlíthe Bhealtaine) in aghaidh an chléir Chaitliceach.

Scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba scríbhneoir torthúil é. Rinne sé cur síos ar modh chun scrúdadh iarbháis a dhéanamh a bhfuil á n-úsáid go forleathan síos go dtí an lá atá inniu ann.

B’é Virchow duine de bhunaitheoirí leigheas mar eolaíocht agus tá a thionchar fós le feiscint i ngach gné de chleachtadh an leighis chomhaimseartha.

  1. Tan SY, Brown J (July 2006). "Rudolph Virchow (1821-1902): "pope of pathology"". Singapore Med J 47 (7): 567–8. PMID 16810425.