Jump to content

Evo Morales

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEvo Morales

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Juan Evo Morales Ayma Cuir in eagar ar Wikidata
26 Deireadh Fómhair 1959
66 bliana d'aois
Oruro, An Bholaiv Cuir in eagar ar Wikidata
80 Uachtarán na Bolaive
22 Eanáir 2006 – 10 Samhain 2019
 Eduardo RodríguezJeanine Añez  Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Airde1.75 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaiteoir
Gairmpolaiteoir, feidhmeannach, ceardchumannaí, union member (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1977 
Ball de pháirtí polaitíochtaGluaiseacht ar son an tSóisialachais Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtCocalero movement (en) Aistrigh
TeangachaAn Spáinnis agus Aidhmiris
Ghlac sé/sí páirt i
6 Meán Fómhair 2019Presidential Summit for the Amazon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm2133486 FilmAffinity: 241798806 TMDB.org: 126131
Facebook: EvoMASFuturo X: evoespueblo Instagram: evomoralesayma Cuir in eagar ar Wikidata

Uachtarán na Bolaive ba ea Evo Morales, 2006-2019. Ba ré nua é don Bholaiv nuair a bhuaigh Evo Morales toghchán uachtaránachta na tíre in 2005. Bundúchasach ba ea Morales a bhí ina cheannaire ceardchumainn agus ina cheann feadhna ar ghluaiseacht na bhfásaithe cóca.

Morales (ar chlé) le Luiz Inácio da Silva sa bhliain 2006
Morales in 2013 le Nicolas Maduro
le Vladimir Putin, 2019

Is dúchasach é Morales ón ghrúpa eitneach Aidhmearach.

Reáchtáladh olltoghcháin na Bolaive agus toghchán uachtaránachta na Bolaive ar an 18 Nollaig 2005. Léirigh na pobalbhreitheanna díreach tar éis na vótála go raibh 51% den vóta buaite ag Morales. I ndeireadh na dála fuair sé 54% den vóta. Toradh stairiúil a bhí ann. Ba é Morales an chéad uachtarán dúchasach ar stát ina raibh tromlach soiléir ag na bundúchasaigh. Ghéill an t-iomaitheoir is gaire dó, Jorge Quiroga de chuid na heite deise láir, nuair ba léir go raibh Morales go mór chun cinn.[1]

Reáchtáladh an toghchán agus cosmhuintir na tíre dubh dóite le polasaithe nualiobrálacha an rialtais le traidhfil de bhlianta. Gheall feachtas Morales go ndéanfaí fás cóca dleathach, go dtabharfaí acmhainn gáis agus ola na tíre isteach in úinéireacht phoiblí, agus go ndéanfaí athdháileadh maoine tráth a raibh an Bholaiv ar cheann de na tíortha ba bhoichte sa Mhórchríoch. Thacaigh muintir na tuaithe, ceardchumainn, agus bundúchasaigh, a coinníodh amach ón gcumhacht go dtí sin, le feachtas Morales.

Bhí ceiliúradh ann ar fud na tíre nuair a bhuaigh Morales, agus d’fhógair a lucht tacaíochta go raibh tús á chur le “stair nua” don Bholaiv. Ón tús bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag bagairt ar an tír. Sheas Morales le Hugo Chávez agus ceannairí eile de chuid na dtonn bándearg. Dhiúltaigh siad don chlár saorthrádála a bhrú Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Mheiriceá Theas.[1]

Thosaigh Morales a chéad téarma ar 22 Eanáir 2006 agus d'fhan sé san oifig sin go dtí an 10ú lá de Mhí na Samhna 2019.

I ndiaidh toghcháin conspóidigh sa bhliain 2019, bhris léirsithe amach sna cathracha agus d'fhás míshástacht in airm na Bolaive. Sa deireadh d'éirigh sé as oifig agus d'imigh sé ón tír. Thug rialtas Mheicsiceo tearmann dó.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghcháin na Bolaive, Nollaig 2005

  1. 1 2 Kerron Ó Luain (2026-06-26). "Toghchán na Bolaive, 2005" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-26.