Arthur Miller
Arthur Miller | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
1966 - 1969 ← Victor van Vriesland - Pierre Emmanuel (en) ![]() | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Arthur Asher Miller | ||
Eolas breithe | Nua-Eabhrac, 17 Deireadh Fómhair 1915 | ||
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Áit chónaithe | Nua-Eabhrac | ||
Teanga dhúchais | an Béarla | ||
Bás | Roxbury (en) ![]() | ||
Áit adhlactha | Connecticut | ||
Cúis bháis | bás nádúrtha (cliseadh croí galar cardashoithíoch ailse) | ||
Muintir | |||
Athair | Isidore Miller | ||
Máthair | Augusta Barnett | ||
Céile/Céilí | Mary Slattery (en) ![]() Marilyn Monroe (Meitheamh 29, 1956 - Eanáir 20, 1961) Inge Morath (Feabhra 17, 1962 - Eanáir 30, 2002) | ||
Páistí | liosta iomláin
| ||
Siblíní | liosta iomláin
| ||
Teaghlach | liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Alma mater | Abraham Lincoln High School (en) ![]() ![]() Ollscoil Michigan 1938) céim bhaitsiléara | ||
Teangacha | an Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | drámadóir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir scripte scannáin, iriseoir, údar, úrscéalaí, scríbhneoir agus scríbhneoir próis | ||
Saothar iomráiteach | Death of a Salesman The Crucible A View from the Bridge All My Sons (en) ![]() After the Fall | ||
Duaiseanna | Princess of Asturias Literary Prize (2002) Four Freedoms Award - Freedom of Speech Praemium Imperiale (2001) Tony Award for Best Author (1947) Tony Award for Best Author (1949) Pulitzer Prize for Drama (1949) : Death of a Salesman Tony Award for Best Play (1949) Tony Award for Best Play (1953) St. Louis Literary Award (1980) Primetime Emmy Award for Outstanding Writing for a Miniseries, Movie or a Dramatic Special (1981) : Playing for Time (en) ![]() ![]() Laurence Olivier Award for Best New Play (1995) Jefferson Lecture (2001) Jerusalem Prize (2003) honorary doctor of the University of Madrid Complutense : Ollscoil Complutense (2003) Berlin Prize (1998) ![]() PEN/Laura Pels International Foundation for Theater Award | ||
Ainmníodh é/í le haghaidh | [[Tony Award for Best Play (en) ]] (1949) [[Tony Award for Best Play (en) ]] (1953) [[Tony Award for Best Play (en) ]] (1968) [[Primetime Emmy Award for Outstanding Writing for a Miniseries, Movie or a Dramatic Special (en) ]] (1981) : [[Playing for Time (en) ]] [[Laurence Olivier Award for Best New Play (en) ]] (1986) [[Tony Award for Best Play (en) ]] (1994) [[Laurence Olivier Award for Best New Play (en) ]] (1994) [[Laurence Olivier Award for Best New Play (en) ]] (1995) [[Satellite Award for Best Adapted Screenplay (en) ]] (1997) : [[The Crucible (en) ]] [[BAFTA Award for Best Adapted Screenplay (en) ]] (1997) : [[The Crucible (en) ]] [[Academy Award for Best Writing, Adapted Screenplay (en) ]] (Feabhra 11, 1997) : [[The Crucible (en) ]] [[Drama Desk Award for Outstanding Play (en) ]] (1999) [[Drama Desk Award for Outstanding Revival of a Play (en) ]] (2000) [[Tony Award for Best Play (en) ]] (2000) | ||
Daoine le tionchar air/uirthi | Henrik Ibsen, William Shakespeare agus Sofaicléas | ||
Ballraíocht | Acadamh Ealaíon agus Litríochta Mheiriceá Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá | ||
Gluaiseacht | réalachas liteartha | ||
Sloinnte | Jonathan Lovelett | ||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | An Giúdachas | ||
IMDb | nm0007186 | ||
ibiblio.org… | |||
Discogs ID | 511729 | ||
![]() |
Údar agus drámadóir Meiriceánach ba ea Arthur Asher Miller (17 Deireadh Fómhair, 1915 – 10 Feabhra, 2005). Fathach de chuid litríocht agus saol intleachtúil na Stát Aontaithe, gníomhach níos mó ná seasca bliain, agus ar na drámadóirí is fearr dár tháinig as an tír sin riamh. Samplaí de na drámaí cáiliúla a scríobh sé iad The Crucible, A View from the Bridge, All My Sons agus Death of a Salesman. Bronnadh a lán duaiseanna ar Miller i rith a shaoil, mar shampla an Duais Pulitzer sa Litríocht.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Saolaíodh Arthur Miller i Harlem, i gCathair Nua-Eabhrac ar 17 Deireadh Fómhair 1915. Bhí sé ar an dara mac dár rugadh d'Isidore agus Augusta Miller, ar Ghiúdaigh de bhunadh na Polainne iad. Teaghlach meánaicme a bhí iontu. Ba gúnadóir é athair Miller agus bhí an gnó teaghlaigh sin thíos go mór leis an Spealadh Mór a tharla sa bhliain 1929. Bhog an teaghlach go háit chónaithe a bhí ní ba shaoire i mBrooklyn an bhliain sin. Aithnítear i gcoitinne go raibh tionchar mór ag an gcruachás sin ar scríbhneoireacht Miller ina dhiaidh sin.
Ní raibh a ndóthain airgid ag muintir Miller chun an fear óg a chur chun na hollscoile, rud a chiallaigh go raibh air gnáthphost a fháil tar éis dó an mheánscoil a chríochnú sa bhliain 1932. Chaith sé dhá bhliain ag sclábhaíocht i bpostanna suaracha sular éirigh leis scoláireacht a bhaint amach le haghaidh Ollscoil Michigan sa bhliain 1934, áit a ndearna sé staidéar ar iriseoireacht, chomh maith le bheith ina eagarthóir oíche ar nuachtán na mac léinn san ollscoil. Chaith sé tréimhse ag staidéar an Bhéarla chomh maith, cúrsa inar dhírigh sé ar dhrámaíocht faoi Kenneth Rowe.
Chuir Miller suim ar leith i ndrámaí Ibsen le linn na tréimhse seo agus bhí tionchar ollmhór ag an drámadóir Ioruach sin ar a chuid scríbhneoireacht ón am sin i leith. Scríobh sé dhá dhráma i rith na tréimhse sin, mar atá, No Villian agus Honors at Dawn.
Mná[cuir in eagar | athraigh foinse]
Phós Miller trí huaire. Ba í Mary Slattery an chéad bhean chéile aige. Phós siad sa bhliain 1940 agus fuair siad colscaradh sa bhliain 1956.
Bhí clú ar Miller freisin mar gheall ar é a bheith pósta leis an aisteoir clúiteach Marilyn Monroe idir 1956 agus 1961.
Bhuail sé leis an tríú bean chéile aige, an grianghrafadóir Inge Morath, ar sheit an scannáin The Misfits. Phós siad sa bhliain 1962, tar éis dó colscaradh a fháil ó Monroe. Mhair an pósadh sin go dtí go bhfuair Inge bás sa bhliain 2002.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cailleadh é i mí Feabhra 2005, 89 bliain d'aois i Rockford, Connecticut, nuair a theip ar a chroí.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- No Villain (1936)
- Honors at Dawn ()
- The Man Who Had All the Luck ()
- All My Sons (1947)
- Death of a Salesman (1949)
- An Enemy of the People (1950)
- The Crucible (1953)
- A View From the Bridge (1955)
- Incident At Vichy ()
- The Price (1968)
- In Russian
- The Creation of the World and Other Business
- The American Clock (1980)
- A Memory of Two Mondays: Play in One Act
- Up From Paradise
- The Archbishop's Ceiling (1977)
- The Last Yankee (1991)
- Everybody Wins
- Ride Down Mount Morgan
- Broken Glass ()
- Mr. Peters' Connections
- Resurrection Blues
- Finishing the Picture (2004)
Obair eile[cuir in eagar | athraigh foinse]
- "The Misfits" (gearrscéal)
- I Don't Need You Anymore (gearrscéalta)
- Homely Girl: A Life (trí gearrscéal)
- Timebends (dírbheathaisnéis)
- On Politics and the Art of Acting (óráid)
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Arthur Miller ag an Internet Broadway Database
- Arthur Miller ag an Internet Movie Database
- Arthur Miller Society
- Scéala báis sa nuachtán New York Times
- Scéala báis ag CNN
- Scéala báis ag an mBBC