Vicipéid:Laethanta roghnaithe/22 Deireadh Fómhair
Cuma
Is é an 22 Deireadh Fómhair an 295ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 296ú lá i mbliain bhisigh. Tá 70 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá féile: Máire Salome, Severus, Eusebius, srl" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1811 – Rugadh Franz Liszt, cumadóir ceoil (b.1886)
- 1844 – Rugadh Louis Riel, polaiteoir a bhunaigh Manitoba i gCeanada (b.1885)
- 1844 – Rugadh Sarah Bernhardt, banaisteoir (b.1923)
- 1935 – Cailleadh Edward Carson, polaiteoir Aontachtaí (r.1854)
- 1949 – Rugadh Arsène Wenger, bainisteoir agus iar-imreoir sacair
- 1963 – Cuireadh tús le Géarchéim na nDiúracán i gCúba
- 1974 – Phléasc buama i mbialann i Londain in aice leis an áit a raibh ceannaire an fhreasúra Edward Heath ag ithe
- 1976 – D'éirigh Cearbhall Ó Dálaigh as oifig Uachtarán na hÉireann mar gheall ar mhasla a thug an Comhrialtas dó
- 2005 – Cailleadh Liam Lawlor, 60, polaiteoir Éireannach (r.1945)