Louis Riel
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 22 Deireadh Fómhair 1844 Saint Boniface (Impireacht na Breataine) |
| Bás | 16 Samhain 1885 41 bliana d'aois Regina, Saskatchewan |
| Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
| Áit adhlactha | Saint Boniface Cathedral (en) |
| Ball de Theach na dTeachtaí i gCeanada | |
| 22 Eanáir 1874 – 25 Feabhra 1875 (removal from office (en) Téarma parlaiminte: 3rd Canadian Parliament (en) Toghcheantar: Provencher (en) Toghadh i: 1874 Canadian federal election (en) | |
| Ball de Theach na dTeachtaí i gCeanada | |
| 13 Deireadh Fómhair 1873 – 2 Eanáir 1874 (removal from office (en) Téarma parlaiminte: 2nd Canadian Parliament (en) Toghcheantar: Provencher (en) Toghadh i: fothoghchán | |
| Ball de Thionól Reachtach Assiniboia | |
| 9 Márta 1870 – 24 Meitheamh 1870 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Métis |
| Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Collège de Montréal |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Ottawa Red River Colony (en) |
| Gairm | polaiteoir, scríbhneoir, múinteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | polaiteoir neamhspleách |
| Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
| Gairm mhíleata | |
| Coinbhleacht | North-West Rebellion (en) |
| Ghlac sé/sí páirt i | |
| 1869 | Red River Rebellion (en) |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Eile | |
| Athair | Louis Riel, Sr. |
| Siblín | Sara Riel |
| Duine muinteartha | Jean-Baptiste Riel (seanathair) Marie-Anne Gaboury (seanmháthair) |
| Ciontaíodh i | ardtréas (1885) |
| Croineolaíocht | |
| Iúil 1885 | Trial of Louis Riel (en) |
Gradam a fuarthas | |

Polaiteoir ba ea Louis Riel (22 Deireadh Fómhair 1844 - 16 Samhain 1885) a bhunaigh cúige Manitoba i gCeanada. Bhí sé ina cheannaire ar na Métis,[1] pobal ar mhachairí Cheanada sa chuid is mó.[2][3]

D'eagraigh Riel gluaiseachtaí saoirse dá phobal féin i gcoinne rialtas na tíre. Tar éis éirí amach a eagrú sa bhliain 1869, chuaigh sé i mbun idirghabhála leis an rialtas agus bunaíodh Manitoba.
Chaith sé seal ar imirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar fhear darbh ainm Thomas Scott a chur chun báis le linn an éirí amach. Toghadh trí huaire é chuig parlaimint Cheanada agus é ar a choimeád, ach níor ghlac sé riamh lena shuíochán. Samhlaíodh dó go raibh inspioráid ó Dhia aige mar fháidh agus mar cheannaire, agus chuaigh an creideamh sin i gcionn ar a ghníomhartha.
Bhí sé rannpháirteach in éirí amach eile sa bhliain 1885. Cuireadh tréas ina leith agus cuireadh chun báis é ach maireann a cháil, go háirithe i measc cainteoirí Fraincise i gCeanada, mar laoch de chuid an ghnáthphobail. Bhí tionchar ag a dhaoradh chun báis ar an gcaidreamh a bhí acu sin leis an mhóramh sa tír go ceann i bhfad.
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Crochadh Riel i bpríosún Regina ar an 16 Nollaig 1886. 'Gach aon ní a bhí déanta le blianta fada chun cairdeas agus comhoibriú a chothú idir an dá chine agus an dá chreideamh, bhí sé curtha ó mhaith nuair a crochadh Louis Riel.‘[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Métis" (as en) (2021-11-06). Wikipedia.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (24 Feabhra 2015). "Stádas na Fraincise á throid i gCúirt Uachtarach Cheanada" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-16.
- 1 2 Seán Ua Cearnaigh. (Feasta 66 (9), 12.). "Quebéc, Louis Riel agus an ceangal Éireannach.". Dáta rochtana: 2021.