Ella Mae Morse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ella Mae Morse
Ella Mae Morse Metronome May 1944.JPG
Saol
Eolas breitheMansfield, 12 Meán Fómhair 1924
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásBullhead City, 16 Deireadh Fómhair 1999
Cúis bháis (cliseadh riospráide)
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmamhránaí, ceoltóir snagcheoil agus aisteoir
Duaiseanna
Gluaiseacht ealaíneceol tíre
popcheol
snagcheol
Uirlis cheoilceol gutha
Lipéad ceoilCapitol Records
IMDbnm0607595
Discogs ID299955
Ceirnín Ella Mae Morse agus Freddie Slacks, "House of Blue Lights"

B’amhránaí mór le rá Meiriceánach í Ella Mae Morse (12 Meán Fómhair 192416 Deireadh Fómhair 1999). Rugadh Ella i Mansfield, Texas.

D’fhostaigh Jimmy Dorsey í nuair a bhí sí 14 bliana d’aois. Bhí Dorsey den tuairim go raibh sí 19 mbliana d’aois, agus nuair a chuir an bord scoile in iúl dó go raibh sé freagrach as a cúram, fuair sé réidh léi. I 1942, nuair a bhí sí in aois a 17 mbliana, chuaigh sí le banna Freddie Slack. An bhliain chéanna thaifid sí “Cow Cow Boogie” le Freddie - an chéad cheirnín singil órga ag Capitol Records.

I 1943 thosaigh sí ag taifeadadh go haonarach. Chas sí amhráin i stíleanna éagsúla agus bhí amhráin aici i gcairteanna “pop” agus “rhythm and blues” araon. Níor éirigh léi bheith ina réalt mór le rá riamh, áfach. “Blacksmith Blues” (1952) an t-amhrán solo ba mhó cáil a d’eisigh sí. Níor thaifid sí aon rud i ndiaidh 1957 ach choinnigh sí uirthi ag déanamh ceoil go dtí 1987. Phós sí dhá uair agus bhí seisear páistí aici.

Fuair sí bás de thairbhe easpa anála i Bullhead City, Arizona.