Hillary Rodham Clinton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hillary Rodham Clinton

Polaiteoir Meiriceánach is ea Hillary Rodham Clinton. Rugadh mar Hillary Diane Rodham ar 26 Deireadh Fómhair, 1947 i Chicago, Illinois. Tógadh í sa chathair sin agus in Park Ridge, Illinois, fobhaile de chuid Chicago. Den chreideamh Módhach iad a muintir.

Ba í Clinton an First Lady ón bhliain 1993 go dtí 2001 agus a fear céile, Bill Clinton, ina Uachtarán. Bhí sí ina seanadóir sóisearach ó Nua-Eabhrac ó 2001 go dtí 2009. Rinne sí iarracht ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh a fháil don toghchán uachtaránachta i mí na Samhna 2008. Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe a bhí inti ó 21 Eanáir, 2009 go dtí 1 Feabhra, 2013. Is ball den Pháirtí Daonlathach í.

Saol Luath[athraigh | edit source]

Rugadh Hillary Rodham in Chicago sa bhliain 1947. Bhí spéis aici sa pholaitíocht nuair a bhí sí ar scoil agus ar an ollscoil.

Bhain sí céim amach sa dlí in Ollscoil Yale sa bhliain 1973. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, phós sí Bill Clinton, fear a bhí ar an ollscoil léi. Bhog an bheirt acu go hArkansas.

Chabhraigh sí le páirtí a hathar, na Poblachtaigh. Tar éis tamaill, d’fhág sí an páirtí Poblachtach mar ní raibh sí sásta le cuid de na polasaithe a bhí acu. Thosaigh sí ag obair do na Daonlathaigh.

Bhí Hillary sa Seanad idir 2001 agus 2009 mar ionadaí do stát Nua-Eabhrac.

Cara dílis d’Éirinn is ea Hillary. Is minic a thagann sí ar cuairt chuig Éirinn. Léiríonn sí suim i gcónaí i gcúrsaí síochána i dTuaisceart Éireann.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]