Michael Jordan
Is é Michael Jordan, nó MJ, an t-imreoir cispheile is fearr riamh (de réir an NBA in 2023 ar aon nós); bhuaigh sé 6 chomórtas leis an bhfoireann Chicago Bulls.[1] Rugadh é i mBrooklyn, Nua-Eabhrac sa bhliain 1963.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhog an teaghlach go Carolina Thuaidh nuair a bhí sé ina ghasúr óg. Bhuaigh sé scoláireacht cispheile go hOllscoil North Carolina.
Sa bhliain 1984 bhuaigh sé "Imreoir Choláiste Naismith na Bliana". Is ansin a thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls. D'imir sé chun tosaigh sa chluiche cispheile don chuid is mó mar go bhfuil sé iontach ard (198cm).[2]
Sa bhliain 1993 d'éirigh sé as an gcispheil nuair a maraíodh a athair agus thosaigh sé ag imirt daorchluiche.
Ach níor fhan sé ar shiúl ón gcispheil i bhfad agus thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls arís ar an 18 Márta 1995. Sa bhliain 1996 shínigh sé conradh $30 milliúin leo. D'imir sé a chluiche dheireanach sa bhliain 2003.
Ar scor
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar scor, d'éirigh MJ ina fhear gnó.[3] Is fiú b'fhéidir $1,700 milliún a mhaoin phearsanta in 2023.[4] Agus é 60 bliain d’aois, thug sé $10 milliún don charthanacht Make a Wish. Is í seo an tsuim airgid is mó a fuair an charthanacht ó dhuine amháin riamh. Le linn na paindéime COVID, thug MJ dhá mhilliún dollar do charthanacht eile, Feeding America.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ maynoothuniversity.ie (13 Márta 2023). "Eleathanach 434". Dáta rochtana: Márta 2023.
- ↑ sé troigh agus sé orlach (2023-03-04). "Michael Jordan" (as en). Wikipedia.
- ↑ Cork Gaines, Taylor Borden, Rachel Askinasi, Monica Humphries. "From secret golf courses to private jets, here's how Michael Jordan makes and spends his $1.6 billion fortune" (en-US). Insider. Dáta rochtana: 2023-03-10.
- ↑ Cork Gaines, Taylor Borden, Rachel Askinasi, Monica Humphries. "Michael Jordan was the first athlete-billionaire — here's how he makes and spends his millions" (en-US). Insider. Dáta rochtana: 2023-03-10.