Cath Koljonvirta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Koljonvirta
Íomhá
Map
 63°35′19″N 27°09′51″E / 63.5886°N 27.1642°E / 63.5886; 27.1642
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh na Fionlainne (1808-1809) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana27 Deireadh Fómhair 1808 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhIisalmi, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata


Is éard a bhí i gceist le Cath Koljonvirta (Fionlainnis: Koljonvirran taistelu, Sualainnis: Slaget vid Virta bro, is é sin, "an cath ag droichead Virta") ná cath a chuir fórsaí armtha na Rúise agus na Sualainne ar a chéile ar an 27 Deireadh Fómhair, 1808 cois na habhann úd Koljonvirta in Iisalmi san Fhionlainn. Ceann de chathanna Chogadh na Fionlainne a bhí ann.

Bhí ar na fórsaí Sualannacha, agus iad faoi cheannas an ghinearáil Johan August Sandels, cúlú tar éis chath Oravainen leis an teagmháil leis na Rúisigh a sheachaint. Tháinig Sandels ar áit mhaith foscaidh i dtuaisceart Iisalmi, agus chinn sé ar chath a chur ar na Rúisigh ansin lena n-ionradh a stopadh.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir an 29 Meán Fómhair agus an 27 Deireadh Fómhair bhí sos cogaidh i bhfeidhm idir an dá thaobh. Bhí na Rúisigh i bhfád ní ba líonmhaire ná fórsaí Sandels, ach bhí sé soiprithe in áit mhaith inchosanta idir dhá loch a bhí ceangailte dá chéile ag an abhainn úd Koljonvirta. D'ullmhaigh sé go maith roimh dheireadh an tsos cogaidh, ach deirtear gur ionsaigh na Rúisigh uair an chloig roimh an am socraithe, ó bhí am na Rúise ag dul an oiread sin chun tosaigh ar am na Fionlainne. Mar a scríobh an file Johan Ludvig Runeberg ina dhán Sandels:

(bunleagan Sualainnise le Runeberg)

Vårt ur var tolv, och vi följde det,
Men den ryska klockan är ett.

(aistriúchán Fionlainnise le Paavo Cajander

Kakstoista sai kellomme täytetyks
Mutta ryssän kello on yks.

"De réir ár n-uaireadóra féin, bhí sé a dó dhéag a chlog, ach tá sé a haon a chlog ar thaobh na Rúise."

Is é an tuiscint atá ag na staraithe ar an scéal, áfach, ná nach bhfuil craiceann ar bith ar an bhfinscéal seo, drámatúil draíochtúil is uile mar atá sé, nó ní raibh córas na gcriosanna ama in úsáid go fóill sa bhliain 1808: bhí an dá arm ag cloí leis an meán lae áitiúil mar chaighdeán.

Cibé scéal é, tharraing Sandels a chuid fórsaí ó thaobh theas na habhann, agus na Rúisigh ag teacht thar an droichead leathscriosta trasna na habhann. D'éirigh leis na Sualannaigh na Rúisigh a bhrú isteach san abhainn, agus cé gur tháinig tuilleadh saighdiúirí Rúiseacha ar láthair an chatha, bhí an misneach bainte díobh i ndiaidh fhrithionsaí na Sualannach. Mar sin, chuaigh ascnamh na bhfórsaí Rúiseacha in abar ar feadh tamaill. Thairis sin, maraíodh an prionsa Dolgorukov (nó Dolgoruki, de réir foinsí eile) sa chath.

Toradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é cath Koljonvirta an cath deireanach a bhuaigh na Sualannaigh ar thalamh na Fionlainne. Mar sin féin, níor athraigh sé an deireadh a tháinig le cogadh na Fionlainne: b'éigean do na Sualannaigh an Fhionlainn go léir a ghéilleadh don Rúis.

Scéal eile ar fad go raibh tábhacht nach beag leis an gcath seo i gcultúr agus i litríocht na Fionlainne, go háirithe nuair a scríobh Johan Ludvig Runeberg an cnuasach dánta úd Fänrik Ståls sägner faoi chogadh na Fionlainne. B'iad imeachtaí an chatha seo ab ábhar do na dánta úd Sandels agus Sven Dufva. Thairis sin, scríobh Aarno Kellberg úrscéal dúisitheach eachtraíochta don aos óg faoin gcath, mar atá, Koljonvirran sissit ("Na Treallchogaithe ag Koljonvirta").

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]