John L. Sullivan
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Deireadh Fómhair 1858 Roxbury, Massachusetts |
Bás | 2 Feabhra 1918 59 bliana d'aois Abington, Massachusetts |
Faisnéis phearsanta | |
Airde | 179 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dornálaí |
Tír spóirt | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Spórt | dornálaíocht |
Disciplín spóirt | dornálaíocht trom-mheáchan |
Dornálaí Meiriceánach ab ea John Lawrence Sullivan (15 Deireadh Fómhair, 1858 - 2 Feabhra, 1918), ar a dtugtar John L. i measc a lucht leanúna, agus ar thug an preas an Boston Strong Boy air. Aithníodh é mar an chéad churadh trom-mheáchain ar dhornálaíocht dorn-chlúdaithe. a bhí i réim de facto ón 7 Feabhra, 1882, go dtí an 7 Meán Fómhair, 1892.
Aithnítear go ginearálta é freisin mar an curadh trom-mheáchain deireanach dorn-nochta faoi London Prize Ring Rules, agus é ina íocón cultúrtha de Mheiriceá i ndeireadh an 19ú haois, is féidir a rá gurb é an chéad sár-réalta dornálaíochta é agus ceann de na lúthchleasaithe is airde pá ar domhan ina ré.
Chuir clúdach nuachtáin ar a shlí bheatha, leis na cuntais is déanaí ar a chuid troideanna craobhchomórtais le feiceáil go minic sna ceannlínte, agus mar scéalta clúdaigh, tús le iriseoireacht spóirt sna Stáit Aontaithe agus leag sé an patrún go hidirnáisiúnta chun imeachtaí dornálaíochta a chlúdach sna meáin, agus fóta-iriseoireachta. [1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ In This Corner — John L. Sullivan with comments by Bert Sugar.