Vicipéid:Laethanta roghnaithe/Mí na Samhna
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Aoine, 13 Nollaig 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach
<< | Vicipéid:Laethanta roghnaithe i mí na Samhna |
>> | ||||
Do | Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | ||
6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 |
13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 |
20 | 21 | 22 | 23 | 24 | 25 | 26 |
27 | 28 | 29 | 30 | |||
Seo cartlann na laethanta stairiúil a bhí ar an Príomhleathanach Leagan amach laethúil 2024 |
Is é an 1 Samhain an 305ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 306ú lá i mbliain bhisigh. Tá 61 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Samhna / Lá na Naomh Uile" agus "Lá Domhanda Veigeánach".
- 1629 – Rugadh Oilibhéar Pluincéid, ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hEaglaise Caitlicí in Éirinn (b.1681)
- 1884 – Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael in Óstán Uí hAodha, Dúrlas, Contae Thiobraid Árann
- 1894 – Cailleadh Alastair III na Rúise, Impire na Rúise (r.1845)
- 1962 – Rugadh Anthony Kiedis, amhránaí Meiriceánach (Red Hot Chili Peppers)
- 1963 – Rugadh Mark Hughes, imreoir agus bainisteoir sacair
- 1979 – Rugadh Anraí Ó Sibhleáin, iománaí Éireannach
- 1995 – Cailleadh Brian Ó Luineacháin, polaiteoir Éireannach (r.1930)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 2 Samhain an 306ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 307ú lá i mbliain bhisigh. Tá 59 lá fágtha sa bhliain.
- 1755 – Rugadh Marie-Antoinette na hOstaire, bean chéile Louis XVI na Fraince (b.1793)
- 1795 – Rugadh James Knox Polk, 11ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (b.1849)
- 1815 – Rugadh George Boole, eolaí agus fealsúnaí (b.1864)
- 1865 – Rugadh Warren G. Harding, 29ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1923)
- 1950 – Cailleadh George Bernard Shaw, drámadóir Éireannach (r.1856)
- 1973 – Rugadh John Hayes, imreoir rugbaí
- 2004 – Bhuaigh George W. Bush an toghchán uachtaránachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 3 Samhain an 307ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 308ú lá i mbliain bhisigh. Tá 58 lá fágtha sa bhliain.
- 1815 – Rugadh John Mitchel, náisiúnaí Éireannach (b.1875)
- 1912 – Rugadh Alfredo Stroessner, oifigeach airm agus deachtóir Pharagua (b.2006)
- 1917 – Rugadh Conchúr Crús Ó Briain, scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach Éireannach (b.2008)
- 1923 – Rugadh Tomás Séamus Cairdinéal Ó Fiaich, scoláire agus sagart (b.1990)
- 1932 – Rugadh Ailbhe Mac Raghnaill, 8ú Taoiseach na hÉireann
- 1954 – Cailleadh Henri Matisse, 84, péintéir (b.1869)
- 1971 – Rugadh Dylan Moran, fuirseoir agus aisteoir Éireannach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 4 Samhain an 308ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 309ú lá i mbliain bhisigh. Tá 57 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na mBratach" sa Phanama.
- 1790 – Rugadh Carlos Antonio López, polaiteoir as Paragua (b.1862)
- 1932 – Rugadh Tommy Makem, ceoltóir Éireannach (b.2007)
- 1951 – Rugadh Traian Băsescu, polaiteoir Rómáineach
- 1955 – Rugadh Matti Vanhanen, príomh-aire na Fionlainne
- 1972 – Rugadh Luís Figo, imreoir sacair
- 1969 – Rugadh Sean John "Puff Daddy" Combs, léiritheoir agus ceoltóir rap
- 2008 – Bhuaigh Barack Obama toghchán uachtaránachta Mheiriceá
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 5 Samhain an 309ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 310ú lá i mbliain bhisigh. Tá 56 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Guy Fawkes Night" sa Ríocht Aontaithe.
- 1909 – D'oscail an chéad siopa Woolworths i Sasana
- 1914 – D'fhógair an Bhreatain cogadh in aghaidh na Tuirce
- 1931 – Rugadh Ike Turner, ceoltóir Meiriceánach (b.2007)
- 1960 – Rugadh Tilda Swinton, aisteoir
- 1967 – Maraíodh 90 duine i dtimpiste traenach in Oirdheisceart Londan
- 1974 – Rugadh Ryan Adams, ceoltóir
- 1974 – Rugadh Gráinne Seoige, láithreoir teilifís
- 1987 – Cailleadh Eamonn Andrews, craoltóir (r.1922)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 6 Samhain an 310ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 311ú lá i mbliain bhisigh. Tá 55 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Poblachta" san Phoblacht Dhoiminiceach.
- 1632 – Cailleadh Gustaf Adolf, rí na tSualainne (r.1594)
- 1796 – Cailleadh Caitríona Mhór, ban-impire na Rúise (r.1729)
- 1836 – Cailleadh Charles X, rí na Fraince (r.1757)
- 1887 – Bunaíodh Celtic Football Club ag an mbráthair Walfrid i nGlaschú
- 1924 – Rugadh William Auld, file Albanach (b.2006)
- 1987 – Rugadh Ana Ivanović, imreoir leadóige Seirbiach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 7 Samhain an 311ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 312ú lá i mbliain bhisigh. Tá 54 lá fágtha sa bhliain.
- 1848 – Toghadh Zachary Taylor ina Uachtarán ar SAM
- 1879 – Rugadh Leon Trotscaí, réabhlóidí Boilséiveach agus Marxach (b.1940)
- 1944 – Atoghadh Franklin D. Roosevelt ina Uachtarán ar SAM - a cheathrú tréimhse
- 1952 – Rugadh Geraldo Alckmin, polaiteoir Brasaíleach
- 1964 – Rugadh Liam Ó Maonlaí, amhránaí Éireannach
- 1978 – Rugadh Rio Ferdinand, imreoir sacair
- 1992 – Cailleadh Alexander Dubček, polaiteoir agus ceannaire na Seicslóvaice (r.1921)
- 2000 – Toghadh George W. Bush ina uachtarán ar SAM, cé go raibh an-chuid cospóide faoi áireamh na vótaí
- 2007 – Thit Ár Jokela amach i sráidbhaile Jokela san Fhionlainn
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 8 Samhain an 312ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 313ú lá i mbliain bhisigh. Tá 53 lá fágtha sa bhliain.
- 1656 – Rugadh Edmund Halley, réalteolaí, matamaiticeoir agus fisiceoir (b.1742)
- 1793 – Osclaíodh an Palás de Louvre don phobal
- 1847 – Rugadh Bram Stoker, scríbhneoir Éireannach (b.1847)
- 1957 – Rugadh Alan Curbishley, iar-imreoir agus bainisteoir sacair
- 1960 – Toghadh John F. Kennedy ina uachtarán i Meiriceá
- 1961 – Rugadh Seán Ó hEochaidh, polaiteoir Éireannach
- 1966 – Toghadh Ronald Reagan mar Ghobharnóir ar California
- 1973 – Cuireadh deireadh le Cogadh na dTrosc idir an Íoslainn agus Sasana don dara huair
- 1987 – Maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 9 Samhain an 313ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 314ú lá i mbliain bhisigh. Tá 52 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Chambóid.
- 1841 – Rugadh Éadbhard VII, rí na Ríochta Aontaithe (b.1910)
- 1872 – Déanadh scrios ar 800 foirgneamh i mBostún, Massachusetts
- 1875 – Rugadh Hugh Lane, déileálaí ealaíne Éireannach (b.1915)
- 1890 – Cailleadh Charles de Gaulle, ginearál agus uachtarán na Fraince (r. 1890)
- 1893 – Rugadh Liam Ó Loingsigh, oifigeach in Óglaigh na hÉireann (b.1923)
- 1926 – Rugadh Hugh Leonard, drámadóir agus iriseoir Éireannach (b.2009)
- 1937 – Cailleadh Ramsay MacDonald, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (r. 1886))
- 1940 – Cailleadh Neville Chamberlain, polaiteoir Briotanach (r. 1869)
- 1963 – Maraíodh os cionn 450 mianadóir de bharr pléascadh deannach guail a tharla faoi thalamh i mianach sa tSeapáin
- 1965 – Cuireadh deireadh le pionós an bháis sa Bhreatain
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 10 Samhain an 314ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 315ú lá i mbliain bhisigh. Tá 51 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá cuimhneacháin do Kemal Atatürk" sa Tuirc.
- 1483 – Rugadh Mairtín Liútar, diagaire Gearmánach (b.1546)
- 1565 – Rugadh Robert Devereux, 2ú Iarla Essex (b.1601)
- 1683 – Rugadh Seoirse II, rí na Breataine Móire (b.1760)
- 1845 – Rugadh John Sparrow David Thompson, Príomh-Aire na Ceanada (b.1894)
- 1874 – Rugadh Herbert C. Hoover, 31ú Uachtarán na Stát Aontaithe (b.1964)
- 1891 – Cailleadh Arthur Rimbaud, file (r.1854)
- 1932 – Rugadh Roy Scheider, aisteoir Meiriceánach (b.2008)
- 1933 – Bhuail an stoirm dheannaigh an Black Blizzard Dakota Theas
- 1938 – Cailleadh Kemal Atatürk, 1ú Uachtarán na Tuirce (r.1881)
- 1965 – Rugadh Eddie Irvine, tiománaí Foirmle a hAon
- 1982 – Cailleadh Leonid Brezhnev, ceannaire ar an Aontas Sóivéadach (r.1906)
- 2004 – Vótáil Comh-Aireacht na hAlban chun cosc a chur ar chaitheamh tobac i bhfoirgnimh phoiblí in Albain
- 2008 – Cailleadh Miriam Makeba, amhránaí (r.1932)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 11 Samhain an 315ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 316ú lá i mbliain bhisigh. Tá 50 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Pholainn.
- 1891 – Cailleadh Ned Kelly, ceithearnach coille (r.~1855)
- 1905 – Rugadh Erskine Childers, ceathrú Uachtarán na hÉireann (b.1974)
- 1918 – Deireadh an Chéad Chogadh Domhanda
- 1941 – Rugadh Éadbhard Ó Cathaoir, iománaí Éireannach
- 1970 – Rugadh D. S. Ó Ciara, iománaí Éireannach
- 1974 – Rugadh Leonardo DiCaprio, aisteoir
- 2004 – Cailleadh Iasar Arafat, uachtarán ar an Údarás Phalaistíneach (r.1929)
- 2006 – Eisíodh an Playstation 3 sa tSeapáin
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 12 Samhain an 316ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 317ú lá i mbliain bhisigh. Tá 49 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá an Bhunreachta" san Asarbaiseáin.
- 1895 – Rugadh Dolores Ibárruri, La Pasionaria (b.1989)
- 1929 – Rugadh Grace Kelly, aisteoir (b.1982)
- 1934 – Rugadh John McGahern, úrscéalaí (b.2006)
- 1945 – Rugadh Neil Young, ceoltóir
- 1984 – Cuireadh deireadh leis an nóta 1 punt i Sasana
- 2001 – Maraíodh 260 duine i dtimpiste eitleáin de chuid American Airlines i Nua-Eabhrac
- 2008 – Cailleadh Mitch Mitchell, drumadóir le The Jimi Hendrix Experience (r.1947)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 13 Samhain an 317ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 318ú lá i mbliain bhisigh. Tá 48 lá fágtha sa bhliain.
- 354 – Rugadh Naomh Agaistín, Naomh san Eaglais Chaitliceach (b.430)
- 1312 – Rugadh Éadbhard III, rí ar Shasana (b.1377)
- 1850 – Rugadh Robert Louis Stevenson, údar (b.1894)
- 1868 – Cailleadh Gioacchino Rossini, 76, cumadóir ceoil (r.1792)
- 1864 – Rugadh Marco Aurelio Soto, Uachtarán ar Hondúras (b.1908)
- 1887 – Domhnach na Fola i Londain
- 1892 – Rugadh Huang Xianfan, staraí Síneach (b.1982)
- 1985 – Meastar gur maraíodh 23,000 duine i mbrúchtadh bolcánach i gColombia
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 14 Samhain an 318ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 319ú lá i mbliain bhisigh. Tá 47 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Domhanda Diaibéitis".
- 1650 – Rugadh Liam III Shasana (Liam Oráiste), rí ar Shasana, Albain agus Éirinn (b.1702)
- 1889 – Rugadh Jawaharlal Nehru, ceannaire Indiach (b.1964)
- 1922 – Rugadh Boutros Boutros-Ghali, 6ú Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe
- 1932 – Chuaigh dearbháin leabhair ar díol don chéad uair i Sasana
- 1951 – Rugadh Dominique de Villepin, polaiteoir agus iar-phríomhaire na Fraince
- 1954 – Rugadh Condoleezza Rice, polaiteoir Meiriceánach
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 15 Samhain an 319ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 320ú lá i mbliain bhisigh. Tá 46 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Shichi-Go-San" sa tSeapáin.
- 1630 – Cailleadh Johannes Kepler, matamaiticeoir agus réalteolaí Gearmánach (r.1571)
- 1778 – Rugadh Giovanni Battista Belzoni, taiscéalaí Iodálach (b.1824)
- 1891 – Rugadh Liam Mac Piarais, náisiúnaí Éireannach (b.1916)
- 1891 – Rugadh Erwin Rommel, ceannaire den arm Gearmánach i rith an Dara Cogadh Domhanda (b.1944)
- 1907 – Rugadh Claus Schenk von Stauffenberg, oifigeach Gearmánach (b.1944)
- 1916 – Cailleadh Henryk Sienkiewicz, scríbhneoir Polannach (r.1846)
- 1954 – Rugadh Aleksander Kwaśniewski, iar-uachtarán na bPolainne
- 1956 – Taispeánadh an chéad scannán a ghlac Elvis Presley páirt ann "Love Me Tender"
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 16 Samhain an 320ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 321ú lá i mbliain bhisigh. Tá 45 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Dagur íslenskrar tungu" san Íoslainn.
- 1272 – Cailleadh Anraí III Shasana, rí ar Shasana (r.1207)
- 1885 – Cailleadh Louis Riel, polaiteoir Ceanadach (r.1844)
- 1930 – Rugadh Salvatore Riina, Mafioso
- 1945 – Bunaíodh UNESCO
- 1960 – Cailleadh Clark Gable, aisteoir Meiriceánach (r.1901)
- 1965 – Cailleadh Liam Tomás Mac Cosgair, polaiteoir Éireannach (r.1880)
- 1968 – Rugadh David Casa, polaiteoir Máltach
- 1974 – Rugadh Paul Scholes, imreoir sacair
- 1977 – Rugadh Maggie Gyllenhaal, aisteoir
- 1986 – Cailleadh Siobhán McKenna, aisteoir Éireannach (r.1922)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 17 Samhain an 321ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 322ú lá i mbliain bhisigh. Tá 44 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Polytechneio" sa Ghréig.
- 1558 – Cailleadh Máire I, banríon ar Shasana (r.1516)
- 1749 – Rugadh Nicolas Appert, aireagóir (b.1841)
- 1917 – Rugadh Helen Suzman, polaiteoir de chuid na hAfraice Theas (b.2009)
- 1929 – Cailleadh Herman Hollerith, innealtóir Meiriceánach de phór na Gearmáine (r.1860)
- 1930 – Rugadh Brian Pádraig Ó Luineacháin, polaiteoir agus Iar-Thánaiste Éireannach (b.1995)
- 1940 – Rugadh Luke Kelly, amhránaí Éireannach (b.1984)
- 1964 – Rugadh Marina Carr, drámadóir Éireannach
- 1974 – Cailleadh Erskine Childers, 69, ceathrú Uachtarán na hÉireann (r.1905)
- 2003 – Oirniú Arnold Schwarzenegger mar ghobharnóir ar California
- 2006 – Cailleadh Ferenc Puskás, imreoir sacair (r.1927)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 18 Samhain an 322ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 323ú lá i mbliain bhisigh. Tá 43 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Mharacó agus sa Laitvia.
- 1886 – Cailleadh Chester A. Arthur, 56, 21ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá (r.1829)
- 1923 – Rugadh Ted Stevens, seanadóir na Stát Aontaithe
- 1928 – Taispeánadh an chéad scannán de chuid Mickey Mouse
- 1953 – Rugadh Alan Moore, scríbhneoir
- 1962 – Cailleadh Niels Bohr, fisiceoir Danmhairgeach (r.1885)
- 1969 – Cailleadh Joseph P. Kennedy, Sr., fear gnó agus polaiteoir (r.1888)
- 1983 – Rugadh Michael Dawson, imreoir sacair Sasanach
- 1987 – Cailleadh 30 daoine i dtine a tharla i stáisiún traenach ag King's Cross i Londain
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 19 Samhain an 323ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 324ú lá i mbliain bhisigh. Tá 42 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Fuascailte" i Mailí.
- 1798 – Cailleadh Theobald Wolfe Tone, 35, Athair an Phoblachtachais in Éirinn (r.1763)
- 1831 – Rugadh James A. Garfield, 20ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1881)
- 1863 – Thug Abraham Lincoln óráid ar a dtugtar Aitheasc Gettysburg
- 1917 – Rugadh Indira Gandhi, príomh-aire na hIndia (b.1984)
- 1918 – Rugadh Breandán Mac Fheorais, polaiteoir Éireannach (b.1990)
- 1942 – Cailleadh Bruno Schulz, scríbhneoir agus ealaíontóir Polannach (r.1892)
- 1945 – Rugadh Christie Hennessy, cumadóir agus amhránaí Éireannach (b.2007)
- 1957 – Rugadh Jack O'Shea, iar-pheileadóir Ghaelach
- 1962 – Rugadh Jodie Foster, banaisteoir Meiriceánach
- 2002 – Chuaigh an tancaer Prestige go tóin poill amach ó chósta na Spáinne
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 20 Samhain an 324ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 325ú lá i mbliain bhisigh. Tá 41 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Zumbi" sa Bhrasaíl.
- 1761 – Rugadh Pius VIII, pápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1829 agus 1830 (b.1830)
- 1920 – Tharla Domhnach na Fola ina maraíodh 27 duine i mBaile Átha Cliaith.
- 1925 – Rugadh Robert F. Kennedy, polaiteoir Meiriceánach (b.1968)
- 1942 – Rugadh Joe Biden, polaiteoir Meiriceánach
- 1947 – Cailleadh Wolfgang Borchert, scríbhneoir Gearmánach (r.1921)
- 1975 – Cailleadh Francisco Franco, deachtóir Spáinneach (r.1892)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 21 Samhain an 325ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 326ú lá i mbliain bhisigh. Tá 40 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na bhFórsaí Cosanta" sa Bhangladéis.
- 1694 – Rugadh Voltaire (François Marie Arouet), scríbhneoir agus fealsamh Francach (b.1778)
- 1761 – Rugadh Dorothy Jordan, aisteoir Éireannach agus bean luí an rí Liam IV (b.1816)
- 1854 – Rugadh Beinidict XV, pápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1914 agus 1922 (b.1922)
- 1887 – Rugadh Seosamh Pluincéad, file agus náisiúnaí Éireannach (b.1916)
- 1916 – Cailleadh Franz Josef I, Impire na hOstaire (r.1830)
- 1929 – Rugadh Niall Tóibín, aisteoir agus fuirseoir Éireannach
- 1952 – Rugadh Eamonn Coghlan, lúthchleasaí Éireannach
- 1965 – Rugadh Björk Guðmundsdóttir, amhránaí agus cumadóir
- 1974 – Maraíodh 20 duine nuair a phléasc buama de chuid an IRA i mBirmingham sa Bhreatain
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 22 Samhain an 326ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 327ú lá i mbliain bhisigh. Tá 39 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" sa Liobáin.
- 1774 – Cailleadh Robert Clive, polaiteoir Sasanach (r.1725)
- 1877 – Rugadh Joan Gamper, bunaitheoir an chlub sacair F.C. Barcelona (b.1930)
- 1890 – Rugadh Charles de Gaulle, ginearál agus uachtarán na Fraince (b.1970)
- 1963 – Feallmharaíodh John F. Kennedy, (r.1917), 35ú uachtarán na Stát Aontaithe, i Dallas, Texas
- 1963 – Cailleadh C. S. Lewis, scríbhneoir (r.1898)
- 1984 – Rugadh Scarlett Johansson, aisteoir Meiriceánach-Danmhairgeach
- 1990 – D'éirigh Margaret Thatcher as a post mar Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 23 Samhain an 327ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 328ú lá i mbliain bhisigh. Tá 38 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Kinrō kansha no hi" sa tSeapáin.
- 1804 – Rugadh Franklin Pierce, 14ú uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá (b.1869)
- 1887 – Rugadh Henry Moseley, fisiceoir Sasanach (b.1915)
- 1888 – Rugadh Harpo Marx, fuirseoir (b.1964)
- 1910 – Cailleadh Hawley Harvey Crippen, lia Meiriceánach cuireadh chun báis de dheasca gur dhúnmharaigh sé a bhean chéile (r.1862)
- 1966 – Cailleadh Seán Tomás Ó Ceallaigh, 84, dara hUachtarán na hÉireann (r.1882)
- 1980 – Maraíodh breis is 4,800 duine i gcrith talún i ndeisceart na hIodáile
- 2002 – Maraíodh 215 duine agus gortaíodh os cionn 500 duine i gcíréibeacha sa Nigéir de bharr go raibh comórtas áilleachta Miss World á reáchtáil ann
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 24 Samhain an 328ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 329ú lá i mbliain bhisigh. Tá 37 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Colman" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1784 – Rugadh Zachary Taylor, 12ú uachtarán na Stát Aontaithe (b.1850)
- 1826 – Rugadh Carlo Collodi, iriseoir agus scríbhneoir Iodálach (b.1890)
- 1922 – Cailleadh Robert Erskine Childers, údar agus náisiúnaí Éireannach (r.1870)
- 1940 – Cailleadh James Craig, ceannaire aontachtach i dTuaisceart Éireann (r.1871)
- 1942 – Rugadh Billy Connolly, aisteoir, fuirseoir agus ceoltóir Albanach
- 1963 – Cailleadh Lee Harvey Oswald, feallmharfóir John F. Kennedy (r.1939)
- 1973 – Tugadh cead vótála do na bundúchasaigh san Astráil
- 1991 – Cailleadh Freddie Mercury, amhránaí agus ceoltóir Sasanach (r.1946)
- 1995 – Vótáil muintir na hÉireann ar son leasú sa Bhunreacht chun go mbeadh colscaradh dleathach sa tír
- 1996 – Cailleadh Somhairle MacGill-Eain, file Albanach (r.1911)
- 1996 – Cailleadh Mícheál Ó hEithir, iriseoir spóirt (r.1920)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 25 Samhain an 329ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 330ú lá i mbliain bhisigh. Tá 36 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Náisiúnta" san Bhoisnia-Heirseagaivéin agus "Lá na Saoirse" sa Suranam.
- 1881 – Rugadh Pápa Eoin XXIII, pápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1958 agus 1963 (b.1963)
- 1913 – Bunaíodh Óglaigh na hÉireann
- 1915 – Rugadh Augusto Pinochet, ginearál agus ceannaire na Sile (b.2006)
- 1963 – Cuireadh John F. Kennedy i Reilig Náisiúnta Arlington
- 1974 – D'fhógair Rúnaí Baile Shasana Roy Jenkins gur eagraíocht mhídhleathach a bhí san IRA Sealadach i Sasana
- 2005 – Cailleadh George Best, imreoir sacair (r.1946)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 26 Samhain an 330ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 331ú lá i mbliain bhisigh. Tá 35 lá fágtha sa bhliain.
- 1855 – Cailleadh Adam Mickiewicz, file náisiúnta na Polainne (r.1798)
- 1910 – Rugadh Cyril Cusack, aisteoir (b.1993)
- 1912 – Rugadh Eugen Ionescu (Eugène Ionesco), drámadóir (b.1994)
- 1939 – Rugadh Tina Turner, amhránaí
- 1941 – D'fhógair an Liobáin neamhspleáchas ón Fhrainc
- 1953 – Rugadh Marian Harkin, polaiteoir Éireannach
- 1960 – Rugadh Delio Rossi, iar-imreoir agus bainisteoir sacair
- 2000 – Cailleadh Pádraig Ó Donnagáin, polaiteoir Éireannach (r.1923)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 27 Samhain an 331ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 332ú lá i mbliain bhisigh. Tá 34 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Laochra" sa Bhealarúis.
- 1852 – Cailleadh Ada Lovelace, iníon leis an bhfile Lord Byron (r.1815)
- 1906 – Cailleadh Mícheál Ó Cíosóig, múinteoir agus bunaitheoir an CLG (r.1847)
- 1914 – Chuaigh na chéad póilíní ban i Sasana ar dualgas don chéad uair riamh i Lincolnshire
- 1919 – Thuirling meitéar mór i Loch Michigan i Meiriceá
- 1921 – Rugadh Alexander Dubček, polaiteoir agus ceannaire stáit (b.1992)
- 1933 – Rugadh Jacques Godbout, scríbhneoir
- 1942 – Rugadh Jimi Hendrix, giotáraí raic Meiriceánach (b. 1970)
- 2005 – Maraíodh 107 duine nuair a phléasc buama a bhí ar bord scairdeitleán go gairid tar éis di Aerfort Idirnáisiúnta Bogotá a fhágáil
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 28 Samhain an 332ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 333ú lá i mbliain bhisigh. Tá 33 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá na Saoirse" san Mháratáin.
- 1820 – Rugadh Friedrich Engels, fealsamh agus réabhlóidí Gearmánach (b.1895)
- 1881 – Rugadh Stefan Zweig, scríbhneoir (b.1942)
- 1952 – Rugadh Pádraig Mac an Choiligh, polaiteoir Éireannach
- 1956 – Rugadh Mahmoud Ahmadinejad, 6ú uachtarán na hIaráine
- 1959 – Rugadh Stephen Roche, rothaí Éireannach
- 1967 – Rugadh Anna Nicole Smith, aisteoir agus mainicín Meiriceánach (b.2007)
- 1969 – Rugadh Sonia O'Sullivan, lúthchleasaí Éireannach
- 1975 – D'fhógair an Tíomór Thoir neamhspleáchas ón Phortaingéil
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 29 Samhain an 333ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 334ú lá i mbliain bhisigh. Tá 32 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Dita e Çlirimit" san Albáin.
- 1832 – Rugadh Louisa May Alcott, scríbhneoir Meiriceánach (b.1888)
- 1898 – Rugadh C. S. Lewis, úrscéalaí (b.1963)
- 1932 – Rugadh Jacques Chirac, uachtarán na Fraince
- 1962 – Shocraigh an Fhrainc agus an Bhreatain go dtógfadh siad an chéad aerlínéar forshonach
- 1973 – Rugadh Ryan Giggs, imreoir sacair
- 1974 – Cailleadh James J. Braddock, dornálaí (r.1905)
- 1975 – D'ainmnigh Bill Gates an cuideachta ar bhunaigh sé féin agus Paul Allen mar Microsoft
- 2001 – Cailleadh George Harrison, ceoltóir Sasanach as The Beatles (r.1943)
féach – plé – cur in eagar – stair
Is é an 30 Samhain an 334ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 335ú lá i mbliain bhisigh. Tá 31 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Aindriú" san Albáin agus "Lá na Saoirse" sa Barbadós.
- 1667 – Rugadh Jonathan Swift, file, aorthóir, eaglaiseach (b.1745)
- 1718 – Cailleadh Karl XII, rí na Sualainne (r.1682)
- 1761 – Rugadh Smithson Tennant, ceimiceoir Sasanach (b.1815)
- 1835 – Rugadh Mark Twain, scríbhneoir Meiriceánach, óráidí poiblí, agus iriseoir (b.1910)
- 1874 – Rugadh Winston Churchill, polaiteoir Briotanach (b.1965)
- 1900 – Cailleadh Oscar Wilde, údar, nathaí (r.1854)
- 1944 – Rugadh George Graham, iar-bhainisteoir sacair Albanach
- 1944 – Cailleadh Eoin Ó Dufaigh, polaiteoir, chéad choimisinéir an Gharda Síochána, ceannaire na Léinte Gorma, srl (r.1892)
- 1967 – Cailleadh Patrick Kavanagh, file Éireannach (r.1904)
féach – plé – cur in eagar – stair
Laethanta roghnaithe/Ar an Lá Seo cartlann
Eanáir - Feabhra - Márta - Aibreán - Bealtaine - Meitheamh - Iúil - Lúnasa - Meán Fómhair - Deireadh Fómhair - Mí na Samhna - Mí na Nollag
Athruithe is déanaí faoin Laethanta Roghnaithe
Inniu an Aoine, 13 Nollaig 2024 (UTC) – Athnuaigh an leathanach