Arnold Schwarzenegger
Is aisteoir agus polaiteoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá é Arnold Alois Schwarzenegger (a rugadh ar an 30 Iúil 1947). An 38ú Gobharnóir California a bhí ann.
As an Ostair is ea é, agus bhí cáil bainte amach aige mar chorpfhorbróir agus mar aisteoir, i scannáin aicsin go minic. sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht mar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh do phost ghobharnóir Chalifornia.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Schwarzenegger i dThal bei Graz, san Ostair. Bhog sé go SAM sa bhliain 1968, agus in aois 21 dó.
Bhí rath nach beag aige mar chorpfhorbróir. Bhí craobh an domhain, "Mr Olympia", buaite faoi shé aige idir 1970 and 1975.
Aisteoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thosaigh sé ag aisteoireacht Hollywood i 1975. Thánig a chéad scannán amach i 1976, an gheandrámaíocht Stay Hungry le Jeff Bridges.[1]
I measc na scannán cáiliúil atá déanta aige tá The Terminator, Predator[2], True Lies, Kindergarten Cop, agus Total Recall. Is é tuairim na coitiantachta go bhfuil Terminator 2: Judgement Day (1991) ar cheann de na scannáin leantacha is fearr a bhí riamh ann.[3] Sna blianta sin, chuir dhá chnuasach acmhainneach, seanbhunaithe ar a mbonnaibh (The Terminator agus Predator).[4]
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghlac Schwarzenegger mionn an Ghobharnóra ar an 17 Deireadh Fómhair 2003. Dúirt Ted Kennedy ag an am, nuair a cuireadh in iúl dó go raibh Schwarzenegger díreach tofa mar ghobharnóir ar Chalifornia: “Léiríonn toghadh Arnold go bhfuil muid ag maireachtáil go cinnte i náisiún inimirceach.”[5]
Thosaigh Schwarzenegger a dhara théarma san oifig ar an 5 Eanáir, 2007.
Tháinig Jerry Brown, ball den Pháirtí Daonlathach, ina dhiaidh sa phost sin sa bhliain 2011.
Aisteoireacht arís[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhíodh Schwarzenegger le feiceáil in The Expendables 2 (2012), agus bhi páirt lárnach in The Last Stand (2013) agus ansin Escape Plan (2013)l e Sylvester Stallon, Sabotage (2014), The Expendables 3 (2014),Terminator Genisys (2015), Conan the Conqueror, Why We're Killing Gunther (2016) agus Terminator: Dark Fate (1 Samhain 2019) le James Cameron. Bhí Schwarzenegger seacht mbliana le cois an trí scór nuair a tháinig Terminator Genisys amach, agus dá bhrí sin, ní raibh an teacht i láthair céanna aige. ‘Old, but not obsolete,’ a dúirt Terminator Arnie go deisbhéalach.[3]
Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní cainteoir Béarla ó dhúchas é Schwarzenegger agus tá clú ar a bhlas cainte.[6] Bhí sé admhaithe aige gur féidir leis Béarla a labhairt gan aon bhlas ach go gcothaíonn sé é i gcónaí mar go mbíonn an lucht féachana ag súil leis.
Tá scéal ann a mhaíonn go n-úsáideann Schwarzenegger teiripeoir cainte lena bhlas a chaomhnú. Agus nuair a dhéantar leaganacha Gearmáinise dá chuid scannán, ní eisean a dhéanann an t-athghuthú air féin – tá a bhlas dúchasach Ostarach róláidir is ró-thuathánach do Terminator,[7]
Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Schwarzenegger pósta le Maria Shriver, neacht le John F. Kennedy, agus ceathrar clainne acu. Fuair siad colscaradh sa bhliain 2011 i ndiaidh caidreamh le bean eile a bheith nochtaithe. Saolaíodh mac as an gcaidreamh céanna.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Stay Hungry" (as en) (2020-11-15). Wikipedia.
- ↑ "Predator (film)" (as en) (2020-11-13). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 Breandán M Mac Gearailt. "Arnie ar ais – sean agus seanchaite leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-17.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt. "Tá sé in am an Predator féin a chur de dhroim seoil agus an aois ag teacht air" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-17.
- ↑ Tom Deignan. "Léargas grinn ar theaghlach ar leith" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-17.
- ↑ Ciarán Dunbar. "12 ceiliúrán ilteangacha Daoine mór le rá le mórán le rá" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-11-17.
- ↑ youtube.com. "Schwarzenegger, auf Deutsch". Dáta rochtana: 2020.
![]() | Is síol faoin aisteoir / banaisteoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |