Ted Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Edward Moore Kennedy
Ted Kennedy, official photo portrait crop.jpg

In oifig
7 Samhain, 196225 Lúnasa, 2009
Réamhtheachtaí: Benjamin A. Smith
Comharba: Paul G. Kirk

Dáta breithe 22 Feabhra, 1932
Áit bhreithe Bostún, MA, SAM
Dáta báis 25 Lúnasa, 2009
  Hyannis Port, MA, SAM
Páirtí Páirtí Daonlathach
Gairm Polaiteoir, dlíodóir
Céile Joan Bennett Kennedy (1958–1982)
Victoria Reggie Kennedy (1992-2009)
Síniú
Ted Kennedy Signature 2.svg

Seanadóir na Stát Aontaithe ó Massachusetts ab ea Edward (Ted) Moore Kennedy (Gaeilge: Éadbhard Ó Mordha Ó Cinnéide) a rugadh ar an 22 Feabhra 1932, i mBostún, Massachusetts agus a fuair sé bás ar an 25 Lúnasa 2009. Ba bhall agus íocón é de chuid an Pháirtí Daonlathaigh.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Ted Kennedy an páiste ab óige sa teaghlach, mac le Joseph P. Kennedy, Sr. agus Rose Elizabeth Fitzgerald. D'fhreastail sé ar Scoil Fessenden, Acadamh Milton agus ansin chuaigh sé isteach in Ollscoil Harvard sa bhliain 1950.

Níos déanaí chuaigh sé isteach san Arm na Stát Aontaithe ar feadh dhá bhliain. Bhí sé lonnaithe i gceanncheathrú SHAPE i bPáras. Chuaigh Kennedy ar ais go Harvard arís, agus bhain sé céim amach i Meitheamh 1956.

Sa bhliain 1958, d’fhreastail sé ar an Hague Academy of International Law.

Bhain sé céim dlí amach ó Ollscoil Virginia agus ligeadh isteach sa bharra Massachusetts é sa bhliain 1959.

A shaol sa pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stiúir Kennedy feachtas atoghchánaíochta a dhearthár John don Sheanad nuair a bhí sé fós ag déanamh staidéar ar dlí.

Nuair a bhí John tofa mar Uachtarán na Stát Aontaithe, toghadh é mar sheanadóir ó Massachusetts sa bhliain 1962. Atoghadh é arís i 1964, 1970, 1976, 1982, 1988, 1994, agus 2000.

Bhí an Cinnéideach i mbun athrú ó bhun ar an gcóras inimirce san 1960idí. Chuir an tUachtarán Johnson Ted Kennedy i gceannas ar stiúradh an Bhille tríd an Seanad agus Teach na Comhdhála i Washington D.C.. Vótáil Tithe na Comhdhála ar son an Achta, an tAcht Náisiúnachais agus Inimirce (an tAcht Hart–Celler) sa bhliain 1965.[1]

Scannal Chappaquiddick[cuir in eagar | athraigh foinse]

an Cinnéideach sa bhliain 1967

Ar an 19 Iúil 1969 tharla timpiste i Chappaquiddick faoi chúinsí amhrasacha.[2] Níor chuir Kennedy na póilíní ar an eolas faoi thimpiste bóthair agus bás mná óige go dtí níos déanaí.

Bhí saol polaitiúil an tSeanadóra Edward Kennedy i mbaol mar gheall nár chuir sé póilíni ar an eolas faoi ar an bpointe. Bbhí míghnaoi an phobail air ón lá sin amach

Sheachain Ted Kennedy caint ar bith ar chás Chappaquiddick agus Mary Joe Kopechne i gcaitheamh a shaoil, ach amháin ina leabhar dírbheathaisnéiseach, True Compass.  Shéan Kennedy go raibh aon chaidreamh idir é féin agus Mary Jo Kopechne agus scríobh sé nach raibh brí ná ciall le cuimse dá bhfuil ráite faoi imeachtaí na hoíche sin.[3]

Arlington

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cónaí ar an Cinnéideach i Hyannis Port, lena bhean chéile, Victoria Reggie Kennedy, agus a pháistí, Curran agus Caroline.

Bhí triúr páiste fásta aige - Kara, Edward Jr., agus Patrick, lena chéad bhean chéile Virginia Joan Bennett. Bhí ceathrar gar-pháistí aige chomh maith.

Rinneadh athair ionadaí de do seisear páiste déag eile tar éis básanna a dheartháireacha John agus Robert, iad siúd a bhí feallmharaithe sna blianta 1963 agus 1968 faoi seach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Scannal Chappaquiddick

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Immigration and Nationality Act of 1965" (in en) (2020-07-18). Wikipedia. 
  2. RTÉ Presspack. "Scannalː Chappaquiddick". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-07-19.
  3. Máirtín Ó Catháin. "Oidhreacht Ted Kennedy á cíoradh i gcónaí agus scannán faoi Chappaquiddick ar na bacáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-19.