Niall Tóibín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba aisteoir agus fuirseoir Éireannach é Niall Tóibín. Saolaíodh é i gCorcaigh ar an 21 Samhain 1929,[1] i dteaghlach le Gaeilge ó dhúchais.[2] Shíothlaigh sé ar an 13 Samhain 2019. Tógadh Tóibín i dtuaisceart na cathrach i mBishop's Field, agus oileadh é ag an Mainistir Thuaidh. Nuair a bhí a chuid oideachas curtha de aige, d'fhág sé Corcaigh chun post a fháil sa státseirbhís i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir sa bhliain 1947.

Bhí sé gníomhach in Amharclann an Damer mar aisteoir agus mar léiritheoir.

Tá páirt glactha aige i scannáin agus i sraitheanna teilifísein Éirinn agus ar fud an domhain, mar shampla Ryan's Daughter agus Bracken sna 1970idí, The Irish R.M. agus Caught in a Free State sna 1980idí, agus níos déanaí Veronica Guerin, Ballykissangel agus Far and Away.[3] Chaith sé tréimhse fhada rathúil ina réimse gairme a mhair dhá scór bliain. Tá aisteoireacht déanta aige don raidió chomh maith, mar shampla a thaispeántas mar aoi ar an gclár Baldi ar BBC Radio 4. Rinne sé leaganacha gutha de ghearrscéalta le Seán Mac Mathúna freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]