Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iar-imreoir agus traenálaí peile is ea Mark Hughes OBE (rugadh Leslie Mark Hughes ar 1 Samhain, 1963 i Wrecsam, An Bhreatain Bheag). Úsáidtear an leasainm Sparky go minic. Bhí Hughes an-rathúil ina pheileadóir idir 1980 agus 2002 leis na gclubanna móra Manchester United F.C., F.C. Barcelona sa Spáinn, Chelsea F.C., Southampton F.C., Everton F.C., agus Blackburn Rovers F.C. Tar éis seo, ghlac Hughes post ina thraenálaí leis a fhoireann náisiúnta, an Bhreatain Bheag. D'éirigh sé as i 2004, agus thóg sé post le Blackburn Rovers, a chlub deireanach mar pheileadóir.