Tommy Makem

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTommy Makem

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Samhain 1932
An Céide, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Lúnasa 2007
74 bliana d'aois
Dover, New Hampshire, New Hampshire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse scamhóg)
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, bainseóí, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1956 –
SeánraCeol traidisiúnta
TeangachaBéarla
UirlisBainseó agus ceol gutha
Lipéad ceoilColumbia Records Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmakem.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0538481 Last fm: Tommy+Makem Musicbrainz: ed29f6fa-ca96-47f7-9c7e-b9f2f11f30e4 Songkick: 504389 Discogs: 476062 Allmusic: mn0000936946 Find a Grave: 20747498 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir, amhránaí agus scéalaí Éireannach ab ea Thomas Patrick 'Tommy' Makem (4 Samhain, 19321 Lúnasa, 2007). Thuill sé aitheantas ar dtús mar bhall den ghrúpa The Clancy Brothers and Tommy Makem.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Makem ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sa bhliain 1955.

Thosaigh na deartháireacha Clancy (Tom, Paddy agus Liam) agus Tommy Makem ag seinm amhráin tíre na hÉireann le chéile sna i lár na 1950idí. Tháinig an chéad albam, ' The Rising of the Moon' amach sa bhliain 1956. Ar dtús, bhíodh an ceathrar acu ag canadh le chéile, go hiondúil in armóin /i gcomhcheol, le giotár agus faoi dheireadh le tionlacan bainseó Tommy Makem.[2]

Bhí an cóiriú agus an canadh níos cosúla le grúpaí Meiriceánacha ná le grúpaí traidisiúnta in Éirinn. Ach bhí tionchar nach beag acu ar na hamhránaithe tíre timpeall an ama seo.

Níor aontaigh go leor ceoltóirí traidisiúnta in Éirinn leis an gceol a bhí ar siúl ag na muintir Clancy agus Tommy Makem. Ach sna Stáit Aontaithe, bhí Bob Dylan agus amhránaithe tíre eile faoi gheasa ag éisteacht agus ag faire orthu.[3] Nuair a bhog Bob Dylan go dtí Greenwich Village, Nua-Eabhrac, i dtús na seascaidí agus é ina fhear óg, chas ségo rialta leo.

Sna 1960idí, bhí na Clancy Brothers agus Tommy Makem in ard a réime i Meiriceá.

In Éirinn, bhí athbheochan an cheoil traidisiúnta faoi lán tseoil. Sheinn Ciarán Mac Mathúna a gcuid amhrán ar an raidió náisiúnta agus d’éirigh Makem agus na Clancy Brothers níos clúití in Éirinn.

De réir mar a chuaigh na 1960idí ar aghaidh, thosaigh grúpaí eile ag déanamh aithrise ar an stíl a bhí ag na deartháireacha Clancy agus Tommy Makem.

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ar an amhránaíocht is mó a bhí an bhéim i gceol na ndeartháireacha Clancy agus Tommy Makem agus thug siad inspioráid do ghrúpaí cosúil leis na Dubliners, Na Furey Brothers agus Sweeney’s Men.[2]

Tá roinnt dá n-amhráin ón albam ‘The Boys Won’t Leave The Girls Alone’ fós le cloisteáil, mar shampla, ‘I’ll Tell Me Ma’, ‘As I Roved Out’, 'Will You Go Lassie Go?' agus ‘The Old Woman From Wexford’.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trom ar an tobac nuair a bhí sé óg, bhuail ailse scamhóg é. Cailleadh Tommy Makem ar an 1 Lúnasa 2007 i New Hampshire, in aois 74 bliain dó.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Spailpín (2007-08-03). "Ag Ceiliúradh Tommy Makem Tar Éis a Bhás". An Spailpín Fánach. Dáta rochtana: 2022-08-01.
  2. 2.0 2.1 COGG. "Athbheochan ar Cheol Tíre". Dáta rochtana: 2022.[nasc briste go buan]
  3. Seán Tadhg Ó Gairbhí (22 Aibreán 2020). "Is mise Bob Dylan an file… An bhfuil an buaiteoir Nobel ag tarraingt as filíocht na Gaeilge ina amhrán nua?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-01.