Armóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilArmóin
Cineálwind instrument with keyboard (en) Aistrigh, sets of free reeds (en) Aistrigh agus non-piped organ (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs412.132
AireagóirChristian Gottlieb Kratzenstein agus Alexandre Debain
Gairm ealaíontaharmonium player (en) Aistrigh

Orgán beag lena gcastar nótaí ceoil is ea an armóin. Ciallaíonn an focal "armóin" gléasadh nó cóiriú taitneamhach ar nótaí ceoil freisin ach sa chás seo, táimid ag caint faoin uirlis cheoil a fheictear sa ghrianghraf taobh leis an alt seo. Is uirlis ghaoithe atá san armóin ina n-úsáidtear giolcacha a bhogann go saor leis an bhfuaim a dhéanamh. Tá méarchlár agus gaireas séidte inti. D'fhéadfaí "armóineadóir" a thabhairt ar an duine a sheinneann an armóin, is dócha.

Tá bunús na harmóine le fáil san uirlis le giolcacha saora a chruthaigh Grenié (fear ón bhFrainc) ag tús an 19ú haois. B'éard a bhí aige ná uirlis bunaithe ar phíopaí orgáin le giolcacha saora a bhí curtha ar ghaireas séidte a bhí á smachtú ag brú athraitheach gaoithe. Murab ionann agus na giolcacha a bhíonn ag bualadh in orgán píopa, is féidir leis na giolcacha saora airde fuaime athraitheach thonnchreatha a láimhseáil agus réimse leathan airde ceoil ó phianissimo go fortissimo a léiriú de bharr an bhealaigh ina gcritheann siad agus é seo ar fad gan athrú suntasach sa ghléasadh.

Ba é an Francach Alexandre-François Debain a chéadcheap an armóin i ndáiríre, í bunaithe ar uirlis Ghrenié agus fuair sé paitinn di i 1842. B'iad Jakob Alexandre (1804-1876) agus a mhac Edouard (1824-1888) i bpáirt le Victor Mustel a thug an uirlis chun foirfeachta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]