The Clancy Brothers
Baill | |
---|---|
Liam Clancy (Carraig na Siúire, 2 Meán Fómhair 1935 - Corcaigh, 4 Nollaig 2009). Amhránaí | |
Sonraí | |
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1956, Contae Thiobraid Árann |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1956 – |
Lipéad ceoil | Tradition Records Audio Fidelity Columbia Records |
Seánra | Ceol Ceilteach |
Thosaigh an grúpa cheol, The Clancy Brothers, nó na Deartháireacha Clancy (Tom, Paddy agus Liam), in éineacht le Tommy Makem ag seinm amhráin tíre na hÉireann le chéile sna i lár na 1950idí.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh muintir Clancy ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sna luath-1950idí (Makem, an ceann deireannach, sa bhliain 1955)..
Tháinig an chéad albam, ' The Rising of the Moon' amach sa bhliain 1956. Ar dtús, bhíodh an ceathrar acu ag canadh le chéile, go hiondúil in armóin /i gcomhcheol, le giotár agus faoi dheireadh le tionlacan bainseó Tommy Makem.[1]
Bhí an cóiriú agus an canadh níos cosúla le grúpaí Meiriceánacha ná le grúpaí traidisiúnta in Éirinn. Ach bhí tionchar nach beag acu ar na hamhránaithe tíre timpeall an ama seo. Nuair a bhog Bob Dylan go dtí Greenwich Village, Nua-Eabhrac, i dtús na seascaidí agus é ina fhear óg, bhí Dylan faoi gheasa ag The Clancy Brothers agus Tommy Makem.
Níor aontaigh go leor ceoltóirí traidisiúnta in Éirinn leis an gceol a bhí ar siúl ag muintir Clancy. Ach sna Stáit Aontaithe, bhí Bob Dylan agus amhránaithe tíre eile faoi gheasa ag éisteacht agus ag faire orthu.[2] Sna 1960idí, bhí na Clancy Brothers agus Tommy Makem in ard a réime i Meiriceá.
In Éirinn, bhí athbheochan an cheoil traidisiúnta faoi lán tseoil. Sheinn Ciarán Mac Mathúna a gcuid amhrán ar an raidió náisiúnta agus d’éirigh na Clancy Brothers níos clúití in Éirinn.
De réir mar a chuaigh na 1960idí ar aghaidh, thosaigh grúpaí eile ag déanamh aithrise ar an stíl a bhí ag na deartháireacha Clancy.
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ar an amhránaíocht is mó a bhí an bhéim i gceol na ndeartháireacha Clancy agus Tommy Makem agus thug siad inspioráid do ghrúpaí cosúil leis na Dubliners, Na Furey Brothers agus Sweeney’s Men.[1]
Tá roinnt dá n-amhráin ón albam ‘The Boys Won’t Leave The Girls Alone’ fós le cloisteáil, mar shampla, ‘I’ll Tell Me Ma’, ‘As I Roved Out’, 'Will You Go Lassie Go?' agus ‘The Old Woman From Wexford’.
Baill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 COGG. "Athbheochan ar Cheol Tíre". Dáta rochtana: 2022.[nasc briste go buan]
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (22 Aibreán 2020). "Is mise Bob Dylan an file… An bhfuil an buaiteoir Nobel ag tarraingt as filíocht na Gaeilge ina amhrán nua?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-01.