Grace Kelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Grace Kelly
Dial M for Murder1.jpg
Ainm breithe Grace Patricia Kelly
Breith 12 Samhain, 1929
  Philadelphia, Pennsylvania
Bás 14 Meán Fómhair, 1982
  Monte Carlo, Monacó
Náisiúntacht Meiriceánach
Gníomhach 1950 - 1956
Gradaim 1 Oscar
3 Golden Globe
Céile Rainier III, Monacó (1956-82)

Ban-aisteoir Meiriceánach agus réalta faisin ba ea Grace Kelly, nó níos déanaí Grace, Banphrionsa Mhonacó, de phór Éireannach (12 Samhain, 192914 Meán Fómhair, 1982).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Grace Kelly, ag MGM

Tháinig seanathair Grace as Baile Uí Fhiacháin, i gContae Mhaigh Eo.[1]

Sna 1950idí, d'oibrigh Kelly ar an stáitse agus i scannáin de chuid Hollywood. Sa bhliain 1955, bhí Oscar bronnta uirthi as a páirt in The Country Girl, agus í i mbarr a réime gairmiúla.

Sa bhliain chéanna, d’eagraigh Paris Match deis fótagrafaíochta leis an bPrionsa Rainier ag an bPálás Ríoga in Monte Carlo. Níor aontaigh an bheirt a bhí i gceist leis ach go drogallach, is cosúil.[2] Níor thúisce le chéile iad ná go raibh siad pósta

1972

Rinne an Phrionsa Rainier aistear chuig na Stáit Aontaithe i mí na Nollag – ar chúiseanna leighis, mar dhea – inar chaith sé an Nollaig le muintir Uí Cheallaigh agus inar iarr sé ar Grace é a phósadh. Ansin d'fhill Grace go Monacó san earrach dár gcionn chun pósadh. Phós sí Prionsa Mhonacó, Rainier III, ar 19 Aibreán 1956 agus d'fhág sí Hollywood.

Chaith Grace Kelly an chuid eile dá saol i Monacó.

Bhí triúr páiste ag Grace Kelly: an prionsa Albert agus na banphrionsaí Caroline agus Stéphanie.

Fuair Grace Kelly bás de bharr stróc agus í ag tiomáint, ar an 14 Meán Fómhair 1982.

Grace in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

High Noon, 1952

Bhí Grace Kelly an-mhórtasach as a dúchas Éireannach. Mar shampls bhunaigh sí leabharlann Éireannach.[3] Thug sí cúpla cuairt ar Éireann sna 1960dí agus na 1970idí (thug  an Lánúin Ríoga cuairt stáit ar Éirinn[4] don chéad uair sa bhliain 1961).[5]

Chabhraigh Grace Kelly go mór saol an fhaisin in ÉIrinn a chur chun cinn nuair a chaith sí geansaí Árann i bpictiúir di féin faoi theas na gréine ar luamh ar an Meánmhuir, pictiúr a bhí ar chlúdach na hirise Vogue i lár na 1950idí.  

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mogambo, 1953

Chuir an AFI (Institiúd Scannáin Mheiriceá) Kelly in airde ag #13 i measc na mbanréaltaí scannáin is fearr a bhí ann riamh.

Tháinig mac le Grace Kelly, Ailbhe II (Albert Alexandre Louis Pierre Grimaldi), i gcomharbas ar a athair Rainier III sa bhliain 2005.

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1951 : Fourteen Hours
  • 1952 : High Noon
  • 1953 : Mogambo
  • 1954 : Dial M for Murder
  • 1954 : Green Fire
  • To Catch a Thief, 1955
    1954 : Rear Window
  • 1954 : The Country Girl
  • 1954 : The Bridges at Toko-Ri
  • 1955 : To Catch a Thief
  • 1956 : The Swan
  • 1956 : High Society

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Thomas Harding (2005-04-17). "How Princess Grace's ancestral home fell into ruins" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-19.
  2. "Taispeántais | Castletown" (ga) (29 Bealtaine – 30 Meán Fómhair 2017, Gailearaí, Dara hUrlár, Teach Bhaile an Chaisleáin). Dáta rochtana: 2020-04-19.
  3. "The Princess Grace Irish Library, Monaco". www.visitmonaco.com. Dáta rochtana: 2020-04-19.
  4. Breege Rowley (2014-01-23). "Marion agus an Banphrionsa,". 
  5. "Marion and the Princess – Strut and bellow" (en-US). Dáta rochtana: 2020-04-19.