Luke Kelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLuke Kelly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Samhain 1940
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Eanáir 1984
43 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse inchinne)
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, giotáraí, bainseóí, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1960 –
Ball de
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann agus ceol tíre
TeangachaBéarla
UirlisBainseó agus ceol gutha
Teaghlach
CéileDeirdre O'Connell (1965–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinitsthedubliners.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1838881 Last fm: luke+kelly Musicbrainz: 2cb7db77-60d1-4ce7-af44-21e5163d01eb Songkick: 469075 Discogs: 899360 Find a Grave: 25736526 Cuir in eagar ar Wikidata

B’amhránaí Éireannach agus amhránaí ceol tíre é Luke Kelly, Lúcás Ó Ceallaigh as Gaeilge, (17 Samhain, 1940 - 30 Eanáir, 1984) as Baile Átha Cliath agus an ball is cáiliúla den ghrúpa The Dubliners.

Ba é an duine is mó sa ghluaiseacht ceol tíre in Éirinn sna seascaidí agus sna seachtóidí. B’as tuaisceart na cathrach é agus d’fhreastail sé ar Scoil Uí Chonaill sular imigh sé ar eisimirce go dtí an Bhreatain i 1958. B’ansin, ar dtús, a bhí sé bainteach le gluaiseacht idirnáisiúnta an cheoil tíre ina raibh Ewan McColl mar phríomhphearsa agus, ina theannta sin, chuaigh sé isteach i bPáirtí Cumannach na Breataine.

I 1962, tháinig Luke ar ais go Baile Átha Cliath agus gan mhoill bhí sé mar chroílár phobal an cheoil tíre, ag seinm i seisiúin i dteach tábhairne O’Donoghues ar Rae Mhuirfean le leithéidí Ronnie Drew, Barney McKenna agus The Fureys. Ina dhiaidh sin, chuir sé grúpa le chéile le Drew, McKenna, Ciarán Bourke agus John Sheehan agus The Dubliners an t-ainm a thug sé orthu. I 1965, phós sé Deirdre O’Connell, duine de bhunaitheoirí Amharclann an Focus.

I lár na seascaidí, d’aistrigh Luke go dtí an Bhreatain ar feadh tamaill. Nuair a tháinig sé ar ais, sheinn sé le The Dubliners arís. B’éachtaí móra ceolmhara iad a chuid leaganacha de ‘Raglan Road’ (an dán le Patrick Kavanagh) agus ‘Scorn not his Simplicity’ agus is pointí tagartha sainiúla iad i gceol tíre na hÉireann. Lean Luke air ag feidhmiú mar cheoltóir polaitiúil agus bhain go leor de na hamhráin a rinne sé le cúrsaí sóisialta, na hairm agus cogaí, cearta oibrithe agus an náisiúnachas Éireannach. (Is samplaí maithe iad ‘The Springhill Disaster’, ‘Second World Song’ ‘When Margaret was Eleven’ agus ‘God Save Ireland’ de na rudaí inar chreid sé). An t-ainm a bhí ar cheann de na ceirníní is tábhachtaí ná Revolution. Bhí sé seo suntasach ag an am san atmaisféar coimeádach a bhí i gceist i bPoblacht na hÉireann, go sóisialta agus go polaitiúil.

Luke curtha i Reilig Ghlas Naíon

Tughtha don ól, fuair sé amach go raibh sceachaill air sa bhliain 1980 agus fuair sé bás i 1984.

Is íocón é i mBaile Átha Cliath agus áirítear a chuid amhránaíochta mar cheann de sheoda cultúrtha na cathrach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]