John McGahern
John McGahern | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Samhain 12, 1934 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Ospidéal Príobháideach an Mater, Márta 30, 2006 |
Muintir | |
Céile/Céilí |
Maddy Green (en) ![]() |
Oideachas | |
Alma mater |
Coláiste Phádraig, Droim Conrach An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Baitsiléir Ealaíon |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | úrscéalaí, scríbhneoir, múinteoir ollscoile agus feirmeoir |
Fostóirí | Ollscoil Colgate |
Saothar iomráiteach |
The Barracks (en) ![]() The Dark (en) ![]() Amongst Women |
Duais |
liosta iomláin
|
Ballraíocht |
Aosdána Royal Society of Literature (en) ![]() |
Sloinnte | Sean |
IMDb | nm0568890 |
Úrscéalaí iomráiteach as Éirinn ab ea John McGahern (a rugadh 12 Samhain 1934 agus a d'éag 30 Márta 2006).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Saolaíodh é i mBéal an Átha Móir, Co Liatroma agus is ann a chónaigh sé go dtí gur shíothlaigh a mháthair, múinteoir bunscoile. Bhog an teaghlach go Contae Ros Comáin agus chuaigh siad chun cónaí lena athair, rud a bhí tionchar mór aige ar a shaol agus go háirithe ar a shaothar.
Cáilíodh é mar mhúinteoir bun scoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach agus chaith sé tréimhse ag teagasc i Scoil Eoin Bhaiste i gCluain Tarbh sular cuireadh iallach air éirí as a phost tar éis foilsiú The Dark dó, de dheasca go ndúradh go raibh baint ag an scéal le pornagrafaíocht.
Chaith sé seal sna Ríocht Aontaithe sular fhill sé ar Chontae Liatroma, áit ar luigh sé isteach go dúthrachtach leis an scríbhneoireacht.
Fuair sé bás de bharr ailse i mBaile Átha Cliath in aois 71 bliana dó. Adhlacadh é taobh lena mháthair ionúin in Achadh an Mhuilinn.
Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Úrscéalta
- The Barracks (1963).
- The Dark (1965)
- The Leavetaking (1975)
- The Pornographer (1980)
- Amongst Women (1990). Idir Mhná an t-aistriúchán le hIrene Duffy Lnych a d'fhoilsigh Coiscéim.
- That They May Face the Rising Sun (2001).
Fíor Scéalta
- Memoir (2005).
Bailiúcháin Ghearrscéalta
- Nightlines (1970)
- Getting Through (1978)
- High Ground (1985)
- The Collected Stories (1992).
- Creatures of the Earth: New and Selected Stories (2006)
Drámaí
- Sinclair (1971) (raidio)
- Swallows (1975) (teilifís)
- The Rockingham Shoot (1987) (teilifís)
- The Power of Darkness (1991) (amharchlann)
Scannáin
- Amongst Women Gearrshraith teilifíse 1998.
- Korea Scannán 1995