Domhnach na Fola (1887)
| ||||
Cineál | agóid ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 13 Samhain 1887 ![]() | |||
Suíomh | Cearnóg Trafalgar, England ![]() | |||
Tugadh Domhnach na Fola ar chíréib i Londain ar 13 Samhain 1887. D'eagraigh Léig Náisiúnta na hÉireann agus an Chónaidhm Raidiciúil an agóid. Gabhadh ball de Pharlaimint na Breataine, William O'Brien; ba é sin ba chúis amháin leis na círéibeacha.



Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a chlis an córas caipitleach in 1873, rud ar athghlaodh ‘An Spealadh Fada’ (Long Depression), thit praghas an bhia – cruthaíodh neart imirce ón tuath i dtreo na gcathracha. Chuaigh fadhbanna sóisialta agus dífhostaíochta sna bailte i dtreis, agus, ar ball, tháinig borradh faoin ngluaiseacht shóisialach i Sasana sna 1880dí.
Sheas an ghluaiseacht in éadan droch-chaighdeáin maireachtála, droch-choinníollacha oibre agus bhochtaineacht lucht oibre na tíre.
Thart faoin am céanna, bhí an ghluaiseacht ar son cearta talún agus neamhspleáchas na hÉireann go mór i mbéal lucht oibre Shasana.[1]
Teannas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh sé de nós ag an Socialist Democratic Federation agus An Irish National League léirsithe rialta a eagrú ar Chearnóg Trafalgar, óir ba láthair lárnach agus shiombalach í.
Chinn an stát cosc ar léirsithe i Mí Dheireadh Fómhair 1887. Rinne an ghluaiseacht shóisialach agus gluaiseacht na n-oibrithe neamhaird ar an gcinneadh agus eagraíodh léirsiú don 13 Samhain. Bhí sé mar sprioc ag an léirsiú cur i gcoinne an choisc ar shaoirse comhlachais agus aird a tharraingt ar an dífhostaíocht ollmhór i Londain. Chomh maith leis sin, bhí sé mar aidhm ag an léirsiú tacaíocht a léiriú do William O’Brien, an náisiúnaí agus gníomhaí talún Éireannach, a gabhadh tamaillín roimhe sin.[1]
Bhí go leor Éireannach i measc na n-oibrithe in Oirthear Chathair Londain an tráth sin chomh maith – mar sin bhí bá ar leith ann do streachailt na nÉireannach. Chruthaigh an léirsiú nasc cumhachtach idir na hagóidí ar son chearta an luchta oibre i Sasana agus an dlúthpháirtíocht frith-choilíneach.
Bhí buairt ar leith ar na húdaráis go gcruthófaí nasc idir an ghluaiseacht náisiúnach in Éirinn agus fearg an luchta oibre i Londain. I Mí Dheireadh Fómhair scríobh ceannasaí Póilíní Chathair Londain, Sir Charles Warren, chuig Herbert Matthews, an Rúnaí Baile, ag lorg 20,000 constábla speisialta chun déileáil le cruinnithe sóisialach i Londain. D’áitigh Warren go raibh ‘contúirt ollmhór’ ann go ndéanfaí ionsaí ar an sealúchas agus go raibh na cainteoirí ag na cruinnithe ‘ag moladh do na haicmí bochta saibhreas na huasaicme a sciobadh’.[1]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an lá, bhailigh 10,000 duine ar Chearnóg Trafalgar. I measc na gcinnirí, bhí leithéidí Eleanor Marx, Annie Besant, William Morris agus George Bernard Shaw.
Is i lár na cathrach, Cearnóg Trafalgar, a bhí an chuid ba mheasa den chíréib. Bhí suas le 10,000 daoine i láthair. Bhí 2,000 póilíní agus 400 saighdiúirí, chomh maith le póilíní ar chapaill, ag iarraidh stop a chur leis an agóid. Rinne cinnirí na léirsitheoirí iarracht an chearnóg a shroicheadh, ach sheas fórsaí an stáit idir iad agus a sprioc. Níor éirigh leo smacht a fháil ar an drong a bhí i mbun na círéibe. Bhris foréigean amach idir na círéibeoirí agus na póilíní.
Chuaigh an chíréib chun scaoil. Gortaíodh na céadta daoine (mná agus páistí san áireamh). Cuireadh deireadh leis an gcíréib go danartha. Fuair ar a laghad triúr bás. Gabhadh 200 duine.[1]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí uafás ar sciar maith den phobal mar gheall ar an méid a tharla.
Bhí Alfred Linnell ar cheann de na daoine a básaíodh nuair a shatail ceann de chapaill na bpóilíní air. D’fhreastail na mílte ar a shochraid agus cháin leithéidí an scríbhneora George Bernard Shaw agus an cheannaire shóisialaigh Annie Besant an rialtas.
Spreag Domhnach na Fola tuilleadh gníomhaíochtaí sóisialacha ar son cearta oibrithe agus saoirse cainte ar fud na Breataine. Ba chor cinniúnach Domhnach na Fola, 1887. Oscailt súl a bhí sna círéibeacha don rialtas. Laistigh de scór bliain nó mar sin, tháinig brú mór ar pholaiteoirí Liobrálacha córas leasa shóisialaigh a bhunú de bharr na streachailte leanúnaí lena n-áirítear eachtraí ar nós Dhomhnach na Fola.v
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Kerron Ó Luain (2024-11-22). "Domhnach na Fola, 1887 – An Páipéar". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-11-22. Dáta rochtana: 2024-11-22.