Ned Kelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNed Kelly

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Edward Kelly
Nollaig 1854
Beveridge (Impireacht na Breataine)
Bás11 Samhain 1880
25 bliana d'aois
Seanphríosún Melbourne (Impireacht na Breataine)
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Áit adhlacthaGreta Cemetery (en) Aistrigh (2013–)
HM Prison Pentridge (en) Aistrigh (1929–2011)
Seanphríosún Melbourne (–1929) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbushranger (en) Aistrigh, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
AthairJohn "Red" Kelly  agus Ellen Kelly
SiblínDan Kelly agus Kate Kelly
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 12694 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Edward "Ned" Kelly (Gaeilge: Éadbhard Ó Ceallaigh; Meitheamh, 1854/Meitheamh, 1855 - 11 Samhain 1880) an meirleach[1] ba mhó cáil san Astráil.[2] Ní raibh sé ach cúig bliana is fiche nuair a crochadh é sa bhliain 1880. D’éirigh leis an-cháil a bhaint amach i rith a shaoil ghairid, áfach.[3][4][5]

Ned Kelly in 1874

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

trodaíocht dhorn-nochta i mBeechworth, Victoria, 1874

Sinsearacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba de bhunadh Éireannach é Ned Kelly. B’as Contae Aontroma a mháthair. Ba mhac le inimirceach Éireannach as Tiobraid Árann é, John "Red" Kelly, a cuireadh chun na Tasmáine sa bhliain 1841, ós rud gur ghoid sé dhá mhuicín. Chaith sé seacht mbliana faoi ghlas sular scaoileadh saor é agus bhuail sé le Ellen Quinn, as Contae Aontroma. Pósadh iad ar 18 Samhain 1850 agus rugadh ochtar páiste dóibh: Mary, Annie, Ned, Maggie, Jim, Dan, Kate agus Grace.

Coireanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

os comhair na cúirte, ó The Illustrated Australian News, 1880

Chaith Ned, a dheartháir Dan agus beirt comhghleacaí leo, an drong Kelly, blianta ar a dteitheadh de bharr eachtra inar maraíodh triúr póilíní. Le linn an ama sin robáil siad dhá bhanc agus rinne siad coireanna eile.

Gabhadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

os comhair na cúirte, ó The Illustrated Australian News, 1880

Bhí na póilíní sa tóir ar dhrong an Cheallaigh ar feadh dhá bhliain. Ar deireadh thiar tháinig an drong Kelly go Glenrowan, áit ar chaith siad dhá lá ag réiteach d’ionsaí na bpóilíní.[6][3]

Nuair a thug na póilíní ruathar faoin áit, maraíodh a thriúr comrádaí, Gaeil gach mac máthar acu, agus gabhadh Ned.

Scannán sa bhliain 1906, The Story of the Kelly Gang

Triail agus basú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a ghabh na póilíní Ned i Glenrowan, Victoria, cuireadh chun a thrialach i Melbourne Victoria é, agus daoradh é chun báis.

Glactar leis go forleathan anois nár tugadh cothrom na Féinne dó agus é ar a thriail. Shínigh 60,000 duine achainí thrócaire ag an am.

Dhaor an breitheamh, an Ridire Redmond Barry – Éireannach eile-– chun báis é. Maítear go raibh na focail dheireanacha cháiliúla seo aige: “Such is Life”.

Crochadh an Ceallach ar 11 Samhain 1880, gan ach cúig bliana is fiche slánaithe aige.

D’iarr an Ceallach ar na húdaráis a chorp a chur i dtalamh coisricthe, ach caitheadh a chorp in aolchlais le coirp na gcimí eile a crochadh um an dtaca sin.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Ned Kelly an Gael is clúití i stair na hAstráile Mar bharr ar an donas, tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach ar an dóigh a dhéanann bunáite muintir na hAstráile meas ar cháil na nGael abhus anois.

Reáchtáladh a thórramh sa bhliain 2013 i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh).[7] Ceiliúradh Aifreann éagnairce i bparóiste Naomh Pádraig in Wangaratta, an baile is mó i ndúiche Uí Cheallaigh, i mí Eanáir 2013.[8]

Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé ráite gurb é naoú huair déag a bhfuil scéal Ned Kelly tugtha chuig an scáileán beag is mór agus gach duine ó Heath Ledger go Mick Jagger tar éis a léiriú féin a dhéanamh ar an laoch / fhrithlaoch de bhunadh na hÉireann.[9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ach tugann na hAstrálaigh "bushrangers" ar na "ceithearnaigh coille" a bhí gníomhach faoin tuaith sa dara leath den naoú haois déag ... agus ba Ghaeil iad cuid nach beag acu.
  2. Bearnaí Ó Doibhlin (2013). "Ned Kelly agus Cáil Ghaeil na hAstráile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-11.
  3. 3.0 3.1 Dáithí Ó Colchúin (EAGRÁN 5 · MEÁN FÓMHAIR 2001). "Ned Kelly - laoch nó cladhaire?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-11.
  4. Peter Carey (2000). "True History of the Kelly Gang". 
  5. Bearnaí Ó Doibhlin (2011). "Léargas ar Éireannaigh na hAstráile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-11.
  6. Ach ní ócáid róghruama a bhí sa deireadh seachtaine. Bhí sé de cháil ar an Glenrowan Inn go mbíodh uaineoil rósta den scoth le fáil ann. Chaith Ned agus a chomhluadar cuid den deireadh seachtaine ag damhsa cuadraille le bean an tí agus a hiníon agus seinneadh neart ceoil ar an gconsairtín.
  7. "Ned Kelly: The outlaw who divides a nation" (en-GB). BBC News (2013-01-20). Dáta rochtana: 2020-11-11.
  8. Bearnaí Ó Doibhlin (2013). "Ned Kelly agus Cáil Ghaeil na hAstráile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-11.
  9. Breandán M Mac Gearailt (15 Márta 2020). "Scéal mhadra na n-ocht gcos déanta den True History of the Kelly Gang" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-22.